Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Nollaig 2023 ar Cúla4

Beidh neart ar Cúla4 an Nollaig seo chun na leanaí a choinneáil sásta le linn shaoire na Nollag.

14.12.23


Pic: Láithreoirí Cúla4; Seosamh, Síle & Niamh

 

Tá flúirse cláracha agus scannán ag Cúla4 a chuirfidh gliondar na Nollag ar an lucht féachana níos óige. Beidh láithreoirí Cúla4 Niamh, Seosamh agus Síle leat le linn na Nollag le neart spraoi, scéalta agus scléipe.
 
Áirítear ar na scannáin Ghaeilge atá feiliúnach don lucht féachana níos óige agus níos sine ar fad Nollaig an Yeití (Oíche Nollag ag 7pm), Ice Age: Dawn of the Dinosaurs (Lá Nollag ag 2pm), The Boss Baby (Lá Fhéile Stiofáin ag 5pm), Curious George, Moncaí Ríoga (Oíche Chinn Bliana ag 6.25pm) My Little Pony (Lá Caille ag 8am), agus Cloudy with a Chance of Meatballs (1/1/24 ag 5.30pm).
 
Bain lán na súl as an draíocht a bhaineann le scéalta aoibhne Julia Donaldson agus iad á dtabhairt chun fíre tríd an mbeochan gach Aoine le linn mhí na Nollag. Craolfar An Seilide agus an Míol Mór. Dé hAoine an 15 Nollaig ag 2pm. Scéal álainn é seo faoin gcairdeas gan choinne a bhíonn idir seilide agus míol mór nuair a fhaigheann an seilide síob ar eireaball an mhíl mhóir agus faoi na heachtraí den scoth a bhíonn acu in éineacht. Bunaithe ar leabhar pictiúr a scríobh Julia Donaldson. Ina dhiaidh sin ag 2.30pm taispeánfar Sár-phéist – péist fhada, láidir a bhfuil scileanna den scoth agus croí mór aige a mbíonn air tarrtháil a thabhairt in am an ghátair go minic. Ach céard a tharlaíonn nuair a bhíonn an iomarca gaisce aige agus nuair a thosaíonn sé ag déanamh neamhaird dá chuid cairde? Dé hAoine an 22 Nollaig ag 2pm a chraolfar The Highway Rat. Gadaí neamhthrócaireach é seo a bhíonn ag goid bia agus sneaiceanna ar fad na n-ainmhithe eile. An mbeidh aon duine in ann ceacht a mhúineadh dó?  Ag 2.30pm a bheidh Room on the Broom ar siúl –  Tá an chailleach agus a cat ag imeacht leo ar an scuab ach tá gach a bhfuil ag an gcailleach ag titim uaithi. Tugann ainmhithe éagsúla cúnamh di a cuid rudaí a aimsiú ach an bhfuil áit ag gach duine ar an scuab?
 
Is féidir formhór na gclár a íoslódáil ó Cúla4.com
 
Craoltar Cúla4 14 uair an chloig sa lá, ón 6 a chlog gach maidin go dtí a 8 a chlog gach tráthnóna.

Tá Cúla4 le fáil ar:

Saorview – cainéal 18

Virgin Media – cainéal 602 

Sky – cainéal 624

Sky i dTuaisceart na hÉireann – cainéal 627 & Sky Glass

Eir 

www.cula4.com

 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: