Skip to main content
< back to TG4.ie

Press

Cuireann TG4 fáilte roimh cheapúchán Anna Ní Ghallachair mar Chathaoirleach ar Bhord TG4

29.11.22


 
D’fhógair an rialtas inniu go bhfuil Anna Ní Ghallachair ceaptha mar chathaoirleach nua ar Bhord TG4 agus go bhfuil na comhaltaí Róisín Ní Ráighne, Aedín O’Leary, agus Seán Ó Cuirreáin ceaptha mar chomhaltaí nua ar an mbord. Athcheapadh Siobhán Ní Ghadhra, Darach Ó Tuairsig agus Mairéad Ní Nuadháin.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont fáilte roimh na ceapúcháin ag rá; “Fáiltím roimh cheapúchán Anna Ní Ghallachair mar Cathaoirleach ar Bhord TG4, agus roimh na comhaltaí nua-cheaptha Róisín Ní Ráighne, Aedín O’Leary agus Seán Ó Cuirreáin agus roimh athcheapúchán Siobhán Ni Ghadhra, Darach Ó Tuairisg agus Mairéad Ní Nuadháin. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an mbord nua. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Bhord TG4 a bhí ag feidhmiú le 10 mbliana anuas faoi stiúradh stuama Shiúin Ní Raghallaigh. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis an Aire Catherine Martin agus leis an Rialtas seo as an tacaíocht a léiríonn siad do TG4. Áfach, tá athrú mór meoin ag teastáil sa stát seo maidir leis na meáin Ghaeilge. Tá coimisiún faoi na meáin Ghaeilge le bunú ag an BAI in 2023 agus beidh ról lárnach ag Bord nua TG4 faoin gCathaoirleach nua, Anna Ní Ghallachair iarraidh ar an Rialtas meáin na Gaeilge a chur ar chomhchéim le mionteangacha rathúla na hEorpa mar an Bhreatnais agus an Bhascais.”

Bunaíodh Bord Theilifís na Gaeilge i mí Aibreáin 2007 faoi fhoráil an Achta Craolacháin, 2001. Tá an bord comhdhéanta de chathaoirleach agus 11 bhall, an tArd-Stiúrthóir san áireamh i gcáil ex-officio chomh maith le ball atá ionadaíoch ar an bhfoireann. Is í An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin a dhéanann na ceapacháin.

 

Media Contact in TG4:
Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Get to know us: