Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Clár beo á léiriú ag TG4 agus Tyrone Productions i gcomhpháirtíocht le LIDL agus an LGFA le Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2018 a Chéiliúradh.

‘Seó Beo Pheil na mBan le Lidl’ – Clár Siamsaíochta Spleodrach Nua ar TG4 le Céiliúradh a dhéanamh ar Chluiche Ceannais Pheil na mBan 2018

10.09.18

Craolfar an clár ar TG4 ag 9.30pm ar 15 Meán Fomhair – an oíche roimh an trí chluiche is mó ar fhéilire an LGFA. I rith an seó, déanfar iniúchadh ar an gcraobhchomórtas, ar na cluichí a bheidh ag tárlú an lá dár gcionn, ar shaolta réaltaí spóirt baineann na tíre agus ar scéalta ban na hÉirinn i 2018.

Beidh an seó curtha i láthair ag Gráinne McElwain agus Daithí Ó Sé agus craolfar é beo ón Teach Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Is iomaí duine mór le rá a bheidh i láthair ar an oíche; ina measc iar-bhuaiteoirí Chorn Brendan Martin, réaltaí spóirt ar nós Fiona Coghlan – iar-Chaptaen Fhoireann Rugbaí na hÉireann, Val Mulchay – Iar-imreoir peile le foireann Chorcaí, Ellen Keane – an snámhóir parailimpeach agus Nicci Daly – an t-imreoir haca. Chomh maith le daoine ó dhomhan an spóirt, buailfear le mná mór le rá ó dhomhan an ghnó agus domhan an cheoil maraon le muintir na himreoirí agus imreoirí idir-chontae nár éirigh leo dul chomh fada leis an gcraobh.

Chomh maith le go leor cainte beidh ceol agus ceoltóirí den scoth le cloisteáil ar an gclár – ina measc beidh Áine Cahill, John Spillane agus Lucia Evans.

Anois, níos mó ná riamh, tá beocht faoi leith ag baint le peil na mban. ‘Sé an spórt leis an bhfás is mó sa tír é – anuraidh d’fhreastal 46,286 duine ar chraobh peile na mban – an lucht féachana is mó ag aon ócáid spóirt do mhná i 2017. Anuas ar sin, d’fhéach 56,300 daoine ar an gcluiche ar TG4.

Seasfaidh painéil bhríomhara mar chnámh droma an chláir. Beidh na painéil seo measctha le go leor ceoil agus siamsaíocht ó rogha leathan do dhaoine mór le rá. Chomh maith leis an gcaint agus ceol cloisfear ó na himreoirí iad féin i bhfíseanna corraitheacha a chaithfidh súil ar na hullmhúcháin, an traenáil agus na híobartha a bhíonn i gceist le dul chomh fada le Craobh na hÉireann.

Ar an Domhnach 16 Meán Fómhair beidh craoladh beo ar Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas Pheil na mBan TG4 ó Pháirc an Chrócaigh i Peil na mBan Beo. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais na Sinsear ag 4pm, tabharfaidh Tír Eoghain aghaidh ar an Mhí sa Cluiche Ceannais Idirmheánach ag 1:45pm agus tabharfaidh an Lú aghaidh ar Luimneach i gCluiche Ceannais na Sóisear ag 11:45am. Cé a thabharfaidh leo Corn Brendan Martin? Á chur i láthair ag Gráinne McElwain agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Bí linn ag 9.30pm Satharn 15 Meán Fómhair ar TG4. Labhair Linn ar Twitter ag baint leas as an haischlib #properfan

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: