Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

John Rafferty as Béal Feirste a chroch craobh ‘Glór Tíre’ 2019 leis

John Rafferty as Béal Feirste a chroch craobh 'Glór Tíre' 2019 leis

27.03.19

Is é John Rafferty as Béal Feirste a chroch craobh TG4 ‘Glór Tíre’ 2019 leis aréir, beo ó Theach Ósta na Céíbhe i nGaillimh.

I mbabhta ceannais a raibh dian-iomaíocht i gceist ann, is é John Rafferty a fuair tromlach na vótaí ón bpobal chun an ceann is fearr a fháíl ar Damien Davis as Muineachán & Noreen Rabbette as Uíbh Fhailí, chun an craobh a mbíonn an-tóir air, mar sheaimpín ‘Glór Tíre’ 2019 agus duais airgid de €5000, a bhuachan.

Is é an réalt ceol tíre Johnny Brady a bhí mar mheantóir ag John Rafferty

Ag labhairt dó i ndiaidh an comortas a bhuachan, deir John Rafferty:

“Is é an rud is fearr ar domhan é. Ba mhaith liom míle buíochas a ghlacadh le TG4 agus gach duine ar fhoireann ‘Glór Tíre‘. Thug siad ar fad aire na huibhe dúinn agus bhí gach rud díreach ceart. Tá cluaisíní croí orm faoi láthair ach fiecifdh muid cén fhad a mhaireann sé sin. Ach, beidh an bóthar romham iontach, sílim. Tá súil agam!”

Léirithe ag Gaelmedia, is iad Aoife Ní Thuairisg agus Séamus Ó Scanláin a bhí mar láithreoirí ‘Glór Tíre’ i mbliana. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jo Ní Chéide a bhí ag moltóireacht. Vóta pobail a shocraigh an buaiteoir.

Nuair a bhí an buaiteoir fógartha, seo mar a labhair John Creedon:

“Má bhí bliain ar bith chun buachan, ba í seo an bliain chun buachan, mar bhí an caighdeán ag an leibhéal is airde riamh. Bhí comórtas den chéad scoth againn. Ar fheabhas. Agus bhí an bheirt iomaitheoir eile ar fheabhas chomh maith.”

Is féídir leat féachaint siar ar chláir uile ‘Glór Tíre’ na bliana seo ar shuíomh TG4 anseo.

Tuilleadh Eolais:
Linda Ní Ghríofa, (087)9172864 linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: