Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag ceiliúradh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023

Comórtas Peile na Gaeltachta ar TG4

30.05.23

Nasc YouTube: https://youtu.be/Ar_QeX-X_00
 
Beidh TG4 i lár an aonaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta atá á reáchtáil ag Naomh Muire Íochtar na Rosann ón 2 – 5 Meitheamh sna Méilte i dTír Chonaill. Imreofar na cluichí i Méilte, i C.L.G. an Chlocháin Léith agus i C.L.G. Ghaoth Dobhair i rith an deiridh seachtaine.
 
Is é TG4 príomhurraitheoir an chomórtais agus craolfar lear mó cluichí ar ardáin TG4, idir TG4 agus cainéal YouTube Spórt TG4 ar chainéil TG4. Ina theannta sin, beidh teacht ag an lucht féachana ar fud an domhain ar na cluichí ar Sheinnteoir TG4.
 
Is iad Máire Ní Bhraonáin agus Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh na cluichí i láthair agus is iad Mac Dara Mac Donncha, Brian Tyers, Cárthach Bán Breathnach agus Conall Ó Máirtín a bheidh i mbun tráchtaireachta. Is iad Aodán Mac Gearailt, Seán Óg de Paor, Caoimhín Ó Casaide, Sarah Ní Loingsigh agus Emer Ní Ghallchóir a dhéanfaidh anailís ar na cluichí.

Beidh Cluiche Ceannais Sóisear na mBan beo ar YouTube ag 10.00 maidin Dé Luain agus craolfar Cluiche Ceannais Sinsear na mBan ar TG4 ag 12.00.
 
Beidh Nuacht TG4 ag tuairisciú ón gcomórtas agus beidh MOLSCÉAL ar an láthair i gcaitheamh an deiridh seachtaine.

Craolfar comórtas an Chailín Ghaelaigh beo ar leathanach Facebook Molscéal https://www.facebook.com/MOLSCEALTG4/ oíche Dé Domhnaigh ón 9.30pm agus is é Dónall Mac Ruairí a bheidh ina Fhear an Tí. Lean an comhrá ar ardáin meán sóisialta MOLSCÉAL agus Spórt TG4 trí úsáid a bhaint as an haischlib #CPNG23
 
CARTLANN TG4: Comórtas Peile na Gaeltachta

Tá Cartlann Chomórtas Peile na Gaeltachta de chluichí iomlána agus buaicphointí ó 1996 go 2006 anois ar fáil ar www.tg4.ie/cartlann

Fuair an togra seo tacaíocht mhaoinithe ó Choimisiún na Meán. Tá an t-ábhar curtha ar fáil le cead ó CLG.
 
 
Na Cluichí:

Dé Sathairn an 3 Meitheamh Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte
11:00 Reamhbhabhtaí Sóisear na bhFear: Clann na nGael v Lios Póil Beo ar YouTube Spórt TG4
13:00 Cluiche Ceathrú Ceannais Sinsear na bhFear: Naomh Conaill v Béal Átha Ghaorthaidh Beo ar YouTube Spórt TG4
15:00 Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisear na bhFear: Cill Chomáin v Laochra Loch Lao Beo ar YouTube Spórt TG4
17:00 Cluiche Ceathrú Ceannais Sinsear na bhFear: Naomh Anna v Cill na Martra Beo ar YouTube Spórt TG4
19:00 Cluiche Ceathrú Ceannais Sóisear na bhFear: Buaiteoirí 2 v Buaiteoirí 3 Beo ar YouTube Spórt TG4
 
Dé Domhnaigh an 4 Meitheamh Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte
11:45 Cluiche Leathcheannais Sóisear na mBan: Naomh Muire v Buaiteoirí 3 Beo ar YouTube Spórt TG4
13:45 Cluiche Leathcheannais Sinsear na mBan: An Tearmann v Cill Chomáin Beo ar YouTube Spórt TG4
15:45 Cluiche Leathcheannais Sóisear na bhFear: Naomh Muire v Buaiteoirí B Beo ar YouTube Spórt TG4
17:45 Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear – Beo ar TG4 agus beo ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4
19:30 Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear – Beo ar TG4 agus beo ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4
Craolfar comórtas An Cailín Gaelach beo ar leathanach Facebook Molscéal oíche Dé Domhnaigh. https://www.facebook.com/MOLSCEALTG4/
 
Dé Luain an 5 Meitheamh Ionad: Páirc CLG Naomh Muire, Na Méilte
10:00 Cluiche Ceannais Sóisear na mBan – Beo ar YouTube Spórt TG4
12:00 Cluiche Ceannais Sinsear na mBan – Beo ar TG4 agus beo ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4
14.00 Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear – Beo ar TG4 agus beo ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4
16:00 Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear – Beo ar TG4 agus beo ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain / Aip TG4

 
TWITTER: @CPnaGaeltachta
INSTAGRAM: @cpng2023
FACEBOOK: Comórtas Peile na Gaeltachta 2023 CLG Naomh Muire.

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Spórt TG4 | Shane.Walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: