Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Première Domhanda KNEECAP ag Féile Scannán Sundance

06.12.23

Scannán le Taispeáint ar an Oíche Oscailte ag Féile Ghradamach Stáit Aontaithe Mheiriceá
 

 
Taispeánfar première domhanda an scannáin KNEECAP le Rich Peppiatt ag Féile Scannán chlúiteach Sundance in Utah an mhí seo chugainn. Is ar oíche oscailte na féin féin, Déardaoin an 18 Eanáir, a chraolfar é.
 
Kneecap, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh, is ea is scéal don scannán. Agus iad i mbun aisteoireachta den chéad uair riamh, tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. Tá an triúr céanna i gcuideachta Michael Fassbender, aisteoir a ainmníodh do Dhuais Acadaimh (Steve Jobs, 12 Years a Slave), Simone Kirby (Hidden Assets, Jimmy’s Hall) agus Josie Walker (Belfast, The Wonder). In iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2019, atá an scannán suite agus tugtar cuntas ann ar an chinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an bhealach ‘ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin.
 
Bhí an méid seo le rá ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt faoin première domhanda: “Nuair a chuir mé romham féin an chéad lá riamh scannán a dhéanamh i dteanga nár labhair mé, a bheadh suite in áit nárbh as dom, is beag a shíl mé ceithre bliana níos faide anonn go mbeadh an scannán Kneecap á chur os comhair an tsaoil againn ag an fhéile is gradamaí agus is tábhachtaí i dtionscal na scannán neamhspleách. Is mór an onóir dom gort nua i dtionscal na scannán Gaeilge a threabhadh; seo scannán a bhfuil an t-iontas agus an spreagadh ina orlaí tríd – dála cheol Kneecap féin.”
 
Seo mar a labhair Kneecap: “Tá muid an-tógtha gur ag Sundance a thaispeánfar an scannán den chéad uair riamh. Cibé áit a dtéann muid cuireann muid faoinár gcoinne féin deireadh go deo a chur le réamhchlaontaí faoin fhéiniúlacht chultúrtha agus faoin teanga agus leagann muid béim ar an ról atá ag an lucht oibre cumhachtaí tíoránta leatromacha a chur de dhroim seoil. Tá sé ar f*cain dóigh go mbeidh an teachtaireacht seo ó shráideanna Iarthar Bhéal Feirste á scaipeadh ar an scáileán mór anois. Tá muid millteanach bródúil as an scannán agus tá muid ar bís lena eisiúint i bpictiúrlanna ar fud an domhain.”
 
Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4, gur “léir gurb é TG4 an páirtnéir craolacháin is fearr don scannán seo ‘Kneecap’ – scannán grinn, dána agus spleodrach ina bhfuil meascán d’aoir dhorcha agus scéal réadúil ar ghníomhaíochas teanga. A leithéid d’aitheantas do scannánaíocht na Gaeilge agus faoi mar a thaistealaíonn ár dteanga – go mbeidh scéal agus ceol Kneecap ag oscailt na féile Scannán neamhspleách is mó ar domhan.”
 
Bhí an méid seo le rá ag an léiritheoir Trevor Birney ó Fine Point Films: “Seo an chéad scannán Gaeilge a roghnaigh Sundance riamh, agus is éacht amach is amach é ní hamháin ag Rich Peppiatt agus Kneecap ach ag Fine Point agus ag an tionscal scannán in Éirinn, thuaidh agus theas, chomh maith. Bhí mé an-tógtha go deo leis an scannán nuair a phléigh Rich an smaoineamh liom an chéad lá riamh agus thosaigh muid ag obair i gcomhar leis an bhanna ionas go dtiocfadh an fhís chun fíre. Caithfidh mé buíochas ó chroí a ghabháil leis an chriú iontach a bhí againn agus, ar ndóigh, leis na maoinitheoirí a thacaigh le fís Rich. Go raibh maith agaibh.”
 
Seo mar a labhair Patrick O’Neill, stiúrthóir bainistíochta Wildcard: “Tá lúcháir ar Wildcard go bhfuil muid ag obair i gcomhar le Kneecap mar Léiritheoir agus Dáileoir. Is iontach go deo an scannán Gaeilge é agus tá mé cinnte de go rachaidh sé i gcion ar dhaoine in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá muid ag dúil go mór lena chur os comhair an tsaoil sna pictiúrlanna in 2024.”
 
In 1978 a bunaíodh Féile Scannán Sundance agus tá sí ar an fhéile is iomráití ar domhan ó thaobh na scannán neamhspleách de. I measc na scannán a taispeánadh ag an fhéile in imeacht na mblianta tá The Usual Suspects, Reservoir Dogs, Little Miss Sunshine, agus In Bruges le cois léiriúcháin Éireannacha ar nós Brooklyn le John Crowley, The Lobster le Yorgos Lanthimos, Sing Street le John Carney agus The Hole in the Ground le Lee Cronin.
 
Is é KNEECAP an chéad scannán riamh nár léiríodh i Meiriceá a roghnaíodh do rannóg NEXT na féile. De réir na féile féin, na saothair a roghnaítear faoin rannóg seo, is “saothair íona mhisniúla iad agus is sonraíoch an insint nuálach cheannródaíoch a chleachtar iontu”. Seo an chéad scannán beo-aicsin ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt, fear a rinne an clár faisnéise aorach One Rogue Reporter a thug duaiseanna go leor leis.
 
Mhaígh an LA Times gur banna iad Kneecap “a chuirfeadh laethanta luatha Eminem i gcuimhne do dhuine” agus tá na léirmheastóirí á moladh go barr bata as a meascán ealaíonta rap Gaeilge agus Béarla a thugann aghaidh ar an saol crua cadránta atá roimh an té a bhíonn ag fás aníos i mBéal Feirste i ndiaidh aimsir na dTrioblóidí. Eisíodh an singil Better Way to Live leo an mhí seo caite, singil ina bhfuil Grian Chatten ag ceol, agus tá tnúth mór leis an chéad albam riamh uathu, a eiseofar go luath an bhliain seo chugainn.
 
Is iad Jack Tarling agus Trevor Birney, thar ceann Fine Point Films agus Mother Tongues Films, a léirigh KNEECAP, in éineacht le Patrick O’Neill ó Wildcard a bhí ag feidhmiú mar Chomhléiritheoir. Chuir na heagraíochtaí seo a leanas maoiniú ar fáil don scannán: Scáileán Thuaisceart Éireann, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4 agus thug Great Point Media tacaíocht dó chomh maith.
 
Beidh Féile Scannán Sundance ar siúl idir 18 – 28 Eanáir in Salt Lake City, Utah, agus taispeánfar KNEECAP ar oíche oscailte na féile féin. Beidh Anonymous Content (The Revenant) i láthair ag an fhéile thar ceann an scannáin agus iad i gcuideachta an ghníomhaire díolacháin Charades (Aftersun).
 
Is iad Wildcard agus Curzona a eiseoidh an scannán KNEECAP i bpictiúrlanna na hÉireann in 2024.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: