Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Nollaig ab fhearr ar TG4 ó 2011

09.01.23


 

Bhí an Nollaig ab fhearr ag TG4 ó bhí 2011 ann de réir fhigiúirí féachana ó TAM Ireland/Nielsen. Bhí sciar de 3.2% ag TG4 le linn na Nollag, ardú 14% ar lucht féachana na Nollag in 2021. Bhí an sciar féachana sa phríomham féachana níos airde fós ag 3.8%, méadú 14% freisin ar an Nollaig seo caite. Bhí TG4 sa 6ú háit i measc na gcainéal is mó féachana in Éirinn don tréimhse. D’fhéach beagán faoi bhun 2m duine (1.943m) ar an gcainéal idir Oíche Nollag agus Lá Caille. Ba é Lá ‘le Stiofáin an lá is airde féachan, le sciar de 5.6%. Bhí sciar de 3.9% ar an meán ar Lá Caille agus 3.6% ar Oíche Chinn Bliana.
 
Ba é Rugbaí Beo ar Lá ‘le Stiofáin an clár ba mhó faire. D’fhéach nach mór leath mhilliún duine ar an gcluiche beo idir Mhumha agus Laighin. 106,200 duine ar an meán a d’fhéach ar Rugbaí Beo ar Lá Caille idir Ulaidh agus Mumha. D’fhéach 96,000 ar an meán ar Opry le Daniel – Joe Dolan, clár ómóis ag Daniel O’Donnell don amhránaí a cailleadh ar Lá ‘le Stiofáin 2007. 126,000 duine a bhreathnaigh ar an gclár faisnéise faoin amhránaí Dessie O’Halloran, Dessie: Glór na Bó Finne ar Lá Nollag. D’fhéach 60,000 ar an meán ar chlár ómóis do Liam Reilly Bagatelle ar Oíche Chinn Bhliana agus 55,000 duine ar an meán a d’fhéach ar an gclár faisnéise faoin aisteoir Cyril Cusack: Lár an Stáitse ar Lá Nollag.
 
Ar Oíche Chinn Bhliana d’fhéach 50,000 ar an meán ar Fáilte 2023, a bhí curtha i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin as Baile Bhúirne.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Comhghairdeas le foireann TG4 agus le léiritheoirí san earnáil neamhspleách as an éacht seo thar Nollaig. Léiríonn na figiúirí féachana seo go bhfuil éileamh ag an bpobal féachana ar chláracha nua, cruthaitheacha ar ardchaighdeán agus go bhfuil aitheantas á thabhairt ag léirmheastóirí agus ag an bpobal araon ar chaighdeán agus ar núálaíocht na gclár a chraoltar ar TG4 gach Nollaig. Tugann sé misneach dúinn agus muid ag tabhairt aghaidh ar an mbliain nua.”
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: