Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá na sonraí a bhaineann leis an gclár ‘Dornálaíocht Beo – Live Boxing’ a bheidh le craoladh ag 8.30pm an 7 Nollaig fógartha ag TG4.

3 Uair an Chloig de Dhornálaíocht Ghairmiúil le Craoladh ar TG4 i gcomhar le Assassin Promotions

04.12.18

Is í Máire Treasa Ní Cheallaigh a chuirfidh craoladh beo ar na babhtaí dornálaíochta a bheidh ag Ray Moylette, Gary Spike O’Sullivan, Roy Sheahan agus neart eile i láthair agus is iad Seán Bán Breathnach agus Kenneth Egan a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Is iad Jason Quigley, seaimpín reatha Meánmheáchain an NABF, laoch Ros Muc, Seán Ó Mainnín, iar-sheaimpín aontaithe an Domhain, Ryan Burnett agus Darren O’Neill a bhain Bonn Airgid amach i gCraobhchomórtas na hEorpa a bheidh i mbun anailíse.

Dúirt Ceannaire Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha: “Tá ríméad ar TG4 dul i gcomhar le Assassin Promotions arís chun an tsároíche dornálaíochta seo a chraoladh. Tá sé tábhachtach go mbeadh ardán ag lucht dornálaíochta na hÉireann chun a gcuid tallainne a chur os comhair an phobail agus tá áthas orainn go bhfuilimid ábalta sároíche dornálaíochta amhail na hoíche seo a chraoladh saor go haer.”

Dúirt Conor Slater ó Assassin Boxing “Tá muid an-sásta go bhfuil TG4 ag obair in éineacht linn arís chun cuidiú linn an t-imeacht iontach spóirt seo a chur chun cinn.”

Tabharfaidh fear na háite, Ray Moylette, aghaidh ar Christian Uruzqueita sa phríomhchomórtas, comórtas idirnáisiúnta éadrom-mheáchain WBC. Beidh neart dornálaithe cumasacha as Éirinn ar chlár na réamhchomórtas agus i measc na dtroideanna beidh a chéad troid in Éirinn le 4 bliana ag Gary Spike O’Sullivan.

Is sa Téatar Ríoga i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo a bheidh an t-imeacht ar siúl.

Is mar seo a leanas clár iomlán réamhchomórtas na hoíche:

  • Roy Sheahan v Lukasz Rafalko
  • Dylan Moran v Nelson Altamirano
  • Spike O’Sullivan v Gabor Gorbics
  • Luis Garcia v Ivan Brkljaca
  • Ray Moylette v Christian Uruzquieta