Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Léiríonn figiúirí a d’eisigh an craoltóir náisiúnta Gaeilge TG4 inniu go bhfuil an stáisiún ag dul ó neart go neart i dtaobh ábhar craolta ar teilifís agus ar líne chomh maith le bheith ag láidriú comhlachtaí san earnáil agus ag cur le fostaíocht sna réigiúin.

Bliain bhisiúil eile ab ea an 2018 ag TG4

15.01.19

Chuaigh an €22.9m d’infheistíocht dhíreach a rinne TG4 san earnáil neamhspleách léiriúcháin go mór chun tairbhe don stáisiún, ar éirigh leo 87% den lucht féachana iomlán in Éirinn a aimsiú le linn na bliana 2018 agus ar fhéach os cionn 904,000 duine ar chláir ar an stáisiún Domhnach Cásca, an lá is mó sa bhliain a raibh lucht féachana acu.  Peil agus Iománaíocht a bhain an lucht féachana is mó amach arís ach gur fhéach líon mór daoine ar chláir cheoil & faisnéise freisin ar TG4 le linn 2018.

De réir an chórais ‘Fios Físe’ is iad Nuacht TG4, Fleadh TV, Oireachtas 2018 & Ros na Rún na cláir is mó ar bhain an croí lucht féachana, daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, sásamh astu ar an teilifís. Tá lorg TG4 ag méadú ar líne freisin agus is as Éirinn, an Bhreatain, na Stáit Aontaithe agus an Astráil is mó atá an trácht ar Sheinnteoir TG4. Díol suntais iad an 34m babhta ar fhéach daoine ar nóiméad nó os a chionn d’abhar TG4 ar an seinnteoir, chomh maith leis an 18 milliún amharc físe a tharraing ábhar TG4 ar a chuid ardán meán sóisialta. Tá ag éirí an-mhaith ar fad leis an aip nua ‘Molscéal’, a seoladh i mí na Samhna, a bhfuil breis is 2m amharc faighte aici go dáta. Tosaíodh ag léiriú dhá fhadscannán nua i nGaeilge mar chuid den tionscnamh Cine4 in 2018 freisin, chomh maith le dhá thionscnamh nua comhléiriúcháin idirnáisiúnta a bheith bunaithe.

Tá tacaíocht forleathan tugtha d’ócáidí a craoladh beo – Peil na mBan, ‘Fáilte 2019’, Fleadh TV & Comórtas Peile na Gaeltachta mar shampla chomh maith le forbairtí de mhacasamhail ‘BLOC’, an branda ar-líne a bhfuil gradaim buaite aige. Cruthú arís eile iad seo go bhfuil ag éirí leis an modh oibre atá ag TG4 chun ábhar ceannródaíoch agus nuálach a chruthú ach atá fós dílis don chur chuige ‘Súil Eile’, atá aitheanta anois le gach a ndéanann an stáisiún.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: