Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 - Oíche Chultúir

21.09.23


 

 
Tá ríméad ar TG4 tacaíocht a thabhairt d’Oíche Chultúir agus oibriú i gcomhar leo Dé hAoine an 22 Meán Fómhair 2023.

Beidh rogha iontach ábhair ag an stáisiún Gaeilge ar an aer, ar líne agus ar fud na snáitheanna sóisialta sna seachtainí roimh an oíche mhór agus ar an oíche mhór féin dar ndóigh. Is ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus na Réigiúin a bheidh ábhar TG4 dírithe.
 

Ros na Rún

Den chéad uair riamh, beidh an pobal ábalta dul go dtí seit Teilifíse Ros na Rún, sraith dhrámaíochta TG4 a bhfuil an-tóir uirthi, ón 4.30pm – 6.30pm chun Oíche Chultúir 2023 a cheiliúradh Dé hAoine an 22 Meán Fómhair. Iarrtar ar lucht leanúna Ros na Rún agus Oíche Chultúir a n-áit a chur in áirithe chun turas eisiach sa chúlra a fháil mar aon le freastal ar sheisiún Ceisteanna agus Freagraí le lucht na sraithe drámaíochta teilifíse Gaeilge trí ríomhphost a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com. Tá seit na sraithe drámaíochta Gaeilge lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe

 

Molscéal

Beidh Molscéal, ardán agus branda ar líne faoi scáth TG4, ag craoladh beo ó Ghaeltacht Ráth Chairn ar Oíche Chultúir. Taispeánfaidh amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí áitiúla Chontae na Mí an cumas atá iontu dúinn beo ón Ionad Oidhreachta ar leathanach Facebook Molscéal. Tosóidh ‘Ceol na Clainne’ ag 8.30pm.

Tabharfaidh Molscéal blaiseadh freisin de na himeachtaí eile atá ar siúl don Oíche Chultúir i roinnt de na ceantair Ghaeltachta ar a n-ardán féin a bhfuil fáil air ar fud na tíre agus thar lear freisin.

 

Aimsir TG4

Beidh Aimsir TG4 ag craoladh as Ráth Cairn, Co. na Mí ar Oíche Chultúir.

 

BLOC

Beidh scéalta ag BLOC, mol roinnte meán sóisialta atá ar fáil ar Instagram, YouTube, Tik Tok, Tumbler & Twitter, ar Oíche Chultúir as Luimneach agus Corcaigh.

Margadh na Muiríne – Corcaigh
Ceabairé faoin aer le Candy Warhol, Mockie Ah arna chur i láthair ag Circus Factory

Halla na Cathrach – Corcaigh
Imeacht leictreonach teicnicheol le Will Kinsella, Riona Denys, Maclaine Black, arna chur i láthair ag Electronic Music Council

Caisleán Luimnigh – Luimneach
Ceol Damhsa Leictreonaigh le Brawny, Nancy Live, Midweek,

Dance Limerick
Culture Shock Jam Dance le Afropopcity, Cumann Beatbox na hÉireann, DJ Safari arna chur i láthair ag Hip Hop On Stage agus Dance Limerick

 

Nuacht Cúla4 – ar an gcainéal nua Cúla4

Craoladh eagrán speisialta de Nuacht Cúla4 ar an gcainéal nua leanaí Cúla4 Dé hAoine an 22 Meán Fómhair. Tabharfaidh iriseoirí an chláir blaiseadh dúinn de roinnt de na himeachtaí iontacha a bheidh ar siúl i mBéal Feirste, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus i mBaile Bhuirne i gCorcaigh.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: