Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sciar TG4 méadaithe in 2022

17.01.23


 

1.96% an sciar den lucht féachana a bhí ag TG4 in 2022, an sciar is airde a bhí ag an gcainéal ón mbliain 2011. 1.8% an sciar a bhí ag TG4 in 2021. B’ionann an sciar féachana sa phríomh-am féachana agus 2.15%, an sciar b’airde sa phríomh-am ó 2010. 2.05% an sciar a bhí an gcainéal sa phríomh-am féachana in 2021. D’fhéach 3.654m duine nó 82% den daonra ar TG4 am éigin le linn 2022.

Ba í mí na Nollag an mhí ab fhearr do TG4 le meán-sciar 2.22%. Ba é an 31 Iúil an lá ab airde a bhí an sciar sa bhliain nuair a bhain sé 9.6% amach. B’in é an lá a craoladh Cluiche Ceannais Pheil na mBan. Ba ar Lá Fhéile Stiofáin a bhí an t-aimsiú is airde ag 858,000 duine.

Bhí craoltaí spórt chun tosaigh sna figiúirí féachana arís in 2022. Ba é GAA Beo, Cluiche Ceannais Peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo an clár ba mhó faire sa bhliain. D’fhéach 468,000 duine ar an gcluiche a raibh meánlucht féachana 228,000 duine agus sciar 30.2% aige ag an am. Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan idir an Mhí agus Ciarraí an dara clár ba mhó a breathnaíodh air in 2022. Bhí meánlucht féachana 206,000 duine aige agus sciar 30.3%

D’fhéach 225,000 duine agus 96,000 duine ar an meán ar chlár a craoladh in ómós don amhránaí Joe Dolan ar Opry le Daniel – Ómós Joe Dolan. 126,000 duine a d’fhéach ar an gclár faisnéise ba mhó féachana sa bhliain a craoladh Lá Nollag, Dessie: Glór na Bó Finne. Ba 86,000 duine an meánlucht féachana a bhí ag an gclár. 224,000 duine agus 70,000 duine ar an meán a bhí ag féachaint ar Fleadh 2022, clár a craoladh beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann a bhí ar siúl sa Mhuileann gCearr ar an Domhnach an 7 Lúnasa. Ba í an chéad Fhleadh Cheoil í tar éis na paindéime.

Bhí an-tóir ar aer agus ar an seinnteoir ar an tsraith nua shiamsaíochta Contractors ag tús na bliana inar tugadh léargas ar chonraitheoirí feirmeoireachta a thugann cúnamh d’fheirmeoirí sa tréimhse is gnóthaí i bhféilire na feirmeoirechta idir Aibreán agus Meán Fómhair. Ba é an clár is mó ón tsraith ar breathnaíodh air ar an teilifís an clár a craoladh ar an 7 Aibreán. 75,000 duine ar an meán a bhí ag féachaint ar an gclár sin. Ba é Contractors an clár ba mhó a rabhthas ag faire air ar sheinnteoir TG4 in 2022, agus bhí trí chlár ón tsraith sin i measc na gcúig chlár is mó féachana ar an seinnteoir don bhliain.

D’éirigh an-mhaith le sraith nua Hector, Hector – Balkans go Baltics. 70,000 an meán lucht féachana a bhí ag an gclár is mó féachana sa tsraith, a craoladh faoin mBulgáir ar an 3 Samhain.

Bhí os cionn 3.3 milliún amharc ar Sheinnteoir TG4 anuraidh idir amhairc bheo agus VoD, méadú 11% ar 2021. Ba é an cluiche F17 idir Gaillimh agus Tiobraid Árann ar an 19 Meitheamh an craoladh beo ba mhó a breathnaíodh air le breis is 33,0000 radharc. Chomh maith le trí chlár ón tsraith Contractors, bhí dhá chlár ón tsraith Laochra Gael – cláracha Terence McNaughton agus Michael Darragh McAuley – ar na cúig chlár ba mhó mó a thuill lucht féachana ar an seinnteoir.

Tháinig méadú ollmhór ar radhairc ar na meáin shóisialta ó 58m radharc in 2021 go dtí 132m radharc in 2022.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: