Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

FLEADH 2023 Beo ar TG4

ar an 10, 11, 12 agus 13 Lúnasa ag 9.30pm

31.07.23

Blaisíní:


 

Pictiúr: Láithreoirí – Fleadh 2023: Aoife Ní Thuairisg, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill, Creidiúint: Melissa Mannion
 

Beidh an Fhleadh Cheoil ag filleadh ar an Muileann gCearr in 2023, agus í ar ais san áit inar cuireadh tús léi an chéad lá riamh sa bhliain 1951. Beidh TG4 ina ‘Lárionad don Fhleadh Cheoil’ agus craolfaimid ceithre chlár bheo ar an 10, 11, 12 agus 13 Lúnasa a bheidh lán le scoth na n-amhrán, an cheoil agus an damhsa Ghaelaigh. Déanfaidh an stáisiún roinnt de na comórtais a shruthú beo ar an seinnteoir www.tg4.ie freisin agus déan cinnte cainéil meán sóisialta @TG4TV a leanúint chun an t-aicsean ó chúl an cheamara a fháil agus an ceol sa Mhuileann gCearr a chloisteáil, nó bí ag caint linn ar líne ag úsáid #Fleadh2023
 
Ní mór duit áit a bhaint amach sna babhtaí cúige ar dtús le bheith san iomaíocht i mbabhtaí ceannais na hÉireann. Tá na láithreoirí, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill, ag dul ar fud na tíre le ceithre seachtaine anuas, iad ag casadh le roinnt de na ceoltóirí is fearr sa tír, cuid acu a raibh súil acu féin áit a bhaint amach i gcomórtais na hÉireann, agus gach duine acu le bheith sa Mhuileann gCearr am éigin le linn na féile seachtaine. Craolfar clúdach ó na babhtaí ceannais cúige ar TG4 Dé Domhnaigh an 6 Lúnasa ag 9.30pm ar Fleadh 2023 Na Cúigí. Sa chlár sin tabharfaidh Doireann agus Peadar an lucht féachana blaiseadh den iomaíocht ó cheithre bhabhta ceannais na gcúigí i mBéal an Átha, i mBaile Átha Cliath, i dTrá Lí agus sa Droim Mór agus cuirfidh eolas ar roinnt de na ceoltóirí cumasacha is fearr atá ag teacht chun cinn sa tír.
 
Craolfar Fleadh 2023 beo ceithre oíche as a chéile ar TG4 ó Déardaoin go dtí Dé Domhnaigh ón 9.30pm go dtí 11pm. Beidh an comhláithreoir Aoife Ní Thuairisg i dteannta na láithreoirí Peadar agus Doireann, chomh maith leis an scoth de cheoltóirí cumasacha Gaelacha ó ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
 
I measc na ndaoine a bheidh ag ceol beo dúinn oíche Déardaoin beidh Natalie MacMaster, Donnell Leahy & a Theaghlach, Banna Céilí Thaobh na Mara, Tim Edey, The Gardiner Brothers, Síomha, Ger O’Donnell, Trevor Sexton le George Murphy & Meadhbh Walsh, D’Bize, Gráinne Hambly, agus Craobh Pheig Uí Riain CCÉ.
 
Beidh siad seo a leanas ar stáitse oíche Dé hAoine, Dolores Keane, Téada, Méabh Ní Bheaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich, Emmet Cahill, Paul Dooley & Kseniya Rusnak, The Dublin Lasses, Antóin MacGabhann & a theaghlach ina measc.
 
Is iad Cherish The Ladies, Máire Ní Chathasaigh & Chris Newman, Eoghan Ó Ceannabháin and Ultan O’Brien, Enda Scahill & Mick Conneely, Strange Boy, Meitheal Orchestra, Fusion Fighters, The Melbourne Céilí Band, agus Tempest a bheidh ag coinneáil ceoil linn oíche Dé Sathairn.
 
Tabharfaidh Fleadh 2023 ardán do laochra móra an cheoil mar aon le hardán a thabhairt do cheoltóirí cumasacha nua atá ag teacht chun cinn. Agus beimid ag coinneáil an lucht féachana ar an eolas faoi na torthaí is déanaí ó na comórtais.
 
Clár é Fleadh 2023 a bheidh lán d’amhránaíocht, damhsa, ceol agus scéalta agus a bheidh fréamhaithe i dtraidisiún na Fleidhe, agus níl aon dabht ann ach go mbainfidh gach duine sa teaghlach sult as an ócáid seo, ócáid nár cheart duit a chailleadh!
Lean cainéil meán sóisialta @TG4TV chun blaiseadh a fháil den méid a bhíonn ag tarlú agus den cheol a bhíonn ar siúl taobh thiar den cheamara, nó bí páirteach sa chomhrá ar líne trí úsáid a bhaint as #Fleadh2023.
 
Is iad Power Pictures a léireoidh na ceithre chlár bheo a bheidh le craoladh ar TG4 idir Déardaoin an 10 Lúnasa agus Dé Domhnaigh an 13 Lúnasa, idir 9.30pm agus 11pm.
 
Mar atá luaite thuas, beidh TG4 ag craoladh beo ar líne freisin ó chomórtais éagsúla ar sheinnteoir an stáisiúin www.tg4.ie
 

Pictiúr: Darren Ó Dubhgáin, Freda Nic Giolla Chatháin. Creidiúint – Melissa Mannion.
 
Is iad Freda Nic Giolla Chatháin, Darren Ó Dubhgáin agus Fiona Ní Fhlaithearta a chuirfidh Fleadh 2023 Comórtais Bheo i láthair le linn an deiridh seachtaine ón 11-13 Lúnasa agus muid ag sruthú roinnt de phríomhchomórtais ag Fleadh Cheoil na bliana seo beo. Lean an sruthú beo ar facebook.com/fleadhcheoil agus ar www.tg4.ie Omedia a léireoidh Fleadh 2023 Comórtais Bheo do TG4 agus is é Telegael a éascóidh é.
 
Ó chomórtais aonair go dísréid agus tríréid, beimid i lár an aonaigh freisin ag roinnt de chomórtais is mó na féile, ina measc Comórtas Sinsear na mBannaí Céilí, príomhimeacht dheireadh seachtaine na Fleidhe. Idir na comórtais, coinneoimid ar an eolas tú faoi gach rud eile atá ag tarlú le linn dheireadh seachtaine na Fleidhe agus beimid ag caint leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht eagraithe.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie 087 7912864


Cuir aithne orainn: