Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sa tsraith ghríosaitheach trí-chuid seo, fiosróidh Aoife Ní Chaiside, iarchaptaen fhoireann camógaíochta Shleacht Néill na baic agus na buntáistí atá le spórt do mhná in Éirinn an lae inniu.

Mná Spóirt - Croí is Anam ag tosú ar TG4

09.04.19

Arna scannánú agus í ar tí an tríú cluiche ceannais camógaíochta Uile Éireann a bhaint i mbliana, shocraigh Aoife Ní Chaiside spéis a chur i gcúrsaí spóirt taobh amuigh de na cluichí Gaelacha a bhfuil sí féin báite iontu. Ag taisteal fud fad na tíre, buailfidh sí le mná ildánacha atá páirteach i réimse leathan spóirt, a chuireann a gcroí agus a n-anam isteach ina spórt féin.

 

Tá níos mó ag baint leis tsraith ná spórt – fiosraíonn sí mar is féidir le spórt cuidiú le cailíní agus le mná ar chuid mhór bealaí; faoin ardú meanman, faoin neart fisiciúil, meabhrach agus mothúchánach a thugann spórt do mhná agus déantar ceiliúradh ar an chumhacht atá ag spórt le mná a thabhairt le chéile i saol atá ag éirí níos scoite.

 

I gclár a haon, fiosróidh Aoife ábhar a bhfuil sí féin eolach air – spórt foirne, chun na luachanna a bhaineann le spórt foirne a fhiosrú – muinín, meas agus cairdeas. Labhróidh sí le Katie Mullan, captaen fhoireann haca na hÉireann a bhuaigh bonn airgid ag Corn an Domhain sa Haca in 2018, faoi na cairde a rinne sí tríd an spórt agus le scothimreoir peile agus camógaíochta le Corcaigh, Rena Buckley, a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ocht n-uaire déag aici. Casfaidh sí leis an té a bhunaigh an feachtas 20×20, a bhfuil sé mar sprioc aige aird an phobail agus na meán a tharraingt ar spórt na mban in Éirinn.

 

Sa dara clár, cuirfidh Aoife suim i mná atá i mbun spóirt atá neamhchosúil lena spórt féin – lúthchleasaithe aonair, nach mbíonn taca na foirne acu mar a bhíonn aicise. Buailfidh sí leis an rábálaí, Patience Jumbo Gula, leis an gcaiteoir teisce, Niamh McCarthy, agus le curadh domhanda sa liathróid láimhe, Aisling Reilly.   Pléifear ceisteanna móra – míchumas, íomhá agus ciníochas i spórt.

 

Sa chlár deiridh sa tsraith, déantar ceiliúradh ar spórt mar chuid den saol agus ar na buntáistí a bhaineann le spórt agus aclaíocht do mhná. Ag cluiche dúshlánach idir a foireann féin, Sleacht Néill, agus foireann as contae Chill Chainnigh, buailfidh Aoife le bainisteoir na foirne agus an laoch mór camógaíochta, Ann Downey, le labhairt faoin laghad ban atá ina n-oifigigh i gcúrsaí spóirt. Tabharfaidh sí cuairt ar scoil Eimear Considine, imreoir rugbaí le foireann na hÉireann, a dhéanann a seacht dícheall gean don spórt a chothú i measc chailíní a scoile agus lena gcoinneáil ag imirt agus tugann Aoife faoi dhúshlán úrnua – MMA i dteannta curadh óg, Leah McCourt, atá ag iarraidh forás a chur faoin spórt in Éirinn.

 

Pléitear réimse leathan spóirt sa tsraith seo ina bhfuil seatanna drámatúla aicsin agus agallaimh fuinniúla cneasta leis an láithreoir, Aoife, agus í ag ullmhú do chluiche ceannais na hÉireann sa chamógaíocht.

 

Mná Spóirt: Croí is Anam arna léiriú ag DoubleBand Films do TG4 agus do BBCNI, le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Blaise den tsraith  https://grabyo.com/g/v/tJmshAZixHN

 

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864 linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: