Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Sé Mo Laoch ar ais don 10ú séasúr

13.12.19

 

Gach Domhnach ón 12ú Eanáir ag 9:30pm ar TG4.

Scéalta agus ceol mhórlaochra an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn atá i ‘Sé mo Laoch TG4.  Déanfar cumas ceoil agus cruthaitheachta roinnt de na ceoltóirí agus na hamhránaithe is fearr aithne sa tír a cheiliúradh i ngach aon cheann de na cláir faisnéise aon uair an chloig seo. Léireofar an éagsúlacht mhór atá idir na stíleanna ceoil agus idir na ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn sa tsraith seo. I measc na n-aíonna, beidh an giotáraí Steve Cooney, a rugadh san Astráil, Paddy Glackin, an fidléir agus craoltóir as Baile Átha Cliath, an t-amhránaí Oiriall & an cumadóir Pádraigín Ní Uallacháin, fear na feadóige móire as Ros Comáin Patsy Hanly, agus an boscadóir den scoth as Gaillimh, Máirtín O’Connor.   Ní mar a chéile atá aon cheann de na cláir agus insíonn na ceoltóirí ceannródaíocha seo a scéal féin ar bhealach pearsanta.

Is é Steve Cooney, giotáraí ón Astráil, a chuirfidh tús leis an tsraith ar an 12ú Eanáir ag 21:30. Rugadh agus tógadh Steve Cooney i Melbourne na hAstráile agus ó bhog sé go hÉirinn in 1981 tá tionchar faoi leith fágtha aige ar dhomhan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.   Léiriú air sin iad na grúpaí a raibh Conney ag ceol leo agus na halbaim aitheanta a raibh sé ag ceol orthu, an chéad cheirín ó Sharon Shannon agus ‘Meitheal’ ceannródaíoch le Séamus Begley agus go leor eile ina measc. Go deimhin níl giotáraí óg sa tír nach ndearna iarracht aithris a dhéanamh ar a stíl. Is iad Iarla Ó Lionaird, Laoise Kelly, Caoilte Cooney, Dermot Byrne, Odhrán Ó Casaide agus Colum agus Tommy Sands a bheidh ar an gclár leis.

Amhráin agus amhránaíocht an amhránaí thraidisiúnta Oirialla Pádraigín Ní Uallacháin a bheidh faoi chaibidil sa dara clár den tsraith 5 clár seo.   Is as Contae Ard Mhacha agus Contae Lú a muintir agus tógadh i dteaghlach ochtar gasúr í ina labhraítí Gaeilge.  Ceoltóir traidisiúnta ilghnéitheach is ea í: amhránaí gairmiúil ó 1999, taighdeoir, cumadóir amhrán, údar agus cumadóir ceoil. Inseoidh sí a scéal féin ar a bealach féin. Le Steve Cooney, Dónal O’Connor, Odhrán Ó Casaide, Ríoghnach Connolly, Zoe Conway, John McIntyre, Feilimí agus Siubhán O’Connor, Darren MacAoidh agus Sylvia Crawford.

Is é fear na feadóige móire a bhfuil an-mheas air Patsy Hanly as Co. Ros Comáin a bheidh faoi chaibidil sa gcéad chlár eile. Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Patsy Hanly mar cheoltóir cumasach ar an bhfeadóg mhór atá sáite i stíl láidir thuaisceart Chonnachta agus tá an-tionchar aige ar ghlúin de sheinnteoirí na feadóige móra. Tabharfar léiriú dúinn ar a shaol agus ar a cheol le haíonna ar nós John Carty, Catherine McEvoy, John Wynne, Rachel McGarvey, Conall Ó Gráda, Alan agus John Kelly, Tommy Guihen agus John Carlos agus le Angelina Carberry agus Dan Brouder.

Saol agus gairm an fhidléara Paddy Glackin a bheidh sa cheathrú clár.  Tá Glackin ar dhuine de na fidléirí traidisiúnta is mó cáil in Éirinn. Rugadh i mBaile Átha Cliath é ach tá dlúthbhaint ag a mhuintir le Tír Chonaill. Iar-bhall den Bothy Band is ea é agus tá cáil air ina thráchtaire agus mar léachtóir ar cheol na hÉireann. Tá an-tóir ar Paddy ag seisiúin cheoil agus chaith sé blianta ina léiritheoir sinsearach i Raidió RTÉ. Beidh ceol agus ábhar ó Robbie Hannan, Dermot McLaughlin, Kevin agus Séamus Glackin agus Dónal Lunny ar an gclár.

Mura bhfuil ag duine ach an méid is lú spéise i gceol traidisiúnta fiú, tá seans ann go bhfuil ceol an bhoscadóra Máirtín O’Connor cloiste acu agus seans ann freisin gur bhaineadar sult as. Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Mháirtín mar cheoltóir cumasach leis na grúpaí aitheanta Midnight Well, Skylark agus De Dannan – grúpa a chuidigh ceol na hÉireann a thabhairt os comhair an domhain mhóir san 1970idí agus 1980idí. Cuirimíd aithne ar a shaol agus a cheol in éineacht le haíonna ar nós Cathal Hayden, Seamie O’Dowd, Jimmy Higgins, Sean Keane, Donal Lunny, Zoe Conway, Garry O’Briain, Ciara O’Connor agus Sinéad O’Connor.

Ciarán Ó Maonaigh a stiúir, Dónal O’Connor a léirigh agus Niamh Ní Bhaoill an Léiritheoir Feidhmiúcháin. Aniar TV a bhí mbun léirithe ar ‘Sé mo Laoch.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: