Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá a chéad mórdheireadh seachtaine spóirt den bhliain nua fógartha ag TG4.

Deireadh Seachtaine Mór Spóirt ar TG4

22.01.19

Idir shraith PRO14 Guinness, Chraobhchomórtas Náisiúnta Cispheile Hula Hoop agus an tSraith Allianz a bheith ar ais, ní féidir a rá gur drochdheireadh seachtaine a bheadh ann le bheith coinnithe istigh más duine tú ar maith leat spórt.

Seo mar a bheidh cúrsaí spóirt ar TG4 an deireadh seachtaine seo:

Dé hAoine 25/01/19 

  • Rugbaí BEO : Laighin v Scarlets sa i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 19.20

Dé Sathairn 26/01/19 

  • Lúthchleasaíocht: Comórtas Idirnáisiúnta Reatha Trastíre Thuaisceart Éireann – Buaicphointí ag 11:05
  • Rugbaí BEO: Dragons v Mumha i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 14:55
  • Rugbaí BEO: Cardiff v Connachta i Sraith PRO 14 Guinness – Beo ag 17:10
  • Cispheil BEO: Cluiche Ceannais Cispheile Hula Hoop Chorn Pat Duffy na bhFear – Pyrobel Killester agus UCD Marian – Beo ag 19:35

Dé Domhnaigh 27/01/19 

  • An tSraith Peile Allianz Muineachán V Áth Cliath. Ar an aer ag 13:30 agus ina dhiaidh sin beidh
  • Clúdach iarbheo ar an tSraith Iomána Allianz  – Loch Garman V Luimneach.
  • Cispheil BEO: Cluiche Ceannais Cispheile Hula Hoop Chorn Paudie O’Connor na mBan – Courtyard Liffey Celtics v Singleton SuperValu Brunell – Beo ag 17:25.