Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá sé fógartha ag RTÉ agus ag TG4 inniu (Dé Máirt an 16 Aibreán, 2019) go bhfuil socrú déanta le FIFA gach cluiche de Chorn Domhanda FIFA na mBan 2019 a chraoladh beo an samhradh seo.

RTÉ agus TG4 tagtha le chéile le Corn Domhanda IFA na mBan a thaispeáint ar an teilifís den chéad uair

16.04.19

Ag tosú Dé hAoine an 7 Meitheamh leis an Searmanas Oscailte agus le cluiche de Ghrúpa A ina n-imreoidh an tír óstach An Fhrainc in aghaidh na Cóiré, roinnfidh RTÉ an clúdach feadh an chomórtais agus beidh gach cluiche ar fáil saor go haer ag lucht féachana in Éirinn.

 

Déanfar 23 cluiche a chraoladh ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ina measc 3 cinn de na cluichí ceathrú ceannais, cluiche leathcheannais amháin agus an cluiche ceannais an Domhnach an 7 Iúil.

 

Craolfar 29 gcluiche ar TG4 ina measc an chéad chluiche, aon chluiche ceathrú ceannais amháin, cluiche leathcheannais amháin, an cluiche a shocróidh cé a thiocfaidh sa 3ú háit agus buaicphointí an chluiche ceannais.

Darragh Maloney, Jacqui Hurley agus Peter Collins a chuirfidh clúdach RTÉ i láthair.

 

Dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennet“Tá ríméad ar RTÉ go mbeimid, i gcomhar le TG4, in ann Corn Domhanda FIFA na mBan ar fad a thaispeáint den chéad uair, saor go haer, do lucht féachana in Éirinn. Tá sé tráthúil go leor go bhfuil an fógra seo á dhéanamh sé mhí díreach ó seoladh an tionscnamh 20 X 20 chun athrú a chur ar an meon atá ann i dtaobh cailíní agus mná i spórt”.

 

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt TG4: “Tá TG4 ag tacú go gníomhach le Spórt na mBan le blianta fada. Is céim nua chun cinn í seo atá ag teacht go deas leis an bhfeachtas 20×20, a bhfuil an-tábhacht leis. Is sampla iontach freisin é den bhealach a bhfuil eagraíochtaí Meán Seirbhíse Poiblí in ann oibriú le chéile chun an t-ábhar is fearr ar an teilifís a chur faoi bhráid lucht féachana dílis, saor go haer”.

 

CRÍOCH

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

 

RTÉ

Fergus McCormack, RTÉ Sport Press Officer /Fergus.mccormack@rte.ie / 086 8674751

Sharon Brady, Senior Communications Manager RTÉ /Sharon.brady@rte.ie / 087 685 8975

 

TG4

Rónán Ó Coisdealbha, Ceann Spóirt, TG4 / ronan.o.coisdealbha@TG4.ie – 087 2472841

Trevor Ó Clochartaigh, Bainisteoir Cumarsáide TG4 / trevor.o.clochartaigh@TG4.ie / 087 2476624

 

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, 087 2476624 trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: