Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comhpháirtíocht nua TG4 le Women in Film and Television Ireland fógartha ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Tá sé seo ag tarlú an t-am céanna a bhfuil dhá scannán faisnéise le TG4 á gcur ar an scáileán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, scannán atá stiúrtha ag mná cumasacha.

15.07.23

Ó Bhéal - Strange-Boy
Pic: Ó Bhéal – Strange-Boy
Croíthe Radacacha
Pic: Croíthe Radacacha

 
Croíthe Radacacha- Réamhbhlaiseadh: https://www.youtube.com/watch?v=QpuiNpvJpaY
Ó Bhéal – Réamhbhlaiseadh: https://www.youtube.com/watch?v=bnNrbtf6DYw
 
Tá ríméad ar TG4 comhpháirtíocht nua le Women in Film and Television Ireland a fhógairt ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Tá sé seo ag tarlú an t-am céanna a bhfuil dhá scannán faisnéise le TG4 á gcur ar an scáileán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, scannán atá stiúrtha ag mná cumasacha. Is í Ciara Nic Chormaic a stiúir Ó Bhéal agus is é Mind The Gap Films a léirigh é agus cuireadh Ó Bhéal ar an scáileán den chéad uair in Éirinn i bpictiúrlann Pálás ar an 14 Iúil. Is í Ciara Hyland a stiúir Croíthe Radacacha agus is é a comhlacht Wonder Pics a léirigh é agus cuireadh Croíthe Radacacha ar an scáileán domhanda den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an 15 Iúil.
 

Mar aon leis na gradaim seo, tá an t-iliomad ainmniúchán agus gradam faighte ag an scannán seo le dhá bhliain anuas, ainmniúchán do ghradam Oscar níos túisce i mbliana ina measc, mar aon le hocht gcinn de ghradaim IFTA a bhuachan in 2022.
 
Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín óg ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. Cé go gcuireann bean an tí, Eibhlín, (Carrie Crowley) fáilte croíúil roimh Cháit, fanann fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach uaithi, agus ise uaidhsean, ach le himeacht ama, tosaíonn cairdeas ag neartú eatarthu. Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Bhí An Cailín Ciúin ag na Oscars ag tús na bliana, áit a raibh ainmniúchán faighte aige sa chatagóir don Scannán Idirnáisiúnta. Tá an scannán seo bunaithe ar an úrscéal Foster a scríobh ag Claire Keegan.
 
Reáchtáil TG4 imeacht inniu i bpictiúrlann Pálás chun ceiliúradh a dhéanamh ar mhná cumasacha ag fleadh scannán na bliana seo. Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, go bhfuil “ríméad ar TG4 a bheith i mbun na comhpháirtíochta nua seo le WFT Ireland. Tá an ceangal déanta agam le fada an lá idir an fhís don chomhionannas inscne agus an fhís do chomhionannas teanga in Éirinn. Seasann TG4 d’Éirinn ina mbeidh ról iomlán á imirt ag mná agus ag cainteoirí Gaeilge i sochaí éagsúil iolraíoch. Ó seoladh TG4 in 1996 tá eiseamláirí láidre mná don tionscal closamhairc tagtha chun cinn ónár bhfoireann agus ónár gcraoltaí. Trí oibriú níos dlúithe le Women in Film and Television Ireland, tá sé beartaithe againn a chinntiú go leanann TG4 ar aghaidh i mbun na nuálaíochta agus na ceannródaíochta chun na coinníollacha cuí a bhunú le go mbeidh rath ar cheannaireacht chruthaitheach na mban in Éirinn.”
 
Tá an Dr. Susan Liddy, Cathaoirleach Women in Film and Television Ireland agus an t-uachtarán nuacheaptha ar Women in Film and Television International díograiseach faoi chomhpháirtíocht nua WTF Ireland le TG4. “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh TG4 chuig Women in Film and Television Ireland! Bhí TG4 tugtha le fada an lá do chomhionannas inscne os comhair an cheamara agus taobh thiar de agus sa lucht saothair agus sa cheannasaíocht chomh maith. Tacaímid ó chroí leis an scannánóireacht Ghaeilge agus cuireadh faoi dhraíocht as an ngnáth muid leis an méid atá bainte amach againn le déanaí lena n-áirítear An Cailín Ciúin agus Róise & Frank. Tá a fhios againn go bhfuil TG4 ag obair le mná cumasacha iontacha as Éirinn agus táimid ag súil le haird a tharraingt ar an obair iontach atá ar bun.”
 
An Stiúrthóir Ciara Nic Chormaic : Ó Bhéal
Is scannánóir í Ciara Nic Chormaic atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Ina scannán faisnéise is déanaí Ó Bhéal, breathnaítear ar an gcaoi a bhfuil ceoltóirí hip hap ag baint leas as an traidisiún saibhir a bhaineann leis an sean-nós, an fhilíocht agus an Ghaeilge mar ábhar inspioráide. Is iad Mind the Gap Films a léirigh an scannán don scéim ilDÁNA atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon. Sa bhliain 2022 stiúir Ciara Clouded Reveries/Aisling Trí Néallaibh, ar iniúchadh pearsanta é ar dhomhan agus ar phróiseas cruthaitheachta an scríbhneora mór le rá, Doireann Ní Ghríofa. Chuir an Chomhairle Ealaíon agus TG4 maoiniú ar fáil don scannán faoin nGradam ilDÁNA agus craoladh an scannán i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Sa bhliain 2020 d’éirigh lena céad scannán faisnéise, dar teideal Skin+Soul, faoi shaol agus faoi obair an ghrianghrafadóra faisin aitheanta, Perry Ogden, an Gradam Reel Art a bhaint amach agus bhí an scannán le feiceáil den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2020. Is téama é faisean mar ealaín a bhfilleann sí air arís agus arís eile ina cuid oibre agus sula léirigh sí Skin+Soul, scríobh, stiúir agus léirigh sí sraith faisnéise dar teideal Snáithe do TG4 ina ndéantar iniúchadh ar fhéiniúlacht, pátrúnacht agus braistint ar scéal fhaisean na hÉireann agus a bhí mar chuid den taispeántas sa Mhúsaem Faisin agus Teicstíle i Londain i Samhradh na bliana 2018. Sula raibh sí ina stiúrthóir, chaith sí breis agus cúig bliana déag ina léiritheoir ar bronnadh duaiseanna uirthi.
 
An Stiúrthóir Ciara Hyland: Croíthe Radacacha
Is scríbhneoir agus scannánóir í Ciara Hyland a bhfuil sár-thaithí aici. Tá sí an-tugtha d’insint chineamatach agus fhísiúil na scéalta a imríonn tionchar ó thaobh na mothúchán de agus a insíonn rud éigin dúinn faoin domhan ina bhfuil cónaí orainn inniu. Dírítear ina scannán faisnéise Croíthe Radacacha ar roinnt caidrimh chomhghnéis idir mná radacacha agus déantar ceiliúradh ar an love that dares not speak its name a fuarthas i gcroílár Réabhlóid na hÉireann. Sa bhliain 2021 léirigh sí Forgotten: The Widows of the Irish Revolution atá faoi mhná céile agus leanaí cheannairí Éirí Amach 1916 agus faoin méid a tharla dóibh nuair a cuireadh a bhfir chéile agus a n-aithreacha chun báis. Is iad na mná a iompraíonn an t-ualach ach go minic, déantar dearmad orthu i gcúrsaí staire. Is mar gheall go raibh spéis ag Ciara i nglórtha ón am atá caite atá ligthe i ndearmad a aimsiú a scríobh agus a stiúir sí Cogadh ar Mhná sa bhliain 2020. Tarraingníodh anuas ábhar toirmiscthe den chéad uair – an fhadhb maidir le mí-úsáid ghnéis le linn Réabhlóid na hÉireann. Trí úsáid a bhaint as fianaise ó fhinnéithe a d’fhág mná a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis ina ndiaidh, léiríodh go raibh dreamanna ar gach taobh den choimhlint ina bun. Maidir leis na cláracha faisnéise eile atá stiúrtha aici do TG4 agus do RTÉ, clúdaítear ábhair leathana amhail stailceanna ocrais, galair eipidéime agus stair pholaitíochta. Scríobhann sí ábhar ficsin cibé uair ar féidir léi agus bhí sí ina Maoirseoir Scripte ar léiriúcháin drámaíochta roimhe seo.
 
Women in Film and Television Ireland
Is craobh Éireannach é Women in Film and Television Ireland (WFT) den eagraíocht dhomhanda -Women in Film and Television International. Is comhlacht deonach é WFT atá faoi stiúir ag gairmithe ón tionscal scáileáin a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu. Déanann a gcuid comhaltaí boird ionadaíocht do na rannáin theicniúla, oideachais, ghnó agus chruthaitheachta sna tionscail scáileáin in Éirinn. Tá siad tugtha do thimpeallacht ionchuimsitheach a chothú agus do chumhacht a thabhairt do mhná cumasacha chun go mbeidh siad ábalta dul chun cinn a dhéanamh ina róil faoi seach.

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: