Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Táthar ag athrú spóirt do Underdogs TG4

04.05.23


 
YouTube: https://youtu.be/7W-3TiP1RXc
 
Táthar ag athrú spóirt do Underdogs TG4 agus an tsraith iomráiteach anois ag thabhairt aghaidh ar Shacar na mBan!

Fad is a bheith foireann sacair na hÉireann ag tabhairt a haghaidh anonn ar an Astraláise do Chorn Domhanda FIFA na mBan 2023, beidh deis den scoth ag imreoirí ag bunleibhéal na gcumann dul ag imirt leis na foirne móra.
 

Tá Adare Productions agus TG4 sa tóir ar scuad de mhná uaillmhianacha atá sách cumasach, díocasach agus díograiseach le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne is fearr i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan. An bhfuil an cumas sin ionatsa áit a bhaint amach ar an bhfoireann agus an bua a bheith agaibh? Is féidir iarratas a dhéanamh anois!
 

Is éard a dúirt Mark Scanlon, Stiúrthóir League of Ireland an FAI: “Tá ríméad orainn tacú leis an tionscnamh seo a chuirfidh deis agus cosán ar fáil d’imreoirí an chluiche, imreoirí atá éirithe as an sacar b’fhéidir ar chúiseanna éagsúla, cibé más mar gheall ar chúrsaí oibre, staidéir, teaghlaigh nó cúiseanna eile é. Tá súil againn go mbeidh Underdogs ina chéad chéim thábhachtach do na himreoirí sin a bhfuil sé de mhian acu i gcónaí imirt ag an leibhéal is airde sa sacar in Éirinn ag an am iontach seo a bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar shacar na mban in Éirinn”
 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Tá an tSraith Underdogs ina sraith sheanbhunaithe agus rialta i sceideal TG4 le roinnt blianta atá táimid ar bís don séasúr nua seo den tsraith iomráiteach. Is bliain ollmhór a bheidh inti i mbliana do Shacar na mBan agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an FAI agus le Adare Productions agus an cheád scuad eile de na Underdogs á chruthú acu.”
 

An é seo do dheis? Is painéal sainroghnóirí a roghnóidh na himreoirí. Seo do dheis traenáil a fháil ó laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Is deis é d’imreoirí nach bhfuil eolas ar bith orthu aghaidh a thabhairt ar chuid de na peileadóirí is fearr sa tír.
 

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
 

  • Is féidir le himreoirí sacair mná nach raibh ag imirt go gníomhach i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan le 3 shéasúr anuas iarratas a dhéanamh.
  • Ní féidir le daoine a d’imir ar Leibhéal Idirnáisiúnta Sinsearach iarratas a dhéanamh.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an 3 Meitheamh 2023.

 
Tá TG4 agus Adare Productions ag cur fáilte anois roimh iarratais ar an tsraith nua de Underdogs.
 
Is féidir le himreoirí iarratas a dhéanamh ar líne ar www.tg4.ie/underdogs.
 
Beidh trialacha ar siúl ar fud na tíre i mí Meithimh 2023.
 
Má tá tuilleadh eolais uait, glaoigh ar Adare Productions ag an uimhir 01-284 3877 / nó seol ríomhphost underdogs@adareproductions.ie
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: