Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam Eorpach Prix CIRCOM 2023 buaite ag clár cúrsaí reatha TG4

27.04.23


Pic: Kevin Magee
 
YOUTUBE Promo: Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? https://youtu.be/Gwdzxgsxaco
 

Tá gradam Eorpach buaite ag an gclár cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? ag Prix CIRCOM 2023. Roghnaíodh an clár mar bhuaiteoir na catagóire ‘Iriseoireacht Iniúchta’, catagóir atá urraithe ag Comhairle na hEorpa.
 
Gach bliain, tugann gradaim Prix CIRCOM aitheantas do na léiriúcháin réigiúnacha is fearr. Is iad na gradaim seo na gradaim idirnáisiúnta is tábhachtaí i dtaobh cláracha réigiúnacha agus is sa bhliain 1990 a bronnadh iad den chéad uair. Tá aon chatagóir déag i ngradam na bliana seo lena n-áirítear; Iriseoireacht Iniúchta, Faisnéis, Tuairisc Nuachta, Ceol agus Ealaíon, agus ilmheáin Dhigiteacha. Cuireadh isteach níos mó ná 170 iontráil ar na gradaim i mbliana ó 22 craoltóir.
 

Fiosraítear sa chlár Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? agóidí in aghaidh inimirce ar fud na hÉireann le déanaí agus an ról atá ag roinnt gníomhaithe ón ngluaiseacht in aghaidh inimirce ag cuidiú leis na hagóidí a chur chun cinn. Pléitear freisin an méid eolas míchruinn atá ann maidir le hinimirce agus iarrthóirí tearmainn in Éirinn agus fiosraítear an bhfuil na hagóidí in aghaidh inimirce agus an líon níos mó teifeach agus iarrthóirí tearmainn atá ag teacht chun na hÉireann ag cur leis an gciníochas.
 
Tá an clár mar chuid de shraith nua mhíosúil cúrsaí reatha, Iniúchadh TG4, arna léiriú ag Clean Slate Productions atá lonnaithe i mBéal Feirste agus á chur i láthair ag an iriseoir aitheanta Kevin Magee.
 

Dúirt Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 Deirdre Ní Choistín, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Clean Slate Productions as an ngradam atá bronnta ar an gclár Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? Is aitheantas é an gradam Eorpach ó CIRCOM ar chaighdeán na hiriseoireachta sa chlár. Tugann an clár léargas ar scéal atá go mór i mbéal an phobail in Éirinn agus atá le feiceáil trasna na hEorpa chomh maith. Tá TG4 tiomanta d’fhorbairt Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar gach ardán, agus is fianaise ar an ngealltanas sin é an gradam seo a fháil.”
 

Bronnfar na gradaim ar an 1 Meitheamh 2023 mar chuid de Chomhdháil Bhliantúil Réigiúnach CIRCOM a bheidh ar siúl i Donostia-San Sebastian, sa Spáinn, arna óstáil ag EITB – Raidió agus Teilifís na mBascach.
 

Is féidir féachaint ar an gclár, Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte?, ar sheinnteoir TG4. https://nasc.tg4.tv/IniuchadhTG4-CeadMileFailte
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: