Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TARRAC le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón 6 Deireadh Fómhair 2023

29.09.23


 

Cuireann PARKLAND ENTERTAINMENT & ECLIPSE PICTURES an scannán Gaeilge TARRAC i láthair

Faoi stiúir Declan Recks

Scríofa ag Eugene O’Brien

Léirithe ag Clíona Ní Bhuachalla

Is iad Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney agus Cillian Ó Gairbhí na príomhaisteoirí
 

I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.
 

Bhí an léiritheoir Clíona Ní Bhuachalla (Seamus Heaney – Out of the Marvellous, The Clinic), an scríbhneoir Eugene O Brien (Eden, Pure Mule) agus stiúrthóir Declan Reeks (Pure Mule, The Running Mate, Scúp) i mbun cainte maidir le scannán Gaeilge a dhéanamh.
 

Deir Eugene “gur ón gcroí a tháinig TARRAC dó féin, Declan agus Clíona agus go raibh Ciarraí ríthábhachtach don scannán. Is sa tírdhreach seo a bhfuil cáil ar fud an domhain air agus a mbíonn farraige mhór an Atlantaigh á réabadh a fhaightear an bád ar leith – an Naomhóg. Tá féiniúnlacht den scoth ag an áit sin ón teanga go tírdhreach, na pearsana agus an bád í féin go deimhin.”
 

Achoimre Ghearr
Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair. Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.
 

Dráma é TARRAC atá suite ar imeall an domhain, ar chósta agus ar fharraige Leithinis an Daingin. Áit ina bhfuil tíreolaíocht fhiáin, áit a bhfuil a hintinn féin ag an aimsir agus ag na daoine. Tá mórtas áite agus croíúlacht ag baint le TARRAC. Is dlúthstaidéar carachtair é ar bhean a n-éiríonn léi, tríd an tóir atá aici ar spórt, a bheith sásta arís agus glacadh léi féin. Tá greann, briseadh croí agus aicsean iontach mar aon le radhairc áille de thírdhreach agus d’fharraigí Ghaeltacht Chiarraí sa chúlra fite fuaite tríd an scannán. Is scannán é TARRAC faoi aghaidh a thabhairt ar an saol arís agus faoi chumhacht an mhaithiúnais.
 

Beidh TARRAC le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann ón 6 Deireadh Fómhair 2023
 

Icebox Films a léirigh TARRAC. TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh TARRAC mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.
 

Fad: 94 nóiméad / Deimhniú IFCO: 15a / Deimhniú BBFC: 15
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: