Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Craolfar ‘Cogadh Faoi Cheilt – Scéal an IRB’ Dé Céadaoin 25ú Meán Fómhair ag 21:00, clár a thugann léargas ar an eagraíocht rúnda a mhúnlaigh stát na hÉireann.

Cogadh Faoi Cheilt - Scéal an IRB

24.09.19

Déantar dearmad ar scéal an IRB sa ré thábhachtach seo de chomóradh. Is intuigthe an fócas ar dhrama na ré seo ó 1912-1916, ach gan obair an IRB sna blianta roimhe sin, seans nach dtarlódh na heachtraí céanna ar chor ar bith, agus ní féidir críochdheighilt a thuiscint, agus an tionchar atá aici go fóill, gan smaoineamh faoi ról an IRB ó 1918-24.

Ní raibh dul chun cinn líneach ann go 1916 agus bunú Tuaisceart Éireann in 1920, agus Saorstát Éireann in 1922. Tógann réaltacht na críochdheighilte ceisteanna faoi oidhreacht an IRB agus a bealach comhcheilgeach. Cuireann Cogadh Faoi Cheilt deighilt na hÉireann in iúl ar dhóigh nua, déanann sé achoimre ar aidhmeanna an IRB – poblacht aontaithe saolta a bhunú le deighilt soiléir idir creideamh agus stát – i gcodarnacht leis an chríochdheighilt a tháinig chun cinn i ndiaidh 1920.

Buíochas le polasaí an IRB faoi ‘entryism,’ tá Conradh na Talún, an CLG, Sinn Féin, Óglaigh na hÉireann agus Conradh na Gaeilge bainte le scéal na heagraíochta seo. Spreag tionscaimh an IRB i leasú chóras na talún, athbheochanas cultúrtha, straitéis mhíleata agus agóid polaitíochta carachtair chomh éagsúil le Lenin agus Gandhi, agus bhí tionchar aici ar na gnéithe is forásaí sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe – ceardchumainn, eagraíochtaí an lucht oibre agus ar an eite chlé, agus fórsaí daonlathacha. Mar gheall ar ghníomhaíochtaí an IRB sa Bhreatain, cruthaíodh Brainse Speisialta na Breataine, seirbhís rúnda na Breataine, leasú príosúin, leasú chóras na talún in Éirinn agus in Albain, scar sé an impireacht is cumhachtaí ar domhan, agus spreag sé réabhlóidithe iomadúla ar fud an domhain.

Tarraingíonn Cogadh Faoi Cheilt ar chuidiú ó shaineolaithe ar an IRB, Fíníneachas, Poblachtachas Éireannach, Réabhlóid na hÉireann, athbheochan na Gaeilge agus cultúr agus litríocht náisiúnach sa 19ú agus san 20ú haois..

Tuilleadh Eolais:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: