Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Osclóidh an scannán gleoite Gaeilge (Róise & Frank) i bpictiúrlanna i SAM

Eiseofar Róise & Frank i SAM inniu

31.03.23


 
Blaisín den scannán:

 

Eiseofar an scannán Cine4 Róise & Frank i SAM inniu (An Aoine 31ú Márta). I nGaeilge atá an scannán sé.
 

Sa scannán léirítear Róise (Bríd Ní Neachtain) atá i ndiaidh a fear céile Frank dhá bhliain roimhe. Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith gur fearr leis sa teach. Samhlaítear do Róise gurb é an madra a fear chéile Frank tagtha chun na beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh. Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúir Róise & Frank, agus ba é Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh é. Ba iad Macalla Teo a léirigh an scannán Gaeilge Arracht freisin.
 

TG4, Screen Ireland agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh an scannán mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil. D’éirigh go geal le Róise & Frank ar chamchuairt na bhFéiltí le tamaill anuas. Taispeánadh é ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus tá go leor gradam bainte aige lena n-áirítear Best Ensemble ag Féile Idirnáisiúnta na Scannán Bhaile Átha Cliath. Bhain sé Gradam an Lucht Éisteachta ag Féile Idirnáisiúnta Santa Barbara agus Sonoma freisin.
 

Tá cearta dáiliúcháin Mheiriceá Thuaidh faighte ag Juno Films don scannán Róise agus Frank.
 

Liosta na bpictiúrlainne i SAM ina mbeidh Róise & Frank le feiceáil: roiseandfrankmovie.com
 
Beidh Q&Aanna á n-eagrú ag Quad Cinema leis na scríbhneoirí / stiúrthóirí Rachael Moriarty & Peter Murphy an deireadh seachtaine seo : https://quadcinema.com/film/roise-frank/

 
Tá éacht bainte amach go hidirnáisiunta ag scannáin Ghaeilge le roinnt míonna. Níos luaithe i Márta 2023 bhí An Cailín Ciúin a san iomaíocht do ghradam Oscars in LA.
 
Bhí an scannán Gaeilge sin a bhfuil lear mór gradam bainte aige le feiceáil in amharclanna roghnaithe i SAM ó Mhí Feabhra 2023 ar aghaidh.
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir CumarsáideTG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: