Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Lá stairiúil a bhí ann inné do Pheil na mBan agus críoch spleodrach le clúdach TG4 ar na cluichí ceannais sóisir, idirmheánach agus sinsir ar Pháirc an Chrócaigh.

Lá Stairiúil do TG4 agus Peil na mBan inné

16.09.19

D’fhreastail 56,114 duine ar an gcraobh inné, an lucht freastail is airde riamh ag Cluichí Ceannais Pheil na mBan, ardú ar an 50,141 a bhí i láthair in 2018. Ní raibh mórán idir an figiúr sin agus cluiche ceannais Chorn Domhanda FIFA na mBan a imríodh níos luaithe i mbliana sa Fhrainc nuair a bhí 57,900 duine i láthair.

 

De réir figiúirí féachana ó TAM Ireland, d’fhéach 666,000 duine ar chluichí ceannais peile na mban inné ar TG4, agus bhí meán lucht féachana 252,500 ag féachaint ar chraoladh beo chluiche na sinsear idir Áth Cliath agus Gaillimh, ardú 70,000 ar an meán ó 2018. Is é seo an dara cluiche is mó lucht féachana ó thosaigh TG4 ag craoladh cluichí Peile na mBan sa bhliain 2001.

 

Bhí 30% den lucht féachana ag an am ag féachaint ar an gcluiche ceannais, agus ba é TG4 an cainéal ba mhó a raibh daoine ag féachaint air in Éirinn tráthnóna inné.  Ag 5:19pm i dtreo dheireadh an chluiche a bhí an lucht féachana ba mhó ag an mbeochraoladh agus 358,400 duine ag féachaint ar Áth Cliath ag tabhairt Corn Bhreandáin Uí Mháirtín leo don tríú bliain as a chéile.

 

Deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, ‘Tá TG4 thar a bheith bródúil as an gcomhpháirtíocht atá aige leis an LGFA agus le Lidl.  Tá spórt na mban lárnach i straitéis TG4 le blianta fada agus cuireann an t-ardú próifíle atá faighte ag peileadóirí mná an LGFA go náisiúnta gliondar ar ár gcroí.  Tá muid thar a bheith bródúil go bhfuil muid páirteach san fheachtas 20 x 20.  I 2020 beidh muid ag ceiliúradh fiche bliain de Chraobh Pheil na mBan ar TG4 agus tá muid ag súil go mór leis!’

 

Deir Marie Hickey Uachtarán Chumann Pheil na mBan “Tá an t-ádh orainn go bhfuil TG4 ag leanúint lena urraíocht ar Chraobhchomórtas Pheil na mBan, agus go gcraoltar ár gcluichí, ní hamháin go náisiúnta ach go hidirnáisiúnta, chuig lucht féachana domhanda ar sheinnteoir TG4.  Glacaim buíochas ó chroí le Alan Esslemont agus Foireann TG4 trí chéile, agus curiarracht nua bainte amach againn inné i bPáirc an Chrócaigh.  Táimid ag tabhairt aghaidh cheana féin ar shéasúr 2020, bliain ina ndéanfar ceiliúradh ar 20 bliain den chomhpháirtíocht idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan.  Bhí an #clib #Properfan ag treochtáil le linn na gcluichí ceannais Dé Domhnaigh, agus léiríonn na figiúirí ar an lucht féachana an tóir atá ar chluichí peile na mban’.

 

 

 

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: