Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sa chéad scannán, The Camino Voyage, a bheidh ar taispeáint ag a 6 i.n. inniu in Amharclann Halla na Cathrach, ríomhtar scéal chriú ar a raibh Scríbhneoir, beirt Cheoltóirí, Ealaíontóir agus Saor Cloiche, a thug bealach an Chamino thar farraige orthu féin i mbád de chineál traidisiúnta dá ndéantús féin, aistear mara spreagúil contúirteach, mar a bheadh ceann de sheanscéalta na n-iomramh ann, 2,500 km an bealach ar fad as Éirinn go Tuaisceart na Spáinne.
Beidh an dara scannán, Lomax in Éirinn, ina gcíorann Pól Ó Braonáin an ghrúpa Clannad an chaoi a dtáinig Alan Lomax, bailitheoir amhrán as Meiriceá go hÉirinn ar an gcéad chuid de mhisean a chuir sé roimhe ceol na ndaoine ar fud an domhain a thabhairt slán, á thaispeáint ag 8 i.n. i bPictiúrlann an Pháláis.

Dhá aistear spreagúla á léiriú i scannáin de chuid TG4 ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

11.07.18

The Camino Voyage: Ar feadh na gcianta, bhíodh daoine ag seoladh as Éirinn go La Coruña i dtuaisceart na Spáinne go siúlaidís an Camino go Santiago de Compostela. Thosaigh an criú spreagúil seo ar a leagan féin den aistear stairiúil sin sa bhliain 2014. Chuaigh siad i dtír i mbailte móra agus i mbailte beaga le cósta ar an mbealach, ag campáil agus ag cócaráil de réir mar a bhí siad ag dul ar aghaidh, agus ag ceangal cairdis le daoine a casadh leo ar an mbealach.  Bhí gach dream fial flaithiúil leo agus roinn criú an bháid dá réir scéalta faoi chrógacht, calmacht agus seasmhacht chomh maith le ceol, amhránaíocht agus filíocht ar an sean-nós is nádúrtha agus is seanbhunaithe dá bhfuil ann.  Agus Danny ag leanúint leis an aistear ó dheas sa bhliain 2017, tharla go tragóideach go bhfuair sé bás tar éis don naomhóg iompú ar a béal fúithi.  Ní beag líon na ndaoine ar fhág flaithiúlacht agus croí Danny lorg ar a saol. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Feictear na Ceoltóirí Glen Hansard agus Breanndán Ó Beaglaoich, an tEalaíontóir Liam Holden, an Saor Cloiche Breandán Moriarty & Danny Mac an tSíthigh (1951-2017), an Scríbhneoir agus File nach maireann.

Léiriú de chuid Anú Pictures.
Giota ón scannán https://youtu.be/VJ5S-ifzAQg

Lomax in Éirinn: Is é a bhí d’aisling ag Alan Lomax ceol an domhain a thaifeadadh agus a chur ar chaoi a shábhála.  In Éirinn a chuir sé tús leis an turas d’fhonn sin a dhéanamh sa bhliain 1951.  Ríomhtar an scéal taobh thiar den turas sin in Lomax in Éirinn agus léirítear gur tháinig de thoradh air an chéad fhadcheirnín riamh de cheol na hÉireann – an t-albam a chuir ceol na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir.

Ar theacht go hÉirinn dó sa bhliain 1951, bhí Alan Lomax ag féachaint le traidisiún a chaomhnú ar bheag le cuid mhór de mhuintir na hÉireann é ag an am.  Scríobh Lomax: “The last notes of the old, high and beautiful Irish civilization are dying away. A civilization which produced an epic, lyrical and musical literature as noble as any in the world.” Fiche bliain dar gcionn, chuidigh an méid a thaifead seisean le hathbheochan cheol na hÉireann ag bannaí de leithéid Planxty, The Bothy Band agus Clannad a spreagadh i rith na 1970idí. Ar na daoine atá le feiceáil agus le cloisteáil sa scannán Lomax in Éirinn, tá Iarla Ó Lionáird (The Gloaming), John Spillane, Brian Mullan, Ian Lee, Grace Toland, Danny Diamond, Nicholas Carolan agus Deirdre Ní Chonghaile.

Cloistear ceol (a rinne Lomax a chaomhnú) á sheinm agus á chanadh go speisialta don scannán Lomax in Éirinn ag ceoltóirí de chuid na linne seo Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, The Tulla Céilí Band agus Nell Ní Chróinín.

Léiriú de chuid Aisling Productions.
Giota ón scannán https://www.youtube.com/watch?v=_f28mjMlb1U

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: