Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach beo agus eisiach ar gach mór Chraobh lena n-áirítear Cluichí Ceannais na Sraithe Peile Allianz, Cluiche Ceannais Iomána Allianz agus Chraobh AIB na gClubanna.

40 Cluiche CLG le Craoladh ar TG4,
Sceideal CLG an Earraigh Seolta ag an Stáisiún

14.01.19

Sheol TG4 clúdach CLG an Earraigh inniu agus thug sonraí maidir leis an gclúdach cuimsitheach a dhéanfar ar chluichí CLG sna míonna atá ag teacht. Craolfaidh TG4 40 cluiche CLG idir seo agus mí Aibreáin ag tosú le clúdach beo ar Chluiche Ceannais Chorn Uí Bhroin De hAoine an 18 Eanáir.

Tosóidh clúdach an stáisiúin ar Shraitheanna Allianz Dé Domhnaigh an 27 Eanáir le craoladh beo ar sheaimpíní na hÉireann, Áth Cliath in aghaidh Mhuineacháin i gCluain Eois agus craoladh iarbheo ar Loch Garman v Luimneach sa chéad bhabhta de Shraith Iomána Allianz.

Is TG4 freisin a dhéanfadh clúdach beo agus eisiach ar gach mór Chraobh lena n-áirítear Cluichí Ceannais Peile na Sraithe Allianz, Cluiche Ceannais Iomána na Sraithe Allianz agus Cluichí Ceannais AIB na gClubanna.

Ó tharla gur éirigh chomh maith sin leis an gclúdach a rinneadh anuraidh, taispeánfar ar GAA BEO arís i mbliana trí chluiche iomlán sa tSraith Allianz gach Domhnach ag tosú an 3 Feabhra.

Cuirfidh TG4 seirbhís chuimsitheach ar fáil freisin do lucht CLG ar leathanach YouTube Spórt TG4 áit a mbeidh clúdach beo ar 13 imeacht agus cluiche éagsúla ina measc Cluiche Ceannais Idirmheánach agus Sóisear Peile agus Iomána AIB na gClubanna, Babhtaí Ceannais Scór na nÓg agus Scór na Sinsear, Cluichí Ceannais Chorn Sigerson Electric Ireland agus Chorn Fitzgibbon, Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan agus Cluichí Ceannais Peile agus Iomána na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna).

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Táimid ag súil go mór le 20ú bliain an stáisiúin i mbun craolacháin ar chluichí na Sraithe Allianz agus táimid bródúil as an stair fhada atá ag an stáisiún i mbun clúdach cuimsitheach ar chluichí CLG an t-am seo den bhliain. Is ionann an 40 cluiche CLG seo agus an chuid is fearr de chluichí agus de chomórtais CLG ó Bhabhtaí Ceannais Scór na nÓg go Cluichí Ceannais na Sraithe Allianz.”

Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin as Port Láirge, a léiríonn GAA Beo agus is é Micheál Ó Domhnaill a chuirfidh an tsraith i láthair agus tráchtaireacht le Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha, Marcus Ó Buachalla agus Cuán Ó Flatharta. Beidh GAA 2019, seó buaicphointí an chainéil, ar ais freisin do shéasúr eile.  Craolfar buaicphointí eisiacha gach tráthnóna Dé Luain ag 8 pm.

Seo a leanas leagan amach iomlán na gcluichí ar TG4 sna míonna atá romhainn:

Dé hAoine an 18 Eanáir

Cluiche Ceannais Chorn Uí Bhroin, Áth Cliath v An Iarmhí, Beo ó Pháirc Parnell (Ar an aer ag 7:55in, tús leis an gcluiche ag 8:00in.

Dé Sathairn an 19 Eanáir

Cluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann, Caitheamh isteach ag 7:30pm.

Tír Eoghain v Ard Mhacha, Beo ó Ard Mhacha.

DÉ DOMHNAIGH AN 20 EANÁIR

Cluiche Leathcheannais Peile Idirmheánach na gClubanna AIB

An Spidéal (Gaillimh) v Naomh Éanna(Aontroim)

Beo ó Pháirc Tailteann, An Uaimh       Caitheamh Isteach: 2pm, ar an aer ag 1:55in.

DÉ DOMHNAIGH AN 27 EANÁIR

Beo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 1-  Muineachán  v Áth Cliath, Cluain Eois

Iarbheo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 1-  Loch Garman v Luimneach, Páirc Innovate Phort Láirge

DÉ DOMHNAIGH AN 3 FEABHRA

Beo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 2-  An Clár v Cill Chainnigh

Iarbheo:  Sraith Iomána Allianz – Babhta 2-  Corcaigh v Loch Garman

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 2-  Tír Eoghain V Maigh Eo

DÉ SATHAIRN AN 9 FEABHRA

Cluichí Leathcheannais Sinsear Iomána AIB na gClubanna

3pm   Naomh Tomás (Gaillimh) v Ruairí Óg Bun Abhann Dalla (Aontroim)

Beo ó Pháirc Parnell, Baile Átha Cliath

5pm  Seamróga Bhaile Héil (Cill Chainnigh) v Baile Gunnair (Port Láirge)

Beo as Staid Semple, Durlas

Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Peile Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Beo ar Pháirc an Chrócaigh

DÉ DOMHNAIGH AN 10 FEABHRA

Beo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Muineachán v Gaillimh, Inis Caoin, 2pm

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Ros Comáin v Tír Eoghain

Iarbheo:  Sraith Peile Allianz – Babhta 3 – Cluiche le deimhniú

Beo ar YouTube: Cluichí Ceannais Iomána Shraith Sóisear agus Idirmheánach AIB na gClubanna, Beo ar Pháirc an Chrócaigh

DÉ SATHAIRN AN 16 FEABHRA

Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Peile Sinsear AIB na gClubanna

1:30pm    Cora Finne (Gaillimh v Gaoth Dobhair (Dún na nGall)

Beo ó Pháirc Seán Mac Diarmada, Cora Droma Rúisc

3:30pm   Dr. Crócaigh (Ciarraí) v Naomh Columba, Mullach na Leachta (An Longfort)

Beo ó Staid Semple, Durlas

Beo ar YouTube:  Babhtaí Ceannais Scór na nÓg, Beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh

DÉ DOMHNAIGH AN 17 FEABHRA

Craoladh beo agus iarbheo ar Shraith Iomána Allianz (Babhta 3) lena n-áirítear Cill Chainnigh v Luimneach, Loch Garman v Tiobraid Árann agus Gaillimh v Áth Cliath.

DÉ CÉADAOIN AN 20 FEABHRA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Sigerson na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland

DÉ SATHAIRN AN 23 FEABHRA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Mhic Giobúin na Comhairle Ardoideachais CLG Electric Ireland, Beo as Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

DÉ DOMHNAIGH AN 24 FEABHRA

Sraith Peile Allianz (Babhta 4) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 4)

Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.

DÉ DOMHNAIGH AN 3 MÁRTA

Sraith Peile Allianz (Babhta 5) agus Sraith Iomána Allianz (Babhta 5)

Cluiche amháin beo agus craoladh iarbheo ar dhá chluiche eile.

DÉ hAOINE AN 8 MÁRTA

Gradaim Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Beo as Páirc an Chrócaigh

DÉ SATHAIRN AN 9 MÁRTA

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Chorn Uí Chonchúir Gourmet Food Parlour Pheil na mBan

DÉ DOMHNAIGH AN 10 MÁRTA

Cluichí Ceathrú Ceannais Shraith Iomána Allianz

DÉ SATHAIRN AN 16 MÁRTA

Cluichí Leathcheannais Shraith Iomána Allianz

DÉ DOMHNAIGH AN 17 MÁRTA

Cluichí Ceannais Sinsear Peile & Iomána na gClubanna AIB Beo as Páirc an Chrócaigh

DÉ DOMHNAIGH AN 24 MÁRTA

Sraith Peile Allianz (Babhta 7)

Cluiche Ceannais Shraith Iomána Allianz

DÉ SATHAIRN AN 30 MÁRTA

Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 3 agus Roinn 4) Beo as Páirc an Chrócaigh

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Iomána na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna) Beidh dhá chluiche beo as Staid Semple, Durlas

DÉ DOMHNAIGH AN 31 MÁRTA

Cluichí Ceannais Shraith Peile Allianz (Roinn 1 agus Roinn 2) Beo as Páirc an Chrócaigh

Dé Sathairn an 6 Aibreán

Beo ar YouTube:  Cluiche Ceannais Peile na gColáistí (Cluichí Ceannais na nIar-Bhunscoileanna – Cluiche Ceannais Chorn Paddy Drummond, beidh an dá chluiche beo as Páirc an Chrócaigh

Dé Sathairn an 13 Aibreán

Beo ar YouTube:  Babhtaí Ceannais Sinsear Scór na nÓg, Beo as an Téatar Ríoga, Caisleán an Bharraigh

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha – Spórt TG4 – 091-505050, ronan.o.coisdealbha@tg4.ie

Cuir aithne orainn: