Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Feachtas #TurnUpTurnOn seolta ag TG4 agus ag an LGFA in am do Chluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann

An Feachtas #TurnUpTurnOn seolta ag TG4 agus ag an LGFA in am do Chluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann

22.08.19

Tá an LGFA agus TG4 – urraitheoirí an Chraobhchomórtais, ag iarraidh lucht tacaíochta Pheil na mBan – chomh maith le lucht spéise nua – a ghríosadh le bheith i láthair ag cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas na Sinsear i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn, nó mura féidir a bheith i láthair a bheith ag féachaint ar na cluichí ar TG4.

Mura mbeidh tú ábalta a bheith i láthair ag na cluichí Dé Domhnaigh, tá an LGFA agus TG4 ag iarraidh ar an lucht tacaíochta ó cheann ceann na tíre TG4 a chasadh air agus féachaint ar na cluichí BEO ar an teilifís agus muid ag seoladh an fheachtais #TurnUpTurnOn.

Den chéad uair riamh, beidh cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus beidh dhá chluiche den scoth ar siúl san ionad mór le rá.

Tabharfaidh céilí comhraic móra Chonnacht, Gaillimh agus Maigh Eo, aghaidh ar a chéile ag an 2 pm chun áit a bhaint amach sa Chluiche Ceannais a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair, agus i ndiaidh an chluiche sin, beidh Áth Cliath, Curaidh reatha Sinsear na hÉireann TG4, le Corcaigh, seaimpíní reatha Roinn 1 i Sraith Náisiúnta Lidl.

Beidh Gaillimh le Maigh Eo arís cé nach bhfuil sé i bhfad ó thug an dá fhoireann aghaidh ar a chéile in athimirt Chluiche Ceannais na gCúigí. Bhí an lá le Gaillimh an uair sin.

Tabharfaidh Áth Cliath agus Corcaigh aghaidh ar a chéile arís den chéad uair ó imríodh cluiche leathcheannais Roinn 1 Shraith Náisiúnta Peile Lidl ar Pháirc Uí Nualláin. Bhí an dá fhoireann ar chomhscór ag lán-am ach fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Áth Cliath i ndiaidh am breise.

Is iad an dá fhoireann chéanna a bhí i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4 2018 a imríodh os comhair an slua is mó riamh – 50,141 duine a bhí i bPáirc an Chrócaigh do chluichí ceannais Pheil na mBan.

Táimid ag iarraidh go gcasfaidh tithe tábhairne, cumainn, bialanna, óstáin, gnóthaí áitiúla eile chomh maith le húinéirí tí ar fud na hÉireann agus thar lear ar TG4, agus féachaint ar TG4, nuair a thabharfaidh na foirne den scoth seo aghaidh ar a chéile chun áit a bhaint amach sa Chluiche Ceannais.

Tarraingíonn clúdach TG4 lucht féachana suntasach in Éirinn agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, thar ceann TG4: “Déanaim comhghairdeas leis an LGFA as an ócáid stairiúil seo – cluichí leathcheannais na bliana seo a bheith á n-imirt den chéad uair ar Pháirc an Chrócaigh. Tabharfar ardán cuí anois do na himreoirí agus do na foirne  agus is cinnte go mbeidh iomaíocht mhór sa dá chluiche.  Tá spórt na mban i gcroílár straitéis clár TG4 agus tá ríméad orainn tacú leis an bhfeachtas #TurnUpTurnOn.  Trí chur le lucht tacaíochta agus lucht féachana Pheil na mBan, leagtar béim ar an spórt is mó a bhfuil tóir air in Éirinn do mhná agus tá súil againn go réiteoidh sin an bealach do lúthchleasaithe mná eile in Éirinn atá ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh. Mar sin bígí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh nó bígí ag féachaint ar na cluichí ar TG4.  Caillfidh sibh ócáid thar a bheith speisialta mura ndéanfaidh sibh amhlaidh!”

Dúirt Marie Hickey, Uachtarán Chumann Pheil na mBan: Táimid thar a bheith sásta go mbeidh cluichí ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 2019 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí an líon is mó daoine fós i láthair ag Cluichí Ceannais 2018 agus táimid ag súil le slua mór eile i mbliana nuair a bheidh Gaillimh, Maigh Eo, Áth Cliath agus Corcaigh ag fáil faoi réir dá gcuid cluichí leathcheannais.

Tá go leor i gceist do bhuaiteoirí na gcluichí seo – deis dul chun páirce ag 4pm Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4. 

Ba bhreá linn slua mór a fheiceáil Dé Domhnaigh seo chugainn agus táimid ag iarraidh go dtiocfaidh an oiread daoine agus is féidir chuig Páirc an Chrócaigh.

Ach mura mbeidh tú ábalta a bheith i láthair ag na cluichí, táimid ag iarraidh go gcasfaidh an oiread daoine agus is féidir ar TG4 le féachaint ar dhá chluiche den scoth de Pheil na mBan.

Tá an-áthas orm an feachtas seo #TurnUpTurnOn a fhógairt agus táim ag moladh do dhaoine ar fud na hÉireann agus thar lear an haischlib #TurnUpTurnOn a úsáid ar a gcuid pictiúr agus físeán díobh féin agus iad ag faire ar na cluichí.”

Beidh deis ag gach duine a bhainfidh úsáid as an haischlib #TurnUpTurnOn sna laethanta roimh chluichí an Domhnaigh, agus ar an Domhnach freisin, ticéid chuig Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair a bhuachan.

Is cuma cibé má tá sé i gceist agat a bheith i bPáirc an Chrócaigh nó féachaint orthu ar an teilifís – beidh tú fós incháilithe le cur isteach ar an gcomórtas trí do chuid pictiúr agus teachtaireachtaí a chlibeáil leis an haischlib #TurnUpTurnOn.

 

Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Pheil na mBan TG4

Dé Domhnaigh an 25 Lúnasa

Gaillimh v Maigh Eo; Páirc an Chrócaigh, 2pm (BEO, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)

Áth Cliath v Corcaigh; Páirc an Chrócaigh, 3.35pm (BEO, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)