Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seacht n-Ainmniúchán do Ghradaim IFTA 2023 faighte ag scannáin Ghaeilge

07.03.23


 
Tá seacht n-ainmniúchán do Ghradaim IFTA 2023 faighte ag scannáin atá maoinithe ag TG4. Fógraíodh na hainmniúcháin inniu.
Sé cinn d’ainmniúcháin atá luaite do Róise & Frank agus tá ainmniúchán amháin luaite do Tarrac.
Scannáin Cine4 iad Róise & Frank agus Tarrac, ar tionscnamh é sin idir TG4, Fís Éireann agus an BAI chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt.
 
Is scannán teaghlaigh é Róise & Frank a bhfuil an-tóir air ag na féilte ó eisíodh é anuraidh. Ar na gradaim atá bainte amach ag an scannán go dtí seo, tá Gradam Chiorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, an gradam don Ensemble is Fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus gradaim an Lucht Féachana ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Santa Barbara agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sanoma araon. Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh agus a stiúir Róise & Frank, agus Macalla a léirigh an scannán. Tá dhá bhliain caite ó bhásaigh Frank, fear céile Róise. Agus í cráite ag an mbriseadh croí, tá Róise tar éis í féin a scoitheadh amach óna muintir agus ón bpobal. Le teacht madra mistéireach a bhfuil rún aige caidreamh a dhéanamh léi, is cosúil, tá an chuma air go bhfuil athrú mór ar na bacáin. Ach an athrú chun feabhais a bheidh ann? Tá an madra an-tógtha leis an iomáint agus le stéig, tá a rogha cathaoireacha uillinne aige i dteach Róise, agus tá gráin aige ar chomharsa Róise, Donncha. Scríbhneoirí: Peter Murphy & Rachael Moriarty. Léiritheoir: Cúán Mac Conghail. An Chliar: Bríd Ní Neachtain, Cillian Ó Gairbhí, Lorcan Cranitch, Ruadhán de Faoite, Michelle Beamish, Claire O’Connor, Peadar Cox agus Deaglán de Paor.
 
Is dráma pearsanta carachtar-bhunaithe é Tarrac, atá suite i nGaeltacht Chiarraí. Filleann Aoife Ní Bhraoin abhaile chun cuidiú lena hathair, Brendán ‘An Béar’, agus é ag téarnamh ó thaom croí. Réitíonn siad maith go leor lena chéile ó lá go lá. De réir mar a thosaímid ag tochailt níos doimhne, tá sé soiléir gur fágadh go leor gan rá eatarthu faoi bhás mháthair Aoife. Ba iad Declan Recks a stiúir, Eugene O’Brien a scríobh agus Clíona Ní Bhuachalla a léirigh an scannán seo. Áirítear ar an gcliar Kelly Gough, Lorcan Cranitch, Kate Nic Chonaonaigh, Kate Finegan, Rachel Feeney agus Cillian Ó Gairbhí.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, an méid seo a leanas: “Comhghairdeas ó chroí le foireann Róise & Frank agus le foireann Tarrac. Is aitheantas é an seacht n-ainmniúchán seo as an gcaighdeán atá sna scannáin idir aisteoireacht, agus scannánaíocht. Bhí scannáin Ghaeilge d’ardchaighdeán le feiceáil i bpictiúrlanna agus ag féilte scannáin go rialta sa bhliain 2022 agus is iontach an rud é go bhfuil TG4 agus CINE4 lárnach san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus ar fud an domhain. Ba é an aidhm a bhí le scéim ‘Cine4’ scannáin Ghaeilge a chur chun cinn do phobal na Gaeilge ach i ndáiríre tá athrú ó bhonn tagtha anois ar earnáil scannánaíochta na hÉireann mar gheall uirthi. Réitigh An Cailín Ciúin an bealach i dtreo Ghradam Oscar agus cá bhfios nach mbeidh an dá scannán seo ag tabhairt aghaidh ar an mbóthar céanna.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: