Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhógair TG4 inniu go bhfuil Trevor Ó Clochartaigh ceaptha aige mar Bhainisteoir Cumarsáide, folúntas atá á líonadh tar éis comórtais earcaithe a fógraíodh go poiblí. Rachaidh Trevor i mbun a chúraimí nua le TG4 ag tús na Márta.

Trevor Ó Clochartaigh ceaptha mar Bhainisteoir Cumarsáide ag TG4

05.02.18

Is cainteoir dúchais Gaeilge ó Ghaeltacht na Gaillimhe é Trevor a bhfuil taithí fhada, ilghnéitheach ghairmiúil aige in earnálacha na teilifíse, na meán, na n-ealaíon agus in obair phobail ag leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta.

Is i Huddersfield Shasana, a rugadh é de bhunadh Chonamara. Bhain sé céim Tráchtála amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ina shaol oibre ina dhiaidh sin, chaith sé tréimhsí mar Bhainisteoir Tionscadail le Gaelscéal, mar Léiritheoir Sraithe ar an sobaldhráma teilifíse Ros na Rún, mar Stiúrthóir Ealaíne le Taibhdhearc na Gaillimhe agus leis an gcompántas amharclainne Na Fánaithe.

Tá tréimhsí caite aige freisin ina Bhainisteoir le heagrais éagsúla pobail sa nGaeltacht, ina measc Cumas/MFG agus Comhairle Ceantar na nOileán. Is ar an gCeathrú Rua atá cónaí air féin agus a theaghlach le fada.

Tá sé ina bhall de Sheanad Éireann ó 2011 agus taithí mhaith leathan faighte aige sa ról sin ar na meáin chumarsáide réigiúnacha, shóisialta agus náisiúnta, sa dá theanga.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont roimh an gceapachán.  “Is post nua é seo againn i TG4,” a dúirt sé “agus bhíomar thar a bheith sásta le hardchaighdeán na n-iarrthóirí a chuir isteach air. Tá áthas orainn go bhfuil duine ceaptha againn a bhfuil taithí fhairsing sna healaíona, san earnáil teilifíse agus mar ghníomhaí pobail gan trácht ar a chumas iontach cumarsáide sa dá theanga. Is tráthúil freisin go bhfuil sé á cheapadh agus muid ag cur tús le  feidhmiú an Phleain nua Straitéise 2018 – 2022 atá dréachtaithe againn agus díreach curtha ar fáil don Údarás Craolacháin. Beidh ról lárnach ag Trevor, i bpáirt leis na léiritheoirí neamhspleácha agus le foireann TG4 le deimhniú go bhfuil ár saothar feiceálach sna meáin agus i mbéal an phobail.”

Deir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé féin ag súil go mór leis an dúshlán nua seo:  “Déanann TG4 éacht laethúil lena sheirbhís il-ardáin Ghaeilge agus is i ngéire atá an iomaíocht ag dul dúinn – ach tugann ardchaighdeán an ábhair agus meas an phobail air, cúis mhisnigh agus dóchais dúinn,”  a dúirt sé.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: