Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúrsa in iriseoireacht do Scoláirí Idirbhliana / Bhliain 13 arna reáchtáil ag Ollscoil na Gaillimhe, TG4 agus COGG

15.02.23


 

Beidh deis ag scoláirí Idirbhliana agus Bhliain 13 (Tuaisceart Éireann) tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta ar líne arna theagasc ag plúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digiteacha.
 
Don tríú bliain as a chéile, reáchtálfaidh Ollscoil na Gaillimhe agus Nuacht RTÉ agus TG4 an cúrsa Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. Chláraigh breis is 400 dalta do na ceardlanna seo anuraidh.
 
Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom ón 7-9 Márta 2023.
 
Cuirfidh foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide Ollscoil na Gaillimhe agus iriseoirí RTÉ atá ag obair le TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a chuireann ábhar ar fáil ar ardáin dhigiteacha an cúrsa i láthair ar líne. Tabharfar léargas freisin le linn an chúrsa ar ghairmeacha sna meáin.
 
Dúirt an tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe: “Tá gnóthaí nuachta – gnóthaí bréag-nuachta, san áireamh – ina n-ábhar conspóide le cúpla bliain anuas, agus aird níos mó anois ag daoine ar fud an domhain ar thábhacht na hiriseoireachta i sochaí dhaonlathach ar bith.”
 
Agus í ag cur fáilte roimh an tríú bliain den chúrsa, Iriseoirí an Lae Amárach, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, “Cuirfidh an cúrsa seo gairm na hiriseoireachta faoi bhráid scoláirí na n-iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus cuirfidh sé ar an eolas iad faoin tábhacht atá le hiriseoireacht ar ardchaighdeán agus na deiseanna atá sna meáin d’iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu.”
 
Dúirt Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) in Ollscoil na Gaillimhe, Aodh Ó Coileáin: “Tráth a bhfuil seirbhísí meán closamhairc ag leagan níos mó béime ar ábhar ar líne agus ar ábhar digiteach agus daoine óga, go mór mór, ag baint níos mó úsáide as ardáin roinnte físe ar éileamh fearacht YouTube, Twitch, agus DailyMotion, tá gá anois níos mó ná riamh le hoideachas i réimse na meán” a dúirt Aodh Ó Coileán, Stiúrthóir Cláir an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin), Ollscoil na Gaillimhe. “Tá iriseoireacht chruinn, chothrom, neamhchlaonta de dhíth ar phobal na hÉireann. Féachann Ollscoil na Gaillimhe, TG4, Nuacht RTÉ agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar an gcúrsa seo mar spreagadh do scoláirí Idirbhliana agus go mb’fhéidir go dtabharfaidh cuid acu faoi ghairmeacha sna meáin amach anseo.” a dúirt Ó Coileáin.
 
Agus í ag fáiltiú roimh chúrsa na bliana seo dúirt Ceannaire úr Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4, Deirdre Ní Choistín, “Tá áthas orainn an cúrsa seo a bheith á reáchtáil don tríú bliain as a chéile i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe. Tá an iriseoireacht Ghaeilge ina bunchloch lárnach ag seirbhís TG4 agus is réimse í ar mhaith linn a fhorbairt agus a spreagadh.”
 
Is féidir clárú don chúrsa ag an nasc seo; https://us06web.zoom.us/webinar/register/WN_wdOJaEAwRl2P9_bA4wOnPQ

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: