Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannáin ar TG4 an Nollaig seo

06.12.23


Pic: Scannán: Almost Christmas
 
I measc na scannán Gaeilge a bheidh againn don lucht féachana níos óige ar TG4 agus ar chainéal na leanaí Cúla4 ag an am céanna, beidh Nollaig an Yeití (Oíche Nollag ag 7pm), Ice Age: Dawn of the Dinosaurs (Lá Nollag ag 2pm), The Boss Baby (Lá Fhéile Stiofáin ag 5pm), Curious George, Moncaí Ríoga (Oíche Chinn Bliana ag 6.25pm) My Little Pony (Lá Caille ag 8am), agus Cloudy with a Chance of Meatballs (1/1/24 ag 5.30pm).
 
Roinnt scannáin eile a bheidh ar TG4:

Gone With the Wind 29 Nollaig  9:45 am

(1939) Is iad Clark Gable, Vivien Leigh & Thomas Mitchell na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Victor Fleming, George Cukor & Sam Wood. Scéal grá faoi bhean cheanndána agus faoi chluanaí ban le linn an Chogaidh Cathartha i Meiriceá.

 

Diary of a Wimpy Kid  – 22 Nollaig 5pm 

(2010, Greann, Teaghlach) Is iad Zachary Gordon, Robert Capron & Rachael Harris na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Thor Freudenthal. Níl Greg Heffley ach dhá bhliain déag agus é imithe ón scoil bheag go dtí an scoil mhór. Cén chaoi a seasfaidh sé an bhliain?

 

Gangs of New York – 22 Nollaig 9:50pm

(2002 Coiriúlacht) Is iad Leonardo DiCaprio, Cameron Diaz & Daniel Day-Lewis na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Martin Scorsese. In 1862, filleann Amsterdam Vallon ar Nua Eabhrac chun díoltas a fháil ar an té a mharaigh a athair.

 

The Misfits – 23 Nollaig 1:15pm

(1961, Scannán Grá) Is iad Clark Gable, Marilyn Monroe agus Montgomery Clift na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Huston. Titeann bean, atá scartha óna fear céile, go mór i ngrá le buachaill bó atá ag dul amach san aois agus atá ag streachailt an saol mar a bhí aige a choinneáil.

 

The Philadelphia Story – Oíche Nollag 10am

(1940, Coiméide rómánsúil) Is iad Cary Grant, Katharine Hepburn agus James Stewart príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir George Cukor. Tá bean shaibhir atá ar tí pósadh den dara huair idir dhá chomhairle ó casadh a chéad fhear arís uirthi.

 

Annie Oíche Nollag 1:10pm

(1982, Greann, drámaíocht) Is iad Aileen Quinn, Albert Finney agus Carol Burnett na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Huston. Ní mó ná sásta atá bean chantalach atá i gceannas ar dhílleachtlann go bhfuil fear saibhir chun dhuine de na dílleachtaí a uchtú.

 

Dr Seuss’ How the Grinch Stole Christmas – Oíche Nollag 5pm 

(2000, Greann, Teaghlach) Is iad Jim Carrey, Taylor Momsen agus Kelley a príomhaisteoirí sa scannán seoi faoi stiúir Ron Howard. Taobh amuigh de bhaile Whoville, tá neach glas atá ar thóir díoltais agus a bhfuil sé i gceist aige an Nollaig a mhilleadh ar chách.

 

Die Hard – Oíche Nollag 9:30pm

(1988, Aicsean) Is iad Bruce Willis, Alan Rickman agus Bonnie Bedelia na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John McTiernan. Féachann póilín i Nua Eabhrac lena bhean chéile agus daoine eile, atá fuadaithe ag sceimhlitheoirí, a thabhairt slán.

 

Miracle on 34th Street – Lá Nollag 12:20pm

(1947, Scannán grinn) Is iad Edmund Gwenn, Maureen O’Hara agus John Payne príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir George Seaton. Iarrann bean atá colscartha ar sheanfhear deas gléasadh suas mar Dhaidí na Nollag i siopa Macys. Cuireann an fear an-iontas go deo uirthi nuair a deir sé léi gurb eisean go deimhin Daidí na Nollag.

 

Into the West – Lá Nollag 6:15pm

(1992, Scannán Eachtraíochta) Is iad Gabriel Byrne, Ellen Barkin agus Ciarán Fitzgerald na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mike Newell. Tugann seanathair capall dá gharpháistí a choinníonn siad sa mbloc árasán a bhfuil siad ina gcónaí ann i mBaile Átha Cliath. Nuair a ghoidtear an capall, caithfidh na buachaillí óga í a aimsiú.

 

Cine4: Róise & Frank – Lá Nollag 8pm

Tá Róise maraithe le huaigneas i gcónaí i ndiaidh Frank, a fear céile a bhásaigh dhá bhliain ó shin. Nuair a thagann madra chuig an teach a bhfuil an-tóir aige ar spórt agus ar stéig agus ar chathaoir áirithe sa teach, seanchathaoir Frank, tá sí cinnte gurb é Frank é atá tagtha ar ais arís ina mhadra! Tá a mac ag ceapadh go bhfuil sí ag cailleadh na meabhrach ach ní fada go dtosaíonn an pobal á chreidiúint freisin!

 

Mise Éire – Lá ‘le Stiofán 9pm

Scannán de chuid George Morrison é Mise Éire a rinneadh in 1959 a thugann léargas ar an saol in Éirinn roimh Éirí Amach 1916, an saol lena linn agus ina dhiaidh trí úsáid a bhaint as nuachtscannáin. Ba é an chéad scannán lánfhada é a rinneadh riamh bunaithe ar shean-nuachtscannáin. Tá ceol uaibhreach Sheáin Uí Riada le cloisteáil tríd.

 

Dirty Dancing – Lá ‘le Stiofán 11:40pm

(1987, Scannán Grá, Ceoil) Is iad Patrick Swayze, Jennifer Grey agus Jerry Orbach na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Emile Ardolino. I samhradh na bliana 1963, tá Baby, cailín óg seacht mbliana déag, ar saoire lena teaghlach. Faigheann a cuid fiosrachta an ceann is fearr uirthi nuair a chloiseann sí ceol ag teacht ó lóistín lucht oibre an ionaid saoire. Is ansin a chastar Johnny uirthi, agus titeann siad go mór i ngrá lena chéile.

 

The Blues Brothers 27 Nollaig  10:20pm

(1980 Ceol) Is iad John Belushi, Dan Aykroyd & Cab Calloway na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Landis.  Tá Jake Blues ligthe amach as príosún ach níl cúpla lá aige féin agus ag a dheartháir Elwood lena mbanna ceoil a thabhairt le chéile arís le dóthain airgid a bhailiú chun an t-ionad Caitliceach inar tógadh iad a thabhairt slán.

 

Gone With the Wind – 29 Nollaig 9:45am

(1939 War, Romance) Is iad Clark Gable, Vivien Leigh & Thomas Mitchell na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Victor Fleming, George Cukor & Sam Wood. Scéal grá faoi bhean cheanndána agus faoi chluanaí ban le linn an Chogaidh Cathartha i Meiriceá.

 

Butch Cassidy and the Sundance Kid – 29 Nollaig  10:20pm

(1969 Buachaillí Bó) Is iad Paul Newman, Robert Redford & Katharine Ross na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir George Roy Hill.  In Wyoming sna 1890í, tá Butch Cassidy agus The Sundance Kid i gceannas ar bhuíon eisreachtaí. Nuair a théann robáil in aimhréidh, caithfidh siad dul ar a dteitheadh go Meiriceá Theas.

 

There’s Something About Mary – 30 Nollaig 10:20pm

(2006, Scannán grinn) Is iad Cameron Diaz, Ben Stiller agus Matt Dillon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Bobby Farrelly agus Peter Farrelly. Fostaíonn Ted, atá splanctha i ndiaidh Mary ó bhí siad ar scoil le chéile, bleachtaire príobháideach chun ceangal a dhéanamh léi arís.

 

Singin’ In the Rain – Oíche Chinn Bliana 12:50pm 

(1952, Scannán Grinn) Is iad Gene Kelly, Donald O’Connor agus Debbie Reynolds príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Stanley Donen agus Gene Kelly. Titeann réalta sna scannáin thostacha i ngrá le cailín atá i gcór stáitse díreach nuair atá sé féin agus cara leis réidh le tabhairt faoi na scannáin chainte in Hollywood sna 1920í.

 

O Brother, Where Art Thou? – Lá Caille 11pm

(2000, Scannán Grinn) Is iad George Clooney, John Turturro agus Tim Blake Nelson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir na ndeartháireacha Joel agus Ethan Coen. Téann triúr atá éalaithe as an bpríosún, agus a bhfuil na póilíní ina ndiaidh, ar thóir taisce.

 

A Man of No Importance – 2 Eanáir 10:30pm

(1994, Scannán Grinn) Is iad Albert Finnerty, Brenda Fricker agus Michael Gambon na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Suri Krishnamma. Scannán é seo atá bunaithe ar Alfred Byrne, stiúrthóir bus meánaosta, i mBaile Átha Cliath i dtús na 60idí. Tá an chuma ar an scéal go gcaitheann Alfred saol ciúin uaigneach: tá sé aerach ach níl a fhios sin agus tá a dheirfiúr ar a dícheall an cailín ceart a aimsiú dó. Tá Albert ag streachailt le cathú, cairdeas agus coimeádacht na hÉireann – leanaimis a scéal.

 

Cool Hand Luke – 3 Eanáir 10:55pm

(1967, Scannán Coirscéil) Is iad Paul Newman, George Kennedy agus Strother Martin na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Stuart Rosenburg. Diúltaíonn fear atá i bpríosún faoin tuath glacadh le saol an phríosúin.