Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Martin Conmey – ‘Finné’ – TG4

Ceann de na Príomh Ghradaim Buaite ag ‘Finné’ TG4 ag na ‘Justice Media Awards’

27.06.19

Tá ceann de na príomh ghradaim buaite ag cláir ó shraith fhaisnéise TG4, ‘Finné’, ag na Justice Media Awards a bronnadh inniu. Aithníonn na gradaim seo iriseoireacht chlóite agus físe den chéad scoth, a chuidíonn leis an tuiscint atá ag an bpobal ar chúrsaí ceartais, an córas dlíthiúil agus ceisteanna dlí.

Mórshraith faisnéise atá i ‘Finné, léirithe ag an gcomhlacht Gaillimheach Magamedia, thar thréimhse 12 mí,  ina dtéann comhfhreagraí cúirte RTÉ, Orla O’Donnell, ag tochailt na scéalta daonna taobh thiar de na ceannlínte nuachta cáiliúil in Éirinn le blianta beaga anuas.

Bronnadh an Gradam do thuairisciú Cearta Daonna/Ceartas Sóisialta ar chlár faoi Martin Conmey, ina dtráchtann sé ar an méid atá déanta aige le breis is dhá scór bliain lena ainm a ghlanadh maidir le dúnorgain Una Lynskey. Nuair a chuaigh bean óg ar iarradh i gContae na Mí i 1971, thit scáth an amhrais ar thriúr comharsa dá cuid, Conmey ina measc. Ciontaíodh i ndúnorgain iad agus chaith Martin trí bliana sa phríosún. Bhí a mhisneach caillte uile ag Martin go dtí go bhfaca sé an Guildford 4 á scaoileadh amach as an bpríosún sa bhliain 1989. Insíonn Martin dúinn faoin bpardún a fuair sé ón Stát in 2014 i ndiaidh dó breis is dhá scór bliain a chaitheamh faoi amhras.

Ag labhairt di i ndiaidh bronnadh na ngradam, deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne:

“Déanann TG4 comhgháirdeas ó chroí le Magamedia agus gach duine a bhí bainteach leis an tsraith chumhachtach seo. Tá muid thar a bheith buíoch do na Justice Media Awards as ucht an onóir seo a bhronnadh ar an gclár. Tá TG4 iontach sásta glór a thabhairt do dhaoine cosúil le Martin Conmey chun scéalta ár linne agus a scéalta pearsanta féin a insint. Tá áthas orainn fáiltiú chomh maith roimh shraith nua do ‘Finné’ a bheidh á chraoladh sa bhFhómhar ar TG4, áit a mbeidh tuilleadh scéalta, atá inste don chéad uair ar an tslí seo, le feiceáil. Níl aon amhras ach go bhfuil ‘Súil Eile’ TG4 le brath go smior sa tsraith seo”.

 

Mura bhfaca tú iad roimhe seo iad, tá an sé chlár sa tsraith ‘Finné’ le fáil ag www.TG4.ie/finne agus an clár buacach faoi Martin Conmey ag na nasc seo: https://bit.ly/2X59j39 .

Tá breis eolais faoi na gradaim Justice Media Awards féin ag: www.jmawards.ie/

 

 

CRÍOCH

 

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, (087)2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: