Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Eachtraí taistil, ceol croíúil, scéalta eitilte, aicsean beo spóirt agus leannáin rúin, an t-iomlán le feiceáil ar Sceideal an Fhómhair ag TG4

21.08.23

Seoladh Sceideal an Fhómhair 2023Louise Cantillon, Fiona Ní Fhlaithearta, Eimear Ní Chonaola, Siún Nic Gearailt, Hector Ó hEochagáin, Méabh de Búrca, Caitríona Ní Dhomhnaill, Niamh Ní Chróinín, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Doireann Ní Ghlacáin. Credit Martina Regan.TG4 presenters: L-R Louise Cantillon, Fiona Ní Fhlaithearta, Eimear Ní Chonaola, Siún Nic Gearailt, Hector Ó hEochagáin, Méabh de Búrca, Caitríona Ní Dhomhnaill, Niamh Ní Chróinín, Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Doireann Ní Ghlacáin. Creidiúint Martina Regan.
 
#Fómhar23
Grianghraif & Eolas Eile: TG4.ie/fomhar23

 
Sheol TG4 sceideal an fhómhair in Institiúid Náisiúnta na Scannán i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar maidin agus cuid mhór de phearsana so-aitheanta an stáisiúin i láthair. Ba bhliain faoi leith a bhí inti i mbliana ag an stáisiún Gaeilge teilifíse leis an aird a tharraing An Cailín Ciúin ar fud an domhain leis an ainmniúchán do ghradam Oscar i dtús na bliana agus leathnú á chur le seirbhís TG4 anois teacht an fhómhair le cainéal faoi leith do leanaí, Cúla4, á sheoladh chomh maith le cainéal TG4+1.
 
Tá lón ábhair don uile dhuine i gceist leis an séasúr nua atá á sheoladh agus leanann TG4 de bhreis cláracha faisnéise arna léiriú in Éirinn a chur ar fáil faoi shaol na tíre seo, de shárchláracha ceoil agus de chláracha sainiúla siamsa, chomh maith le rogha spéisiúil sraitheanna drámaíochta a bheidh le feiceáil den chéad uair ar an teilifís in Éirinn.
 
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as ucht an cúnamh a thug sí do TG4 i rith bliain inar tarraingíodh meas domhanda ar shaothrú na cruthaitheachta trí Ghaeilge le ‘An Cailín Ciúin’. Tá tábhacht faoi leith le TG4 maidir le fónamh don Ghaeilge i saol na hÉireann go ginearálta agus don phobal arb í an Ghaeilge an ghnáthurlabhra acu. Tá ról tábhachtach freisin le TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí agus is mó ná riamh an tábhacht sin tráth ar soiléire an riachtanais agus ar géire an gá le meon na seirbhíse poiblí taobh istigh den chóras craoltóireachta.
 
Fáiltímse roimh an athbhreithniú cuimsitheach ar na meáin chumarsáide Ghaeilge atá le tabhairt chun críche ag Coimisiún na Meán faoi dheireadh na bliana 2024. Tugann an t-athbhreithniú seo deis iontach don stát lón taithí a fhoghlaim ón gcuid is fearr den sárchleachtas ar fud na hEorpa maidir leis na meáin chumarsáide sna mionteangacha d’fhonn na córais reatha a neartú agus bearta nua a thionscnamh a thiocfaidh chun sochair do shaol na hÉireann.”

 
Áirítear Rúin na bPortach, sraith faoi réimsí bogach agus faoi thailte portaigh in Éirinn agus ar fud an domhain, ar na buaicphointí maidir le sraitheanna faisnéise ar TG4 i rith an fhómhair. Tugann Cormac Ó hÁdhmaill ar thuras sinn ó phortaigh thuaisceartacha Cheanada, go réimsí fairsinge móna na Fionlainne agus go dtí bratphortaigh áille na tíre seo.
 
Sraith cláracha faisnéise is ea Misneach ina ndéantar cíoradh ar scéalta daoine agus dreamanna ar cuireadh ábhar dúshláin rompu i rith a saoil. Sraith nua sé cinn de chláracha atá in Ag Triall ar an Tobar ina ríomhann an láithreoir Manchán Magan scéalta a bhaineann le Toibreacha Beannaithe in Éirinn. Cén bunús atá leis na deasghnátha agus cé na daoine a choinníonn na nósanna ar siúl? Tugann an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh, a bhfuil duaiseanna buaite aige, maille le meitheal den lucht eolaíochta idirnáisiúnta, in Rún na Bóinne, faoin ionad ina mbeadh an dara seomra i mBrú na Bóinne a aimsiú, seomra ar fada díospóireacht ar siúl an bhféadfaí a lorg a aimsiú nó an raibh sé riamh ann. Beidh Scéalta Grá na hÉireann ar ais le sé cinn eile de scéalta spéisiúla stairiúla. Ó Éirí Amach 1798 go hÉirí Amach na Cásca agus réanna eile, tabharfar an lucht féachana i gcónaí go croí an scéil ar an turas staire. Ar Na Bealaí Ceilteacha feictear Ryland Teifi agus a iníonacha, Lowri agus Cifa, ar thuras bóthair ar fud sé cinn de chontaetha in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Dhá réigiún trína dtéann an t-aon Bhealach Ceilteach amháin.
 
Tráth a bhfuil an t-athrú aeráide ar a n-intinn ag daoine, seo Tuilte chugainn, clár faisnéise uair an chloig ina gcloistear scéalta pearsanta ó dhaoine a d’fhulaing scrios mar gheall ar thuilte le tamall anuas i nGaillimh, in Inis Eoghain, i mBéal Feirste agus i Muineacháin. Fiosraítear na cúiseanna leis na tuilte sin. Ar na seoda eile i measc na gcláracha aonair faisnéise, a bheidh á gcraoladh ar TG4 ar an gCéadaoin, tá Croíthe Radacacha. Seo clár faisnéise ‘faoin ngean nach luaitear’ – i gceartlár na Réabhlóide ar son Shaoirse na hÉireann. Scéalta ceilte ocht gcinn de lánúineacha ban a bhí lárnach sa troid a shaor Éire ó Impireacht na Breataine; ar Na Gaeil agus na Chéad Náisiúin, ríomhtar an scéal iontach atá gan insint go dtí seo faoin gcaidreamh idir Éireannaigh agus Bun-náisiúin Mheiriceá Thuaidh le tráchtaireacht ó roinnt de stairithe cáiliúla na hÉireann agus glún nua den lucht léinn agus tráchtaireachta de bhunadh na mBun-náisiún sin; ar Inis Meáin, An Tearmann Thiar feictear an saol in Inis Meáin – Oileáin Árann faoi mar a thaifead Chris Rodmell, fear scannánaíochta, 50 bliain ó shin, agus saol phobal an oileáin i mbéal athraithe le teacht nós na nua-aimsire. Filleann sé ar an oileán go bhfeiceann sé scéal spéisiúil na ndaoine agus an t-athrú chun feabhais ar an saol acu ar imeall thiar na hEorpa.
 
Ar Aerfort Dhún na nGall, faightear léargas faoi leith ar a dtagann i gceist le hAerfort Dhún na nGall a rith, á chur i láthair le scéalta na bpaisinéirí atá ag teacht agus ag imeacht agus tuairiscí na mball foirne atá freagrach as a gcuid sábháilteachta agus as an t-aerfort tábhachtach seo a choinneáil ag imeacht. Sa tsraith nua, Tarrthálaithe na hÉireann, feictear fir agus mná chróga Gharda Cósta na hÉireann, meithle tarrthála na sléibhte agus báid tarrthála pobail ar fud na hÉireann. Sraith sé cinn de chláracha is ea Déan Tú Féin É trína bhféachtar le misneach a chothú sa lucht féachana maidir le leideanna agus comhairle a thabhairt maidir le tabhairt faoi bhearta oibre a dhéanamh dá stuaim féin.
 
Beidh neart siamsaíochta ar fáil i rith na míonna seo romhainn, ag tosú le Hector Ó hEochagáin, an fear eachtraíochta is calma in Éirinn agus é ag dul ar an turas fada is deireanaí Hector – Ó na Philippines go dtí na Solomons. Tá an fear taistil, cainte agus mísce ullamh chun tabhairt faoi eachtraí éagsúla agus é ag taisteal trí cheartlár Oirdheisceart na hÁise ag dul trí na hOileáin Fhilipíneacha go dtí an Mhalaeisia agus Singeapór, trasna oileáin Iáva agus Bailí na hIndinéise agus anonn go Nua-Ghuine Phapua agus Oileáin Sholaimh san Aigéan Chiúin. Tar éis a bheith sa cheathrú háit anuraidh, táthar ar lorg iomaitheoir na bliana 2023 ar son na hÉireann sa chomórtas Eoraifíse Sóisearach. Cé a bheidh san iomaíocht thar ceann na hÉireann i mí na Samhna? Cuirfidh an fidléir Doireann Ní Ghlacáin Curfá i láthair, sraith nua siamsaíochta ina bhféachann sí leis an gcór is fearr in Éirinn a fháil amach. Don chuid againn ar breá linn an eachtraíocht, is sraith Barragram nach féidir a chailleadh le Barra ar saoire in Éirinn i mbun parafaoileoireachta i gCiarraí, i mbun ziplíneála i gCorcaigh agus snorclála i nGaillimh, ag dreapadh staca farraige i nDún na nGall, ag déanamh spéirthumadóireachta faoi dhíon i mBéal Feirste agus surfáil eitleoige i mBaile Átha Cliath.
 
Beidh rogha breá de chluichí beo le feiceáil ag lucht leanúna an spóirt ar GAA Beo – An chuid is fearr de ghníomhartha gaisce CLG ó thús go deireadh na bliana, beo ar TG4. Cluichí beo i Sraitheanna Allianz, craobhchomórtas na gclub, Peil na mBan, comórtais faoi aois agus comórtais scoileanna dara agus tríú leibhéal. Beidh Rugbaí Beo, sraith shuaitheanta rugbaí TG4, ar ais ar an scáileán i mí Dheireadh Fómhair leis an gcuid is fearr den iomaíocht sa Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe. Beidh cluichí i gCraobhchomórtas Rugbaí Idir Cúigí na mBan le feiceáil beo ar Rugbaí na mBan – an leibhéal imeartha agus iomaíochta is airde de rugbaí na mban in Éirinn. Ar Sacar na mBan, craolfaidh TG4 cluichí beo gach seachtain i Sraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan – an leibhéal is airde i sacar sinsearach na mban in Éirinn. Ar an tsraith is deireanaí de Underdogs, tá athrú ar línte agus ar phostaí ó tharla gur imreoirí i Sacar na mBan atá faoi chaibidil an uair seo ar an gclár mórchlú seo. Beidh seans ag painéal d’imreoirí club gan mórán iomrá imirt ar leibhéal i bhfad níos airde.
 
Dóibh sin inár measc ar breá leo an ceol, beidh cineálacha go leor le cloisteáil an séasúr seo, an ceol Gaelach, an ceol tíre, hip-hop agus eile. Beidh Rí an Cheoil Tíre, Daniel O’Donnell, ar ais le sraith nua de Opry le Daniel ar Thuras as Fóram na Mílaoise i nDoire.
Ar an dara sraith de Scoil Samhraidh Willie Clancy, feicfear an chuid is fearr ar fad den cheol Gaelach mar a taifeadadh ag an bhféile i mí Iúil 2023; beidh ábhar spéise sa chomhrá chomh maith le hábhar siamsa sa cheol. Beidh léargas géar ar fáil ar Ó Bhéal ar ghlún nua ceoltóirí leictreonaice agus hip-hop atá ag tarraingt as tobar domhain sheanchas béil na hÉireann. Suas trí lár na tíre, as Luimneach go Fear Manach, atá Slí na mBeaglaoich an turas seo agus Breanndán agus Cormac Ó Beaglaoich, athair agus mac, ag cloí le habhainn na Sionainne. Turas ceoil a thugann an bheirt ar ndóigh, ag taisteal in Beauty, veain champála.
 
Beidh drámaíocht ardchaighdeáin le feiceáil i rith an tséasúir, idir sárábhar arna léiriú in Éirinn agus ábhar idirnáisiúnta as na Stáit Aontaithe a bhfuil ardmholadh ag an lucht critice air. Scéal strainséirí atá ag faoi mhéala atá le feiceáil in Northern Lights nuair a tharlaíonn oíche báistí i mBaile Átha Cliath go dtéann saol gach aon duine den bheirt i bhfostú ina chéile gan choinne. Faightear míniú ar an rún diamhair, fírinne na mbréag, an dara leagan ar scéal de réir mar a fhoilsítear cor agus casadh i ndiaidh a chéile i sraith dhorcha ghreannmhar seo na cineáltachta agus an dóchais. Léiriú aoibhinn, bogchroíúil, barúil, fírinneach atá ann ar mhuintir Bhaile Átha Cliath na linne seo ag caitheamh an tsaoil le gean ar a chéile go dtarlaíonn an briseadh croí agus go gcuirtear cos i dtaca. Beidh Ros na Rún, sobaldráma suaitheanta an stáisiúin, ar ais agus tá coiriúlacht an Gharda, ciontú éagórach, an bás, ceisteanna inscne, drugaí agus ceisteanna sóisialta eile ag baint le cúrsaí an lae ar an sráidbhaile Gaeltachta seo chomh maith le cion agus gean, grá agus rómánsúlacht, agus spraoi agus spreacadh mhuintir an bhaile.
 
Ar Hacks, feictear Jean Smart, ar iomaí gradam Emmy buaite aici, i bpáirt bhean ghrinn chlúiteach as Las Vegas a chaithfidh scríbhneoir óg uaillmhianach a fhostú (Hannah Einbinder). Beirt bhan chumasacha a bhaineann le dhá ghlúin éagsúla, is é an ceangal neamhchoitianta eatarthu is ábhar don tsraith nua ghrinn seo. In Minx atá suite in Los Angeles i rith na 1970idí feictear Joyce (Ophelia Lovibond), feimineach óg dúthrachtach, agus í ag dul i bpáirt le foilsitheoir ábhar suarachais (Jake Johnson) go gcuirfidh siad an chéad iris earótach do mhná ar fáil. The Twelve – má tá anaithnideacht á cur i gcéill maidir leis an dáréag atá ar dualgas giúiré, níl aon duine acu beag beann ar scéal a shaoil go dtí seo, scéalta atá chomh casta anróiteach leis an gcás cúirte, spriocanna nár aimsíodh, ábhar náire le ceilt, tuartha dóchais, cúiseanna imní, buillí tromchúiseacha pearsanta agus claonadh leatromach.
 
Déanfaidh foireann Nuacht TG4, mar a dhéanann i gcónaí, na scéalta náisiúnta, réigiúnacha, idirnáisiúnta is deireanaí, agus na scéalta a bhaineann leis an nGaeilge, a chur ar fáil ag 7pm oíche i ndiaidh oíche agus beidh anailís ghéarchrua ar na scéalta is tábhachtaí ar 7 Lá ag 8pm ar an Máirt. Beidh séasúr iomlán de chláracha faisnéise idirnáisiúnta ar Fíorscéal a thabharfaidh léargas (nach aoibhinn i ngach cás) ar cheisteanna a chuireann isteach ar chúrsaí timpeallachta, sóisialta, polaitíochta agus eile i saol an duine ar fud an domhain.
 
Tá scéal iontach ag TG4 do na daoine óga i lucht féachana an stáisiúin agus beidh cainéal nua Gaeilge do leanaí, Cúla4, á sheoladh an t-ochtú lá de Mheán Fómhair.
 
Leanfaidh MOLSCÉAL ag insint scéalta ó cheantair Ghaeltachta agus ó dhreamanna Gaeilge ar na meáin shóisialta. Mol eile de chuid TG4 ar na meáin shóisialta is ea BLOC a dhéanann freastal ar dhaoine níos óige i measc lucht na Gaeilge trína chinntiú go gcuirtear ábhar den fhíorscoth ar fáil don lucht leanúna chomh maith le deis a thabhairt dóibh ábhar a chruthú freisin don bhranda. Tá BLOC ar fáil faoi láthair ar Instagram, YouTube, Tik Tok, Facebook & Twitter.
 
Tá scannáin a bhfuil gradaim buaite acu á gcur ar fáil i gcónaí faoin scéim Cine4. Beidh Tarrac ar taispeáint sna pictiúrlanna roimh dheireadh na bliana seo agus tá dhá scannán eile de chuid Cine4 á léiriú faoi láthair a bheidh le feiceáil i samhradh na bliana 2024.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087 7912864


Cuir aithne orainn: