Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thug dhá chlár a choimisiúnaigh TG4 mór dhuaiseanna leo inniu ag tús Fhéile na meáin ceilteach i Llanelli sa Bhreatain Bheag.

Dhá dhuais buaite ag cláracha TG4 ag Féile na Meáin Cheilteach

02.05.18

Bronnadh an Torc don clár beochana ar An Béal Bocht agus thug Rocky Ros Muc leis duais na gclár spóirt.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús.  Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. I Llanelli sa Bhreatain Bheag atá Féile na bliana seo, an 39ú ceann ó bunaíodh í.  (www.celticmediafestival.co.uk).

Leagan beochana é An Béal Bocht den aoir aitheanta le Myles na gCopaleen (Brian Ó Nualláin), an t-aon leabhar Gaeilge óna pheann agus an saothar is greannmhaire ar fad, uaidh, meastar. Sa mbliain 1941 a foilsíodh an bunsaothar, dírbheathaisnéis, mar dhea, ógfhir Ghaeltachta atá i nGéibheann Shligigh agus é ag cuimhneamh siar ar a óige i mbochtaineacht na tuaithe agus ar na foghlaimeoirí Gaeilge a thagadh ann sa samhradh. Seo anois é, curtha i láthair den chéad uair don scáileán agus sin déanta go healaíonta mar shaothar anamúlachta, an chéad iarracht sa bhformáid áirithe seo ag an stiúrthóir aitheanta, Tom Collins. Léiriú é de chuid Raw Nerve Productions Limited a fuair maoiniú ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Tá an scannán ar fáil anseo https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5686543502001

Pictiúir ar fáil anseo https://flic.kr/s/aHskxdTwqZ

Is fadscannán faisnéise é Rocky Ros Muc  a insíonn scéal Sheáin Uí Mhainnín, an dornálaí is iomráití riamh as Conamara, ach a chuimsíonn go leor gnéithe eile dá shaol le léargas géarchúiseach a thabhairt ar raon leathan ábhar – imirce, cathú na coiriúlachta, an grá agus cumha an deoraí i ndiaidh an bhaile. Tá an saothar seo bunaithe ar dhuais-leabhar Rónáin Mhic Con Iomaire den teideal céanna. Bíodh gurbh as pobal iargúlta Gaeltachta a fáisceadh é agus go raibh cúrsaí eacnamaíochta in Éirinn go dona agus é ag teacht in inmhe in Éirinn sna 1970í,  thug a chumas sa dornálaíocht deiseanna go leor dó. Tá duaiseanna eile buaite ag an saothar seo, ina measc duais ag Féile Scannán Éireannach Bhostúin agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Léiriú é de chuid Below the Radar Productions a fuair maoiniú ó TG4, ó Bhord Scannán na hÉireann, ó Chiste Fuaim agus Fís, Údarás Craolacháin na hÉireann, ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann agus ó MG Alba.

Tá an scannán ar fáil anseo https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5686749886001

Pictiúir ar fáil anseo https://flic.kr/s/aHsmjKpRkk

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradaim chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite ag An Béal Bocht agus ag Rocky Ros Muc ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: