Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An ‘Clash of the Titans’ le craoladh ar Theilifís Saor go hAer

Dornálaíocht Ghairmiúil ón Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath le craoladh beo ar TG4 Dé Sathairn an 30 Márta

22.03.19

Tá sé deimhnithe ag TG4 i gcomhar le Assassin Boxing agus Boxing Ireland Promotions go gcraolfar an deich dtroid a bheidh mar chuid den ‘Clash of the Titans’ beo Dé Sathairn an 30 Márta. Beidh clúdach beo den dornálaíocht ar YouTube agus ar phríomhchainéal TG4 ón 8:30pm go dtí 11:00pm.

Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach den dornálaíocht ghairmiúil ó ‘Clash of the Titans’ sa Staid Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar fáil le linn na hoíche. Craolfar gach ceann den deich dtroid ar chainéal YouTube TG4 do lucht féachana na hÉireann. Craolfar na troideanna a bheidh ar siúl níos déanaí an oíche sin ar phríomhchainéal líneach TG4 ón 8:30pm ar aghaidh.

Beidh an troid idir Eric Donovan agus Stephen McAfee chun craobhchomórtas cleitmheáchain na hÉireann a bhaint amach i measc na dtroideanna. Níl an chraobh sin ag aon duine faoi láthair. Tabharfaidh Donovan, arbh é Curadh cleitmheáchain BUI Celtic é roimhe seo, aghaidh ar churadh reatha chleitmheáchan trom Celtic chun craobh na hÉireann a bhaint amach. Áirítear i measc na dtroideanna eile a bheidh ar siúl ar an oíche – Katelyn Phelan v Monika Antonik, Victor Rabei v Jake Hanney, Dylan Moran v Gyrorgy Mizei agus Allan Phelan v Aiden Metcalfe.

Tabharfaidh Katelynn Phelan, a bhain bonn cré-umha amach i gComórtas Domhanda na nÓg agus i gComórtas Sóisear na hEorpa, aghaidh ar Monika Antonik. Is í Katelynn, atá 18 mbliana d’aois, deirfiúr óg an dornálaí ghairmiúil Allan Phelan. Tabharfaidh Allan aghaidh ar Aidan Metcalfe chun craobh cleitmheáchain BUI Celtic a bhaint amach an 30 Márta chomh maith. Throid Monika Antonick, ar as an bPolainn í, sna Cluichí Oilimpeacha roimhe seo agus is in aghaidh Monika a bhí Natasha Jonas nuair a throid sí a céad throid ghairmiúil i Lúnasa 2017.

Is í Máire Treasa Ní Cheallaigh a chuirfidh an clúdach beo de Clash of the Titans’ i láthair agus is iad Andy Lee, Kenneth Egan, Darren O’Neill, Ryan Burnett agus Seán Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta agus anailíse.  Is é Cárthach Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar chainéal YouTube TG4. Vitel TV atá lonnaithe i Luimneach a léireoidh an craoladh beo.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha:  “Tá ríméad ar TG4 oíche mhór dornálaíochta eile a chraoladh as an Staid Náisiúnta. Craoladh oíche dornálaíochta den scoth as Caisleán an Bharraigh mí na Nollag seo caite agus creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ardán náisiúnta ann do lucht dornálaíochta chun a gcuid tallainne a chur os comhair an phobail. Tá an-áthas orainn go bhfuilimid ábalta an comórtas seo a chraoladh saor go haer don lucht féachana náisiúnta.”

Dúirt Conor Slater ó Assassin Promotions “Tá sé thar cionn an dornálaíocht ghairmiúil a bheith ar ais ar scáileáin na hÉireann. Creidim go bhfuil tóir ollmhór ar an spórt seo in Éirinn, agus is teistiméireacht ar an obair atá déanta ag TG4 an méid poiblíochta atá faighte ag an dornálaíocht le bliain anuas. Airím go mbeidh tóir mhór ar chomórtais dornálaíochta, agus is iontach an rud é go bhfuil comhpháirtí líonra againn a chreideann i gcúrsaí spóirt na hÉireann. Feicfidh muintir na hÉireann arís an 30 Márta chomh maith is atá dornálaithe gairmiúla na hÉireann faoi láthair.

Craoladh TG4 – Dé Sathairn an 30 Márta

Beo ar YouTube ón 5:55pm –  craolfar an 10 dtroid beo ar leathanach YouTube Spórt TG4:   www.youtube.com/tg4

Beidh craoladh beo ar an ócáid ar phríomhchainéal TG4 ón 8:30pm go dtí 11pm.

6:00pm Keane McMahon v TBA     4 bhabhta x3 nóiméadYouTube

6:20pm Graham McCormack v Jade Karam 6 bhabhta x3 nóiméad YouTube

6:40pm Cillian Reardon v Jordan Latimer 6 bhabhta x 3 nóiméad YouTube

7:00pm James Tennyson v Andreas Maier 6 bhabhta x 3 nóiméad YouTube

7:25pm Dylan Moran v Gyrorgy Mizei 8 mbabhta x 3 nóiméad YouTube

7:55pm Allan Phelan v Aiden Metcalfe 8 mbabhta x 3 nóiméad YouTube

8:35pm Martin Quinn v Francy Luzoho 6 bhabhta x 3 nóiméad YouTube + TG4

9:05pm  Katelyn Phelan v Monika Antonik 4 bhabhta x 2 nóiméad YouTube+ TG4

9:20pm Victor Rabei v Jake Hanney  8 mbabhta x 3 nóiméad YouTube + TG4

10:05pm Eric Donovan v Stephen McAfee 10 mbabhta x 3 nóiméad YouTube + TG4

 

Féach ar bhlaisín anseo

Tuilleadh eolais:
Tomás Ó Neachtain, 091 505050
Rónán Ó Coisdealbha, TG4   Mobile:  087 2472841

Cuir aithne orainn: