Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Barry Barnes, Mimi Carroll, Padhraig Parkinson & Peter Coonan in ‘Aithrí’ le Tom Collins


TG4 – Satharn Cásca 20/4/19 @ 8.55pm

Fadscannán Gaeilge ‘Aithrí’ le taispeáint den chéad uair ar TG4 faoi Cháisc

09.04.19

‘Aithrí’, fadscannán Gaeilge de chuid Tom Collins atá lonnaithe i nDoire, le taispeáint den chéad uair ar an teilifís ar TG4 faoi Cháisc.

Scéal é ‘Aithrí’ atá bunaithe ar ghearrscéal de chuid Phádraic Uí Chonaire faoi shagart darb ainm Eoin O’Donnell, arb é Peter Coonan ó ‘Love/Hate’ atá sa bpáirt, a ghríosann fear óg darb ainm Antaine le dul chun cogaidh leis an mBreatain i 1916. Ach téann roth mór an tsaoil thart agus leathchéad bliain ina dhiaidh filleann Antaine le díoltas a fháil.

I measc na cléire tá Barry Barnes (Reign of Fire, Michael Collins), an t-aisteoir mór stáitse Barry McGovern (Braveheart, The General), Gerard McSorley (Omagh, Veronica Guerin, Michael Collins), Mimi Carroll (An Klondike/Dominion Creek, I, Dolours), Terry Byrne (Game of Thrones, Veronica Guerin). Tony Devlin (Hart’s War, Band of Brothers) agus Dara Devaney (Murdair Mhám Trasna, An Klondike), chomh maith le Diona Doherty (Derry Girls, The Butchering) agus Padhraig Parkinson.

Arna léiriú ag DeFacto Films i nDoire agus Zanzibar Films le Edwina Forkin, scannán é ‘Aithrí’, arna léiriú agus arna stiúradh ag Collins agus a chomhscríobh Greg Ó Braonáin. I measc saothar eile Collins bhí ‘Kings’, ‘An Bronntanas’ agus ‘An Béal Bocht’.

I ndiaidh an fhógra maidir leis an scannán a bheith á thaispeáint ar TG4 dúirt Tom Collins:

‘Tabharfaidh an taispeántas ar TG4 deis don lucht féachana scannán a fheiceáil faoi charachtair atá i gcás ar leith, iad ag iarraidh dul i ngleic le fréamhacha na staire arb iad is cúis le deighilt an lae inniu’.

Is é Pól Brennan ó ‘Clannad’ a chum agus a chóirigh an ceol don scannán. Is é an cineamatagrafaí aitheanta Ciarán Tanham an Stiúrthóir Fótagrafaíochta agus is é Dermot Diskin a bhí i mbun eagarthóireachta ar ‘Aithrí’.

Maidir leis an scannán, dúirt an Léiritheoir Edwina Forkin ó Zanzibar Films:

“Is iontach an rud é mórscannán Tom CollinsAithrí’ a fheiceáil ar an scáileán. Táimid faoi chomaoin ag muintir Dhún na nGall agus Dhoire, na contaetha ina bhfuil an scannán bunaithe, a d’oibrigh linn chun an scéal seo a thabhairt chuig an scáileán.  Gabhaimid buíochas leis an dream a chuir maoiniú ar fáil, leis an gcliar agus leis an gcriú as a gcúnamh agus chomh dílis is a bhí siad.

I nDoire agus i nDún na nGall a rinneadh scannánú ar an scannán a fuair cúnamh ó TG4, BAI, Fís Éireann (Bord Scannán na hÉireann), An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann agus Alt 481.

Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin:

“Tá ríméad ar TG4 an scannán ‘Aithrí’ a thaispeáint den chéad uair ar an teilifís faoi Cháisc.  Ba togra uaillmhianach a bhí ann a raibh cliar agus criú den chéad scoth ag obair air. Glactar inspioráid ó stair chasta na hÉireann agus cuirtear casadh nua-aimseartha ann – bhí sin riamh ag baint le ‘Súil Eile’ TG4, léargas eile a thabhairt ar shaol na hÉireann agus déantar sin go paiteanta sa scannán fíorspéisiúil seo”.

Dúirt Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann:

“I ndiaidh an scannán a thaispeáint ag féilte scannán i Londain, Chicago agus Gaillimh tá ríméad orm go mbeidh deis anois ag lucht féachana TG4 sult a bhaint as ‘Aithrí’, scéinséir uaillmhianach a bhfuil cliar den chéad scoth ann.  Bíonn a chuid dúshlán féin ag baint le drámaíocht Ghaeilge a léiriú agus bíonn sin níos mó fós nuair a bhíonn roinnt suíomhanna agus tréimhsí ama i gceist mar a bhí sa tionscadal seo.  Bhí ríméad ar Scáileán Thuaisceart Éireann agus an ILBF tacú le forbairt agus léiriú an scannáin seo in éineacht lenár bpáirtithe.

Dúirt Michael O’Keeffe, Príomhfheidhmeannach an BAI:

“Glacadh le fonn le ‘Aithrí’ i bpictiúrlanna agus ag féilte agus tá ríméad orainn go mbeidh sé anois le feiceáil ag lucht féachana TG4 deireadh seachtaine na Cásca.  Chuir an BAI cúnamh maoinithe ar fáil don fhad-dráma seo faoin scéim Fís agus Fuaim, Scéim Maoinithe de chuid an BAI.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fís Éireann, James Hickey:

“Tá infheistíocht agus tacaíocht d’ábhar Gaeilge ina chuid thábhachtach d’obair Fís Éireann agus tá súil againn go mbainfidh lucht féachana TG4 sult as an scannán seo ón déantóir scannán as Doire, Tom Collins, fear a bhfuil gradaim buaite aige.”

Beidh ‘Aithrí’ le feiceáil ar TG4 Satharn Cásca, an 20 Aibreán, ag 8.55pm.

 

CRÍOCH

 

Féach mír bolscaireachta anseo:

https://grabyo.com/g/v/6ZlnKyCLR5e

 

 

Tuilleadh eolais ar an scéal a bhaineann le ‘Aithrí

SLUÁN

Níl aon díoltas ann ach saol maith a chaitheamh

AN SCÉAL

Gríosann an sagart Eoin O’Donnell fear óg darb ainm Antaine le dul chun catha in aghaidh na Sasanach i 1916. Ach téann roth mór an tsaoil timpeall agus leathchéad bliain ina dhiaidh filleann Antaine le díoltas a fháil.

ACHOIMRE

1916: Éirí Amach na Cásca – Gríosóir é an tAthair EOIN O’DONNELL atá cinnte gurb í an lámh láidir an t-aon bhealach leis na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Téann sé i gcion ar fhear óg darb ainm Antaine le dul ag troid ar son na cúise. Ach nuair a théann cúrsaí as smacht maraíonn Antaine a mháthair de dhearmad agus é ag éalú ó phóilíní. Tuigeann an tAthair Eoin ansin go raibh an iomarca tionchair aige ar an bhfear óg agus cuireann an tEaspag go Doire é, na mílte ó bhaile, le AITHRÍ a dhéanamh.

1969 – leathchéad bliain ina dhiaidh Filleann Antaine, a bhfuil cleachtadh maith faoi seo aige ar an ngunna, ar Dhoire agus meabhraíonn d’Eoin an tionchar a d’imir sé air ina fhear óg – an tionchar céanna atá anois aigesean ar FHÉIDHLIM, cléireach.

Tá cúl ar fad tugtha ag Eoin faoi seo d’fhoréigean agus féachann sé a chur ina luí ar Antaine dul i mbun idirbheartaíochta. Ní éiríonn leis agus tuigeann sé nach bhfuil aon dul as, má tá faoi deireadh a chur le cúrsa an fhoréigin, ach teacht idir Féidhlim agus Antaine. Beidh íobairt le déanamh aige – é féin. Sceitheann Eoin ar Antaine. Féachann sé le dul i ngleic lena bhfuil déanta aige agus léann an tAifreann. Nuair a thagann Féidhlim chun an tséipéil lena linn, bíonn siad ar ais san áit ar thosaigh siad.

 

Tuilleadh Eolais:
Trevor Ó Clochartaigh, (087) 2476624 trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: