Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Craoltóirí as Éirinn, as an mBreatain Bheag, as an tSín agus as Poblacht na Cóiré tagtha i gcomhar le chéile le haghaidh comhléiriú Staideanna idirnáisiúnta

03.02.23


 

Tá craoltóirí as Éirinn, as an mBreatain Bheag, as an tSín agus as Poblacht na Cóiré tagtha i gcomhar le chéile chun sraith nua a chomhléiriú a bheidh ag díriú ar roinnt de na láithreacha spóirt is fearr ar domhan
 
Is comhléiriú idirnáisiúnta ceannródaíoch é ‘Stadiums’ (4×60) idir an craoltóir Gaeilge TG4, an craoltóir Breatnaise S4C agus na comhlachtaí léiriúcháin Loosehorse and Cwmni Da, agus a bhfuil tacaíocht faighte aige ó LIC China, Jeonju Television (JTV) agus an Korean Communications Agency (KCA). Tá tacaíocht faighte ag an tionscadal ó Rialtas na Breataine Bige freisin trí Creative Wales.
 
Tugtar cuairt ar go leor de na staideanna is aitheanta ar domhan sa tsraith, lena n-áirítear Staid Bird’s Nest i mBéising, Staid Oilimpeach Shúl, Staid Azteca i gCathair Mheicsiceo agus Anfield i Learpholl.
 
Tá a féiniúlacht féin ag gach láthair agus i léiriú Stadiums tabharfar léargas ar leith don lucht féachana ar fud an domhain ar na páláis phaisin; idir na scéalta stairiúla agus an t-atmaisféar a bhíonn ann ar lá na gcluichí a bhfuil ardmheas air, an mórchumas ailtireachta agus teicneolaíochta agus an tábhacht ó thaobh an chultúir atá ag na staideanna.
 
Tabharfar Jason Mohammad: Stadiymau’r Byd ar an leagan Breatnaise de Stadiums agus is é Jason Mohammad, láithreoir BBC Final Score agus Pen/Campwyr a chuirfidh an leagan Breatnaise i láthair agus beidh Dara Ó Cinnéide, fear a bhfuil craobh CLG na hÉireann buaite cúig huaire aige agus atá anois ina chraoltóir, ag cur an leagain Gaeilge ar TG4 i láthair, Na Goirt Órga.
 
Is é an tionscadal seo an chuid is deireanaí i sraith de chomhléirithe idir craoltóirí Ceilteacha agus Áiseacha i ndiaidh Tide agus Rain: The Untold Story ar éirigh go maith leo:
 
Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá a fhios againn le tamall fada, ach tá sé thar a bheith soiléir i bhfianaise chomh maith is a d’éirigh leis ‘An Cailín Ciúin/The Quiet Girl’ ar fud an domhain, nach bhfuil an teanga ina bac ar rath idirnáisiúnta a bhaint amach. Tá S4C ina eiseamláir do TG4 le blianta beaga anuas agus tá ‘Stadiums’ an comhléiriú is déanaí ar liosta comhléirithe fíorasacha atá ar ardchaighdeán idir TG4 agus an Bhreatain Bheag. Is comhpháirtí margaidh idirnáisiúnta straitéisigh é S4C do TG4 de réir mar a oibríonn muid leis an earnáil neamhspleách closamhairc agus leis an bpobal cruthaitheach in Éirinn chun cuideachtaí scála rathúla agus inbhuanaithe a fhorbairt.”
 
Is éard a dúirt Llinos Wynne, Coimisinéir Fíorasach S4C: “Is sraith iontach é Stadiums agus tá muid mórtasach go raibh muid ag oibriú lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun léargas neamhghnách a thabhairt ar chuid de na staideanna is suntasaí ar domhan. Leagtar béim sa tsraith ar an gcumhacht dhílis a bhaineann le comhoibriú i measc an lucht féachana i gcoitinne agus is ábhar mór muiníne é sin sa tionscal cruthaitheachta atá ag dul ó neart go neart anseo sa Bhreatain Bheag.”
 
Is éard a dúirt Llion Iwan, Stiúrthóir Bainistithe Cwmni Da: “Cé go bhfuil an spórt iomaíoch, tugann sé daoine le chéile freisin, bíodh sé sin pobail nó náisiúin nó staideanna le bheith le chéile chun dul in iomaíocht agus chun ceiliúradh a dhéanamh. Cuireann an smaoineamh chun scéalta na staideanna ar fud an domhain a insint ar chumas an lucht féachana ní hamháin taitneamh a bhaint as an tírdhreach ach a bheith ag foghlaim faoi chruthú agus stair na staideanna. Mar dhaoine, is daoine cuideachtúla muid agus bíonn atmaisféar ar leith sna háiteanna sin.”
 
Is éard a dúirt Cormac Ó hÁrgadáin, léiritheoir sraithe in Loosehorse: “Tá i bhfad níos mó i gceist le staideanna seachas iontais ailtireachta de chruach agus cloch, is ardeaglaisí beo iad ina dtagann pobail le chéile chun caidreamh a dhéanamh, mar go dtugtar an-aird sna staideanna ar na laochra spóirt. Tá an méid sin fíor is cuma má tá tú ag cluiche ceannais contae i gCiarraí nó ag Cluiche Ceannais Chorn an Domhain i gCathair Mheicsiceo. Bhí áthas orm cuireadh a fháil páirt a ghlacadh sa tionscadal ar leith seo agus a bheith in éineacht le Dara Ó Cinnéide de réir mar a thug seisean lucht féachana na hÉireann ar fud an domhain chun ceiliúradh spreagúil a dhéanamh ar an bpaisean atá ag daoine don spórt.”
 
Craolfar Na Goirt Órga ar an 23 Márta 2023 ar TG4.
 
Beidh Jason Mohammad: Stadiymau’r Byd ag tosú ar S4C ar an 5 Aibreán 2024.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: