Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannán Gaeilge An Cailín Ciúin ainmnithe do Ghradam Oscar

24.01.23


 

Is lá fíor-stairiúil go deo é seo don scannán Gaeilge An Cailín Ciúin agus é i measc cúig scannán atá anois ainmnithe sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ ag na Oscars. Is é an chéad scannán Gaeilge riamh é a bhfuil sé seo bainte amach aige. Fógrófar buaiteoirí na ngradam ar an 12 Márta 2023.

Roghnaigh IFTA an scannán Gaeilge i mí Lúnasa seo caite le cur ar aghaidh ar son na hÉireann don chatagóir. Ó shin i leith tugadh cuireadh do bhaill an Acadaimh páirt a ghlacadh sa réamhbhabhta vótála agus bhí orthu féachaint ar 15 scannán a bhí ar an ngearrliosta. Inniu fógraíodh go bhfuil ainmniúchán do ghradam Oscar faighte ag An Cailín Ciúin. Beidh ceithre scannán eile ó fud fad na cruinne san iomaíocht sa chatagóir céanna leis an scannán Gaeilge.

Is iad sin ‘All Quiet on The Western Front’, (An Ghearmáin) ‘Argentina, 1985’, (An Airgintín) ‘Close’, (An Bheilg) agus ‘EO’, (An Pholainn).

Scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe mífheidhmiúil a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh atá faoi chaibidil sa scannán An Cailín Ciúin. Cé go gcuireann bean an tí Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte chroíúil roimpi, fanann fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach uaithi, agus ise uaidhsean, ach le himeacht ama tosaíonn a gcairdeas ag neartú. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr bheatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.

Is é An Cailín Ciúin an chéad fadscannán ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus is í Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh an scannán. Coimisiúnaíodh an scannán trí scéim Cine4 ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin sna pictiúrlanna, éacht den scoth i gcás scannán Gaeilge neamhspleách. D’éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, agus tá slám gradam buaite aige ón gcéad taispeántas ag Berlinale i mí Feabhra seo caite, lena n-áirítear an chéad scannán Éireannach a bhfuil ainmniúchán faighte aige do Scannán is Fearr na Bliana ag Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath, gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ag Gradaim Scannán na hEorpa 2022 do Kate McCullough, agus seacht ngradam IFTA agus go leor eile ó Sydney go Colorado. Ainmníodh an scannán do dhá ghradam BAFTA chomh maith don scannán is fearr i dteanga seachas an Béarla agus don script scannán is fearr a aistríodh ó shaothar eile.

Ag labhairt faoin ainmniúchán, is éard a dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus an Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal, an comhlacht léiriúcháin atá taobh thiar den scannán: “Is mór an onóir dúinn é agus ní chreidimid é go bhfuil An Cailín Ciúin ainmnithe le haghaidh gradaim ag an 95ú bliain de Dhuaiseanna an Acadaimh. Is ócáid fíorstairiúil agus fíorthábhachtach í seo do scannáin na hÉireann, do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge. Cheana riamh níor ainmníodh scannán Éireannach sa chatagóir seo. Cheana riamh ní bhfuair an ealaín Ghaeilge a leithéid d’ardán. Is ónár gcroí amach a tháinig an scannán seo agus is ardú croí a bhí ann dúinn an lucht féachana ar fud an domhain a fheiceáil ag glacadh leis isteach ina gcroí. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le comhaltaí an Acadaimh as glacadh go fonnmhar leis An Cailín Ciúin agus as an scannán a chur os comhair an domhain mhóir. Tá buíochas ollmhór le glacadh againn freisin le lucht maoinithe an scannáin seo; TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann, Bankside Films agus lenár ndáileoirí iontacha ar fud an domhain.”

Is éard a dúirt Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá an-chion go deo ag lucht na bpictiúrlann ar fud an domhain ar ‘An Cailín Ciúin’, agus tá curiarrachtaí domhanda bainte amach aige. Tá sárshaothar clasaiceach cruthaithe ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoí agus is cúis mhór bróid é sin, dúinne a labhraíonn an teanga seo agus do na daoine ar fud an domhain a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge do chultúr agus do chruthaitheacht na hÉireann. Tréaslaím le gach duine a chruthaigh an scannán seo – an chliar agus an criú, mo chomhghleacaithe féin i TG4 agus ár gcomhpháirtithe i bhFís Éireann agus in Údarás Craolacháin na hÉireann. Ba é an aidhm a bhí le scéim ‘Cine4’ scannáin Ghaeilge a chur chun cinn do phobal na Gaeilge ach i ndáiríre tá athrú ó bhonn tagtha anois ar earnáil scannánaíochta na hÉireann mar gheall uirthi. Réitigh Colm agus Cleona an bealach i dtreo Ghradam Oscar agus inniu déanaimid ceiliúradh ar an éacht ollmhór sin.”

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: