Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4, Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta & Mary Uí Chadhain Stiúrthóir Airgeadais TG4

Scéim Nua Forbartha Oiliúna sna Meáin Fógartha ag TG4 & Údarás na Gaeltachta

24.01.19

Tá tionscadal nua, Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin, fógartha ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta. Is é aidhm na scéime tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus glúin nua tallainne a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

TG4 agus Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise anois ó Chomhlachtaí Neamhspleácha a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.

Tá dhá chuid i gceist sa tionscadal seo, Scéim Taithí Oibre, atá dírithe ar dhaoine atá ag tosú amach san earnáil agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil agus Scéim Sparánachta Uasoiliúna atá dírithe ar dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid oiliúna.

Faoin Scéim Taithí Oibre, cuirfear fáilte roimh iarratais ó Chomhlachtaí Léiriúcháin a bhfuil suim acu duine a fhostú ar feadh tréimhse bliana, i réimse scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann dar leis an gcomhlacht.   Sampla de na réimsí scileanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist is ea Eagarthóirí, Stiúrthóirí, Taighdeoirí, Léiritheoirí Cúnta & Oifigigh Forbartha Léiriúcháin.

Maidir leis an Sparánacht Uasoiliúna, tá iarratais á lorg ó chomhlacht, nó ó dhuine aonair, atá ag obair sa tionscal cheana féin, ar thacaíocht chun freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise a chuideoidh leo a ngairm a fhorbairt.  Is é aidhm na sparánachtaí seo forbairt scileanna agus saineolas ardleibhéil a spreagadh san earnáil.

Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, fáilte roimh an bhfógra:

“Is cuid lárnach de straitéis TG4 é fás agus forbairt a spreagadh sa tionscal closamhairc Gaeilge.  Déanann TG4 os cionn €23m a infheistiú go bliantúil san earnáil neamhspleách agus is gné thábhachtach d’fhorbairt na hearnála foirne ardoilte a chothú agus a thabhairt chun cinn, rud a rachaidh chun leasa an tionscail léiriúcháin agus chruthaithigh, go mór mór sna réigiúin”. 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Táimid thar a bheith sásta a bheith ag obair i gcomhpháirt le TG4 agus leis an earnáil teilifíse neamhspleáiche ar an Scéim seo. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt thionscal na meán cruthaitheach digiteach le blianta fada agus táimid dóchasach go gcuirfidh an scéim nuálaíoch bhríomhar seo téagar le forbairt sruth tallainne agus scileanna nua san earnáil closamhairc agus meán digiteach Gaeilge in 2019. Tá an scéim ag luí le straitéis an Údaráis tacú le cláir oiliúna agus oideachais chun scileanna agus infhostaitheacht sa Ghaeltacht a fhorbairt.”

Déanfaidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta araon infheistíocht shuntasach €160,000 sa scéim phíolótach seo chomh maith le hionchur na hearnála neamhspleáiche ina mbeidh na deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar fáil. Is féidir sonraí na scéime agus foirmeacha iarratais a fháil ag www.tg4.ie/oiliuint agus  www.udaras.ie

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie
Páid Ó Neachtain, Údarás na Gaeltachta – 091 503111 | 087 3012510, pon@udaras.ie

Cuir aithne orainn: