Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Grianghraif: Alan Esslemont Ard-Stiúrthóir TG4, Micheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta & Mary Uí Chadhain, Stiúrthóir Airgeadais & Gnó TG4 ag seoladh comhfhiontar oiliúna le déanaí.

Stiúrthóir Airgeadais & Gnó TG4 ag éirí as

04.03.19

Tá sé fógartha ag TG4 inniu go mbeidh Mary Uí Chadhain, Stiúrthóir Airgeadais & Gnó an stáisiúin ag dul ar scor i mí Mheán Fómhair, 2019, tar éis 19 mbliana seirbhíse leis an eagras.

Tá sé socraithe ag Mary, atá ag obair le TG4 ó 2000, éirí as a cuid cúraimí go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair.

Seo mar a labhair sí faoina cinneadh inniu:

“Tá mé ag fágáil TG4 tar éis 20 bliain d’aistear iontach agus ba mhaith liom comhghairdeas agus buíochas ó chroí a ghlacadh le mo chomhghleacaithe agus ár gcomhpháirtithe sa tionscal, maidir leis an méid atá bainte amach.

“Tá lán-mhuinín agam go dtiocfaidh tuilleadh ratha agus forbartha ar TG4 sna blianta atá amach romhainn agus é ag cur seirbhís shiamsúil, d’ardchaighdeán ar fáil don lucht féachana”.

Mar Stiúrthóir Gnó & Airgeadais TG4, bhí cúram uirthi ó thaobh rialú airgeadais agus forbairt gnó na heagraíochta. Bhí sí lárnach sa bhforás a tháinig ar earnáil léiriúchán neamhspleách in Éirinn, ag plé le cuideachtaí ó thaobh forbartha ar a gcuid gnólachtaí agus conarthaí ollsoláthair léiriúcháin a thabhairt chun cinn.

Is as an gCaiseal i gConamara Mary ó thús, agus cúlra gnó aici óna muintir, muintir Boulger, a raibh gnó óstaíochta acu san áit. D’oibrigh sí le comhlachtaí éagsúla i gConamara sular ghlac sí le post i TG4. Tá dlúthbhaint ag Mary chomh maith le pórú, díol agus ceannach Chapaillíní Chonamara.

Ina ról mar Stiúrthóir Airgeadais & Gnó, bhí baint mhór ag Mary le Straitéis Chorparáideach 5 Bliana TG4 a fhorbairt agus in ullmhú tuarascálacha agus cáipéisí gealltanas bliantúla do gheallsealbhóirí TG4.

Léirigh Mary ceannasaíocht leanúnach chomh maith i dtaca le maoiniú breise a aimsiú do TG4, ó fhoinsí poiblí agus tráchtála araon.

Rinne sí ionadaíocht do TG4 ar fhóraim ghnó agus forbartha éagsúla, IBEC & NIMUX ina measc.

Ag fógairt na nuachta seo inniu, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

“Is ball iontach luachmhar den fhoireann bainistíochta i TG4 í Mary le fada. Tá taithí agus saineolas leathan aici, rud a fhágann go bhfuil ardmheas agus iontaoibh ag an bhfoireann agus ag an earnáil aisti. Is buntáiste d’Údarás na Gaeltachta é go mbeidh sí ag leanúint ar aghaidh ina ról mar bhall den bhord sin agus guíonn muid gach rath uirthi ina saol nua, cibé cén bóthar a leanfaidh sí”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach TG4, Siún Ní Raghallaigh, faoin bhfógra freisin:

‘Mar Rúnaí na Cuideachta, bhí Mary ina rannpháirtí ríthábhachtach ar Bhord TG4. Thug sí stiúir mhaith mar bhall den fhoireann bainistíochta agus bhí sí grinn, géarchúiseach ina tuiscint chriticiúil ar chúrsaí gnó’.

Tá súil ag TG4 fógra a dhéanamh go luath maidir le comharba a cheapadh ar Mhary Uí Chadhain.

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn: