Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

I ndil chuimhne Arty McGlynn

19.12.19


 

Suaimhneas Síoraí dá anam uasal
https://youtu.be/nJcG1iSZEnI

Is údar bróin é bás Arty McGlynn a bronnadh Gradam Saoil air ag Gradam Ceoil TG4 2016 do TG4.  Bhí aithne agus ardmheas ar Arty mar ghiotáraí ar fud na cruinne, áit ar bith a gcloistear agus a seinntear ceol traidisiúnta. Cé gur duine umhal, séimh, tostach ab ea é, bhí éacht bainte amach aige leis an ngiotár a chur chun cinn mar ghléas lárnach sa cheol dúchais.  Agus ní amháin sin, ach tá a thionchar le haithint ar na glúnta ceoltóirí a bhfuil sé mar réalt eolais agus mar laoch ceoil acu.

Rugadh Arty McGlynn sa bhliain 1944 gar don Ómaigh i gCondae Thír Eoghain agus tógadh é i dteach ina raibh ceol agus amhránaíocht le cloisteáil ó dhubh go dubh. Bhí cuisle an cheoil ina thuismitheoirí, rud a thug spreagadh agus muinín do Arty agus é ina ghasúr óg. Sheinn a mháthair ar an bhfidil, agus a athair ar an bhosca ceoil agus ní haon iontas é gur thosaigh Arty ar an bhosca nuair a bhí sé cúig bliana d’aois.  Ba ghearr go raibh smacht aige ar ríleanna mar gur léir go raibh féith an cheoil go smior ann.

Nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois, cheannaigh a máthair giotár dó, rud a spreag é i dtreo an snagcheoil.  Bhí sé an-tógtha leis an stíl agus leis an chumas ceoil a chuala sé ag leithéidí Barney Kessel agus Wes Montgomery.  Sula raibh cúig bliana déag d’aois bainte amach ag Arty bhí sé ag seinm go gairmiúil le grúpaí ceoil.

Chaith sé seal fada ag seinm ar bhonn lánaimseartha le linn na seascaidí suas go dtí deireadh na seachtóidí, agus é ar an bhóthar gan stad agus ag go minic sa stiúideo taifeadta ag obair le grúpaí agus ceoltóirí móra na linne sin.  Ach faoi dheireadh, mheall an ceol dúchais ar ais é agus sa bhliain 1979 thaifead sé agus d’eisigh McGlynn’s Fancy, taifead a bhfuil tionchar láidir aige go fóill ar fhorbairt agus ar mhúnla an cheoil traidisiúnta. Seo an chéad albam riamh a raibh tús áite ag an ghiotár mar uirlis traidisiúnta agus ní haon áibhéil a rá gur cloch mhíle é an ceirnín seo i bhforbairt an cheoil sa fichiú haois.

Thug McGlynn’s Fancy léargas dúinn ar dhomhan ceoil iomlán difriúil ag Arty, ceol a fuair sé “ón tobar” ó leithéidí John Loughran agus Felix Kearney, chomh maith le leaganacha agus ceol úr dá chuid féin. Ina dhiaidh sin, agus an-cháil ar Arty mar cheoltóir aonair agus mar thionlacaí, bhíodh daoine i gcónaí ar a thóir le bheith páirteach i ngrúpaí nó ar thaifid.  Féach an comhluadar a mheall sé: Liam O’Flynn, Christy Moore, Dónal Lunny, Frances Black, Cathal Hayden David Hammond, Paul Brady, Patrick Street, Dé Dannan, Planxty, Shaun Davey agus The Van Morrison Band.  

Le blianta anuas bhí Arty agus a bhean Nollaig Casey ag seinm, an cumadh agus ag cóiriú ceoil.  Tá dhá cheirnín eisithe acu – Lead the Knave agus Causeway –  agus bhíodh siad go minic ar camchuairt ar fud na hEorpa.  Chomh maith tá a saothar le cluinstin ar fhuaimrianta na scannán Moondance agus Hear My Song.