Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fáiltíonn TG4 roimh an Bhille Craolacháin (Leasuithe) 2019

Fáiltíonn TG4 roimh an Bhille Craolacháin (Leasuithe) 2019

02.08.19

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh an scéala go bhfuil an Bille Craoltóireachta (Leasuithe) 2019 foilsithe ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Richard Bruton TD.

Ag labhairt dó inniu deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Tá muid ag súil go mór le scrúdú iomlán a dhéanamh ar fhorálacha an bhille nua, ach fáiltíonn TG4 roimh an bhéim atá leagtha ag an Aire ina ráiteas ar thábhacht na craoltóireachta seirbhíse poiblí, i gcomhthéacs athruithe móra atá tagtha ar chórais soláthar nuachta agus na dúshláin a bhaineann le forbairtí teicneolaíochta agus fás na n-ardán nua digiteacha. Tá sé iontach tábhachtach ábhar na gcraoltóirí seirbhíse poiblí a choinneáil i lár an aonaigh sa mhargadh seo.

“Bhí TG4 nuálach i gcónaí leis an gcur chuige ó thaobh ‘Súil Eile’ a thugann muid don chraoltóireacht in Éirinn. Is féidir linn sin a dhéanamh mar go bhfuil foireann chumasach, ardoilte againn agus muid ag obair i gcomhpháirt leis an earnáil léirithe neamhspleách agus craoltóirí eile.  Tá na beartais oiliúna atá luaite ag an Aire inniu le moladh chomh maith.

“Inár straitéis cúig bhliana léiríonn muid chomh héifeachtach is atá TG4 maidir le luach a thabhairt don phobal agus seirbhís craoltóireachta poiblí den chéad scoth á chur ar fáil againn. Díríonn an straitéis chomh maith ar fhorbairt an tionscal chruthaitheach, go háirithe sna réigiúin, mar aon le scileanna nua a thabhairt chun cinn ar bhonn leanúnach.

“Faoi láthair faigheann TG4 formhór ár gcuid maoinithe díreach ón Roinn. Tá muid ag éileamh ardú do €7.2m ar sin go bliantúil, chun 150 post nua a chruthú agus 111 uair a chloig do chláir bhreise teilifíse in aghaidh na bliana a chur ar fáil. Tá tacaíocht láidir tugtha don straitéis ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta & na nOileán i dTithe an Oireachtais.

“Tá TG4 ag súil go gcuirfidh an Bhille nua bunús níos láidre faoin earnáil, chun ábhar den scoth a chur ar fáil, chomh maith le luach ar airgead maith a thabhairt agus tá TG4 réidh agus sásta a bheith rannpháirteach san obair thábhachtach seo”.

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie,(087)2476624

Cuir aithne orainn: