Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam Comaoine TG4 2023 le bronnadh ar Frank McArdle

30.03.23


 
Gradam Ceoil TG4 2023 ar an bhfód le 26 bliain agus craolfar an searmanas bronnta beo ar TG4 Dé Domhnaigh an 23 Aibreán ag 9.30pm ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach.
 
Rinneadh athrú i mbliana ar an mbealach a roghnaítear buaiteoir i gceann amháin de na seacht ngradam ceoil. Bhí idir ainmniúcháin ón bpobal agus rogha an choiste roghnúcháin i gceist le Gradam Comaoine 2023. Tar éis cuireadh a thabhairt don phobal a n-ainmniúcháin a chur ar aghaidh, fuair TG4 na céadta ainmniúchán ó gach cearn den domhan.
 
Gradam Comaoine TG4 2023 le bronnadh ar Frank McArdle. Is ceoltóir, oideoir agus bunaitheoir Bhanna Céilí Naomh Roch (St Roch’s Céilí Band) i nGlaschú é Frank McArdle. Cé gur fhás Frank aníos i mbaile beag Dalmellington in Ayrshire, bhog sé go Glaschú agus d’oibrigh sé ina mhúinteoir matamaitice i Meánscoil Naomh Roch, áit ar bhunaigh sé banna céilí – Banna Céilí Naomh Roch – do na daltaí sa bhliain 1978.
 
Is ceoltóir é Frank a chasann an pianóchairdín, an fhidil agus an giotár agus fuair sé inspioráid ó cheoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar nós fhear na fidle Seán McGuire, fhear an bhosca ceoil Joe Burke agus The Bothy Band. Bhí sé ina bhall dá chraobh áitiúil den Chomhaltas, The Irish Minstrels, agus chuir sé na daltaí ó bhanna céilí na scoile ar an eolas faoi ranganna, céilithe agus fleadhanna a bhíonn ar bun ag Comhaltas. Ina dhiaidh sin bhí sé i gceannas ar an gcraobh a reáchtáil agus bhog sé na ranganna go dtí Meánscoil Naomh Roch, áit a bhfuil sé fós.
 
Tá níos mó ná 150 dalta anois ag Craobh Chomhaltas Irish Minstrels agus cuirtear teagasc saor in aisce ar fáil ar an bhfeadóg stáin, an fhidil, an fheadóg mhór, an bosca ceoil, an pianóchairdín, an consairtín, an bainseó agus an phíb uilleann. Tá Frank anois ina Chathaoirleach ar an gcraobh agus réitíonn sé na ranganna agus na hiontrálacha ar fhleadhanna ar fud na Breataine agus na hÉireann. Tá 30 teagascóir ag an gcraobh agus d’fhoghlaim na teagascóirí sin a gcuid ceoil ó na ranganna agus tá siad sásta ceol a mhúineadh ar bhonn deonach.
 
Sa bhliain 2022 d’éirigh leis an gcraobh, a chasann ceol mar Bhanna Céilí Naomh Roch, ceithre bhanna céilí agus ceithre ghrúpa ceoil a chur ar aghaidh chuig Fleadh Cheoil na hÉireann sa Mhuileann gCearr. Is oideoir agus ceoltóir paiseanta é Frank a theagasc na céadta ceoltóirí traidisiúnta óga agus a chuir teagasc saor in aisce agus deiseanna le ceol a chasadh ar fáil do dhaoine de gach aois agus gach leibhéal cumais.
 
Bronnadh an Gradam Comaoine den chéad uair in 2006 chun aitheantas a thabhairt don obair éachtach atá déanta ag daoine áirithe leis na blianta chun ár gceol a chaomhnú agus a choinneáil i mbéal an phobail, ag cinntiú go mbeidh fáil ag na glúnta atá le teacht ar cheol ár sinsear agus ar cheol ár linne.
 
Léirítear urraim ag Gradaim bhliantúla Ghradam Ceoil, ar a dtugtar ‘gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ freisin, do cheoltóirí a bhfuil an ceol traidisiúnta tugtha chun cinn, neartaithe agus caomhnaithe in Éirinn acu.
 
Is é seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023:

  • Ceoltóir na Bliana 2023 – Mick O’Brien
  • Amhránaí na Bliana 2023 – Síle Denvir
  • Ceoltóir Óg na Bliana 2023 – Méabh Smyth
  • Gradam Saoil – Fintan Vallelly
  • Cumadóir na Bliana 2023 – Maurice Lennon
  • Grúpa Ceoil na Bliana 2023 – Mick, Louise & Michelle Mulcahy
  • Gradam Comaoine – Frank McArdle

 
Is féidir ticéid a fháil don cheolchoirm, a bheidh ar siúl ar an 23 Aibreán, ar Gradam Ceoil TG4 2023
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: