Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Láithreoirí Aimsire á lorg ag TG4

Ar mhaith leat a bheith ar phainéal láithreoirí aimsire TG4. Seo do sheans.

23.05.23


 
Nasc YouTube:

https://youtu.be/KPzRVY8hrTU
 

Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarrthóirí ar suim leo obair shealadach a dhéanamh ar phainéal láithreoirí TG4. Tá fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil Gaeilge chruinn, líofa agus teacht i láthair taitneamhach acu. Cuirfear traenáil ar fáil agus mar sin ní gá taithí láithreoireachta a bheith agat.
 
Is iontach an deis é seo d’éinne a bhfuil suim acu i réimse na láithreoireachta. Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth, cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide acu atá ag teastáil.
 

Chun iarratas a dhéanamh, seol mír físe nóiméad amháin – ag déanamh cur síos ort féin, mar aon le CV chuig: cv@tg4.ie – roimh an spriocdháta 8 Meitheamh 2023. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus tabharfar cuireadh do dhaoine ar an ngearrliosta freastal ar lá trialacha scáileáin in TG4, Baile na hAbhann, i gCo. na Gaillimhe ar an 22 Meitheamh 2023.
 

Beidh na láithreoirí sealadacha a roghnaítear i mbun oibre i gCeannáras TG4 i gConamara ó am go chéile. I measc na ndualgas beidh míreanna láithreachais agus aimsire laethúla a ullmhú agus a chur i láthair; scripteanna a dhréachtú agus guth a chur leo do bhlaisíní TG4 agus cúram a dhéanamh d’ardáin shóisialta TG4. Chomh maith le seo d’fheadfá a bheith ag déanamh ionadaíochta ó am go chéile thar ceann TG4 ag ócáidí poiblí.
 

Is Comhordaitheoir Láithreachais le TG4 í Caitlín Nic Aoidh agus deir sí, “Tá muid ríméadach go bhfuil painéal nua á earcú ag TG4. Is deis iontach é do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán. Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4: Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Páidí Ó Lionáird, Dáithí Ó Sé, agus mórán eile nach iad.”
 

Spriocdáta d’iarratais: 08/06/23.

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: