Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sé Ainmniúchán do Chláracha / Scannán TG4 - Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2023

16.03.23


 
Fógraíodh inniu go bhfuil sé ainmniúchán fáighte ag cláracha / scannán TG4 i nGradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach.  Tá an scannán An Cailín Ciúin ainmnithe do dhá ghradam -sin iad Spiorad na Féile agus Dráma Aonair.
 
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.  Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.  I mbliana beidh Féile na Meán Ceilteach ar bun ar an gClochán Liath i nDún na nGall ar 6 – 8 Meitheamh.
 
Is iad seo a leanas na hainmniúcháin atá fáighte ag cláracha / scannán TG4: 

Spiorad na Féile agus Dráma Aonair – An Cailín Ciúin. Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín óg ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil. Cuirtear Cáit chun conaí le tuismitheoirí altranna don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ó Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus isé uaidhsean. Le himeach ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scribhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéád agus ón léirtheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Ag tús na seachtaine bhí ionadaithe ón scannán An Cailín Ciúin ag na Oscars i Meiriceá mar go raibh ainmiúcháin fáighte acu sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta.
 
Clár Faisnéise: Seán Ó Riada Mo Sheanathair. Clár é seo faoi Sheán Ó Riada – cumadóir agus pearsa cultúir is ceannasaí na hÉireann sa 20ú haois. Leathchéad bliain i ndiaidh a bháis i nDeireadh Fómhair na bliana 1971, shocraigh a ghariníon, an ceoltóir agus an craoltóir, Doireann Ní Ghlacáin, tuilleadh a fháil amach faoin bpearsa aitheanta seo. Léirithe ag Táin Media.
 
Faisnéis Spóirt: Laochra Gael- Terence McNaughton. Sa gclár seo insítear scéal ar leith faoi iománaí Aontroma, Terence McNaughton. Tugadh drochíde do Terence nuair a bhí sé ina bhuachaill óg de bharr go raibh stad ina chuid cainte. Fuair sé faoiseamh ar pháirc na himeartha, ach bhí saol an iománaí fíor-chrua sa Tuaisceart sna hochtóidí. De bharr go raibh cáil mhór air ina imreoir, bhí an UDA ag iarraidh é a mharú. In ainneoin sin, bhí Terence i gcroílár na foirne ar éirigh leo an toradh gan choinne is cáiliúla i stair na gCluichí Gaelacha a bhaint amach agus a bheidh i mbéal an phobail go brách. Léirithe ag Nemeton.
 
Siamsaíocht Fhíorasach – Slí na mBeaglaoich. Thug Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac a veain campála dílis, ‘Beauty’, ar an mbóthar arís ar mhór-aistear ceoil thraidisiúnta eile. Léirithe ag Tyrone Productions.
 
Gearr-Fhoirm: Láithreachais Cúla4 – Caitheamh Aimsire. Sraith míreanna faoi chaitheamh aimsire dhaoine óga ó timpeall na tíre. Léirithe ag Fíbín.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Tá ríméad ar TG4 sé ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeáin don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo i nDún na nGall lenár gcomhghleacaithe chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh.” 
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: