Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sárchláracha Nollag TG4 2023

Beidh ceol, cumha agus ceiliúradh go tréan i measc chláracha TG4 an Nollaig seo.

14.12.23


Pic: Grace Kelly
 

 
Beidh neart cláracha Nollag a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don teaghlach ar fad ar fáil i Sceideal Nollag TG4. I measc na gcláracha faisnéise úrnua a chraolfar an séasúr seo, beidh Grace Kelly – Banphríonsa Mhaigh Eo (Lá Nollag 9.30pm) ina gcaithfear súil siar ar shaol agus ar ghairm bheatha an aisteora agus an bhanphrionsa, Grace Kelly. Ar an gclár freisin beidh agallaimh eisiacha lena mac, an Prionsa Albert II, agus ábhar cartlainne uathúil óna bailiúchán príobháideach. Taispeánfar Scannán Cine4: Róise & Frank a bhfuil duaiseanna buaite aige den chéad uair ar an teilifís. Is scannán é seo a léiríodh faoin scéim Cine4 a bhfuil an phríomhpháirt ag Bríd Ní Neachtain a bhuaigh gradam IFTA 2023 don aisteoir mná is fearr i bpríomhról don léiriú sin. I bpáirt na baintrí atá Bríd, bean a bhfuil suim caillte aici sa saol agus atá cinnte gurb é a fear céile atá básaithe agus a raibh an-chion aige ar an iomáint atá tagtha ar ais ina mhadra. (Lá Nollag 8pm). Sa chlár Tom Munnelly – Fear na n-amhrán, déanfar cur síos ar an mbailitheoir amhrán, Tom Munnelly agus beidh ceol ó Christy Moore, Sinéad O’Connor, Thomas McCarthy, Lisa Lambe agus Lankum ar an gclár freisin. (Oíche Nollag 8.15pm)
 
Clár comórtha ceoil agus amhránaíochta is ea Gael Linn ag 70 ina ndéanfar ceiliúradh ar 70 bliain ó bunaíodh Gael-Linn. (Lá Fhéile Stiofáin 8pm). Mise Éire – Craoladh ar leith de scannán faisnéise mór le rá George Morrison arna léiriú trí phíosa nuacht-scannánaíochta comhaimseartha (Lá Fhéile Stiofáin 9pm). Paddy na Meachain (Nua) Sa chlár faisnéise nua seo, cuirfear aithne ar Paddy Finnerty, fear ar leith a bhfuil a shaol tugtha aige do líon na mBeach Dubh Éireannach Dúchasach a chaomhnú. Bí réidh le hinspioráid a fháil ó scéal éachtach Paddy, atá lán le míreanna gáire, féinmhachnaimh agus grá don timpeallacht. (30/12 9.20pm). Sa chlár Inis Meáin Idir Dhá Linn, castar an grianghrafadóir Chris Rodmell orainn a rinne taifead ar Inis Meáin 50 bliain ó shin. Tugtar an lucht féachana chuig oileán iargúlta sa chlár faisnéise tarraingteach seo chun léargas fileata den am atá caite, den am i láthair agus den am atá le teacht a thabhairt (28/12 9.20pm).
 
Do na daoine sin a bhfuil an-spéis acu sa cheol, beidh flúirse cláracha againn, ina measc; Fánaíocht (23/12 9pm) – ceiliúradh cineamatach ar an gceol agus ar bhunús fánaíochta an cheoil ina ndéanfar iniúchadh ar na himircí ceoil a dhéanann cur síos ar a theacht chun cinn trí na blianta agus tríd an tíreolaíocht. Tony Bennett & Lady Gaga: Cheek to Cheek Live! – Taibhiú ceoil le Tony Bennett agus Lady Gaga beo ó Nua-Eabhrac in 2014 (27/12).  David Bowie: The Last 5 Years – Clár faisnéise faoi na cúig bliana deireanacha de shaol David Bowie. Ina dhiaidh sin taispeánfar ceolchoirm le David Bowie ón mbliain 2004, a taifeadadh beo sa Point Depot i mBaile Átha Cliath (28/12). Elvis: ’68 Comeback Special – Camchuairt aitheanta Elvis Presley nuair a bhí borradh faoi arís in 1968 (1/1/24). Ó Bhéal – Déan iniúchadh ar an méid a bhíonn i bpáirt ag hip-hop Gaelach agus ag ceol leictreonach trí léargas a fháil ó cheoltóirí a bhíonn ag tarraingt ar an mbéaloideas agus amhránaíocht ar an sean-nós (2/1/24).
 
Bain sult as spraoi na Nollag ar Ros na Rún,  áit a mbeidh cúpla rún le scaoileadh. Steip na nÓg 2023 – Súil Siar – Caithfear súil siar ar na príomhchomórtais aonair damhsa ar an Sean-Nós i gcatagóir na hóige ó Oireachtas na Samhna 2023 (1/1/24). Fadó Fadó – tugtar an lucht féachana ar thuras cumhach siar 60 bliain ina dtaispeántar na fógraí teilifíse Éireannacha is greannmhaire agus is siamsúla (1/1/24).
 
Ar Oíche Chinn Bliana, tabharfaidh muid aitheantas do Rónán Mac Aodh Bhuí nach maireann sa chlár An Cabaret Craiceáilte – clár ina ndearnadh ceiliúradh ar 25 bliain den imeacht Gaeilge ceannródaíoch, An Cabaret Craiceáilte. Bí in éineacht le Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin chun fáilte a chur roimh an mbliain úr chomh maith le ceoltóirí agus amhránaithe éagsúla eile ar láithreacha éagsúla ar fud na tíre agus muid ag cur fáilte roimh an mbliain nua ar an gclár Fáilte 2024 ag 11.30pm.
 
Bhí muid thar a bheith tógtha leis na himeachtaí spóirt le 12 mhí anuas agus le linn na Nollag beidh deis eile agat roinnt de na mór-imeachtaí sin a fheiceáil arís, cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann ina measc. Beidh aicsean beo rugbaí againn ar Rugbaí Beo agus craolfar an cluiche idir Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan Lá Caille. Taispeánfaidh muid na 30 cúl peile agus iomána is fearr sa bhliain 2023 mar atá vótáilte ag an bpobal.
 
I measc na scannán Gaeilge a bheidh againn don lucht féachana níos óige ar TG4 agus ar chainéal na leanaí Cúla4 ag an am céanna, beidh Smurfs: The Lost Village (Lá Nollag ag 8am), Ice Age: Dawn of the Dinosaurs (Lá Nollag ag 2pm), The Boss Baby (Lá Fhéile Stiofáin ag 5pm), Cloudy with a Chance of Meatballs (1/1/24 ag 5.30pm).
 
Beidh réimse scannán againn ó sheanscannán go scannáin buachaillí bó mar aon le scannáin idirnáisiúnta chomhaimseartha. I measc na scannán sin, beidh Gone with the Wind, Butch Cassidy and the Sundance Kid, The Blues Brothers, Die Hard, Dirty Dancing, Annie, Singing In The Rain, How to Marry a Millionaire, Gentlemen Prefer Blondes, O Brother, Where Art Thou?, Cool Hand Luke, War of the Buttons, To Sir, with Love agus Doctor Dolittle 2. Tá tuilleadh eolais faoi scannáin Nollag TG4 le fáil anseo: Scannán ar TG4 Nollaig 2023
 
 
Ábhar Nua a bheidh ar Sheinnteoir TG4 an Nollaig seo
 
Northern Lights: (Sraith 6 chlár ar fáil ar Sheinnteoir TG4) Scéal faoi bheirt strainséirí atá faoi bhrón agus a gcastar ar a chéile iad oíche fhliuch i mBaile Átha Cliath atá sa chlár Northern Lights. https://nasc.tg4.tv/Northern-Lights
 
Dry Water, Sraith 1 & 2: Cuirtear tús le Dry Water nuair a fhaightear corp Paulo Duarte sa chalafort in Vigo. Tá an chosúlacht ar an scéal gur chaith sé é féin. Ach ní chreideann a cheannasaithe, na póilíní ná a dheirfiúr Teresa gur chuir sé lámh ina bhás féin áfach. https://nasc.tg4.tv/Dry-Water
 
Cine4: Tionscnamh atá mar thoradh ar chomhpháirtíocht idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann é Cine4, a bhfuil sé i gceist leis fadscannáin úrnua a fhorbairt i nGaeilge. I measc na scannán atá le fáil anois ar Sheinnteoir TG4, tá Finky, Arracht agus Foscadh.  https://nasc.tg4.tv/Cine4
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: