Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4

29.05.19

Sparánacht Ghradaim Ceoil TG4 – scéim sparánachta nua fógartha ag Gradam Ceoil TG4 chun cuidiú le ceoltóirí óga agus a dteaghlaigh ar mian leo freastal ar Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach i 2019.

Bronnfar dhá sparánacht i gcéad bhliain na scéime chun tacú le dalta idir 12 agus 15 bliana agus dalta idir 15 agus 18 mbliana d’aois.

Cumhdóidh gach sparánacht an costas a bhaineann le teagasc uirlise de do rogha agus suas le costais €500 don dalta i leith lóistín agus costais.

Chun iarratas a dhéanamh, uaslódáil mír díot féin ag casadh poirt agus déan cur síos gearr ó bhéal nó i scríobh (i mBéarla nó i nGaeilge) ar an gcúis gur tusa a cheart an sparánacht a fháil. Seol sin chuig eolas@gradam.ie faoin 16 Meitheamh.

Ceoltóirí ar bronnadh an gradam Ceoltóir Óg TG4 orthu roimhe seo a thabharfaidh breithiúnas ar na hiarratais agus fógrófar na buaiteoirí ar an 23 Meitheamh.

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: