Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá feachtas nua, spraíúil seolta ag TG4, a bhfuil meascán de dhaoine clúiteacha páirteach ann, ina measc an bhanríon draig Panti Bliss, an spásaire Chris Hadfield, an ropaire rubair, Rubberbandit ‘Blindboy Boatclub’, réalta rugbaí na mban Sene agus an láithreoir aimsire Caitlín Nic Aoidh, agus iad ag tabhairt ugach do dhaoine an méid Gaeilge atá acu a úsáid agus a cheiliúradh.

Spásairí, Banríonacha agus Ropairí ag cur na Gaeilge chun cinn i bhfeachtas nuálach fógraíochta TG4

27.06.18

Cuireadh an feachtas ‘Tá Gaeilge Agam’ le chéile i gcomhpháirt leis an gcomhlacht fógraíochta as Baile Átha Cliath a bhfuil iliomad duaiseanna buaite acu, Publicis agus é mar chuid lárnach de rannpháirtíocht TG4 le ‘Bliain na Gaeilge’. Tionscnamh Rialtais atá anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn in 2018. 

Feachtas spraíúil, feiceálach, ilmheán é, ‘Tá Gaeilge Agam’, atá á chur i láthair i gcló, ar theilifís, ar raidió, ar líne agus ar fhógraí lasmuigh. Tá sé dírithe ar ‘Ghaeilgeoirí’ de gach leibhéal, chun iad a spreagadh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid, más ‘cúpla focal’ é – amhail an spásaire Chris Hadfield a bhain cáil amach le giolc as Gaeilge a sheol sé ón spás -nó má tá muid ‘líofa’, ar nós bean chumasach Thír Chonaill, Caitlín Nic Aoidh.

I dteachtaireacht tacaíochta don tionscnamh a chuir sí ar na meáin shóisialta le déanaí, deir réalta rugbaí na mban Sene Naoupu: ‘Is as an Nua Shéalainn domsa agus táim líofa i Samóis. Nuair a bhí cónaí orainn sa tSeapáin bhí mé líofa i Nihongo (Seapáinis). Agus muid inár gcónaí i Sasana, labhair muid Béarla. Dá bhrí sin, nuair a bhog muid go hÉirinn, atá mar bhaile anois againn, thum muid sinn féin i gcultúr na hÉireann agus leis sin tagann tuiscint ar an stair bhródúil agus ar an bhféiniúlacht a bhaineann leis an nGaeilge! Mar náisiún mór spóirt, is mór againn a bheith ina nÉireannaigh ach faraor ní leathnaíonn sé sin chuig bród inár dteanga’.

Tá TG4 ag iarraidh ar dhaoine sampla Sene agus na réaltaí eile a leanúint, ‘maidir leis an ábhar ar líne, iarraimid ar dhaoine é a roinnt, an ‘twibbon’ a úsáid agus tabhairt faoin dúshlán iad féin. Is é sin, cuma cén cumas atá agat sa Ghaeilge, í a úsáid go bródúil agus go glórach, pé áit a bhfuil tú.

Deir Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin: ‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith ábhartha, fáilteach agus éagsúil, má tá muid chun breith ar mhaidhm nua de dhaoine a bhfuil suim acu inti, ach atá faoi láthair beagán drogallach ár dteanga a labhairt. San fheachtas seo tá TG4 ag iarraidh, ar bhealach spraíúil, daoine a mhealladh chun gníomh dearfach a ghlacadh’.

Bí linn san fheachtas!

Is féidir breis eolais ar shíomh gréasán TG4 anseo:

Céard faoi Twibbon a úsáid:

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: