Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

De Valera i Meiriceá; Sraith nua faisnéise faoi thuras Éamon de Valera go Meiriceá i 1919

De Valera i Meiriceá

09.09.19

Sraith faisnéise dhá chlár ar TG4 é ‘De Valera i Meiriceá’ ina ndéantar cur síos den chéad uair ar an turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919.

Tharraing an turas céanna achrann agus deighilt i measc Gael-Mheiriceánach cúpla mí sular tharla scoilt sa mbaile in Éirinn faoin gConradh Angla-Éireannach. Bhí baint ag Éamon de Valera leis an dá aighneas ach go bhfuil dearmad déanta, a bheag nó a mhór, ar an méid a thit amach i Meiriceá.
 

 
Céad bliain i ndiaidh aistear Dev ar Mheiriceá, beidh míreanna cartlainne nár facthas fós ó Chumann Staire na hÉireann-Mheiriceá i Nua-Eabhrac le feiceáil sa chlár faisnéise ceannródaíoch seo. Bréagnaíonn an fhianaise nua an cuntas oifigiúil a thug De Valera ar an turas sin go Meiriceá, fianaise a chuirfear i láthair den chéad uair ar theilifís in Éirinn sa chlár seo.

Craolfar Cuid a hAon den tsraith ar TG4 Dé Céadaoin an 11 Meán Fómhair ag 9.30pm agus déanfar cur síos ar mar a d’éalaigh Éamon de Valera ar bhád go Meiriceá i 1919 agus gur fhógair sé
i bhforhalla an óstáin ba rachmasaí ar domhan gurb é “An Chéad Uachtarán ar Éirinn” é.

Ba í fírinne an scéil go rabhthas sa tóir ar de Valera agus go raibh Éire fós ina cuid d’Impireacht na Breataine. Glacann na Gael-Mheiriceánaigh leis gan aon agó. Ach níorbh fhada go ndeachaigh cúrsaí in aimhréidh.

Is baolach nár chuir an t-achrann idir é agus ceannairí Gael-Mheiriceánacha a mhisean ar fad go Meiriceá de dhroim seoil agus Poblacht óg na hÉireann a bheadh siar leis.

Dé Céadaoin an 18 Meán Fómhair ag 9.30 pm a chraolfar Cuid a Dó agus leantar de chur síos a dhéanamh ar an turas a thug de Valera ar Mheiriceá agus ar an achrann nimhneach a thit amach idir é agus iadsan a bhí i gceannas ansin. Géaraíonn an t-aighneas idir an dá thaobh agus féachann an dá dhream deireadh a chur leis an taobh eile.

Baisteadh tine ó thaobh na polaitíochta a bhí ann do de Valera a bhí nua ag an bpolaitíocht – ach sheas an méid a d’fhoghlaim sé dó agus d’imir tionchar mór air mar pholaiteoir ina dhiaidh sin – tionchar a d’imir seisean arís ar ais ar Éire na linne go ceann leathchéad bliain.

‘De Valera i Meiriceá’ arna stiúradh ag Ciara Hyland ó ForeFront Productions do TG4 agus arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann ón táille Ceadúnais Teilifíse.

Teagmháil do na Meáin
Deirdre Ní Choistín
Bainisteoir Cumarsáide TG4
Deirdre.ni.choistin@tg4.ie
0861453527

Tuilleadh Eolais:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 Deirdre.ni.choistin@tg4.ie 086-1453527

Cuir aithne orainn: