Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Faisnéis agus Ceol Nua an Nollaig seo ar TG4

09.12.19

 

 

Opry le Daniel – Margo 55 Bliain, Oíche Nollag 9:30pm

Clár speisialta ar Oíche Nollag in gcaithfear súil ar shaol agus ar shaothar Margo O’Donnell, deirfiúr Daniel, atá ag ceol le 55 bliain ó bhí sí cheithre bliana déag.

 

Phil Coulter – Mo Shaol, Lá Nollag 9:30pm

Faisnéis nua, ar shaol agus saothar Phil Coulter. Tá cáil ar Phil Coulter mar amhránaí, mar léiritheoir agus mar chumadóir. I measc na n-amhráin atá cumtha aige tá ‘My Boy’ (Elvis Presley), ‘Surround Yourself With Sorrow’ a chan Cilla Black agus ‘Shang-A-Lang’ a bhí ag na Bay City Rollers. Tá cáil faoi leith ar Coulter de bharr na n-amhrán Eoraifíse a chum sé agus i measc na n-amhrán is mó aithne dá chuid tá ‘Scorn Not His Simplicity’ agus ‘The Town I Loved So Well’ a chan Luke Kelly. 50 bliain i saol an cheoil á insint aige féin – Phil Coulter: Mo Shaol.

 

Ar Thóir na Crown Jewels – 28ú Nollaig 7:15pm

In 1907, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, thug glantóir Mary O’Farrell faoi deara gur goideadh na Seoda Corónacha, gan tásc ná tuairisc orthu ó shin. Breis is 100 bliain níos deireanaí, tá Oisín Mistéil, gaol léi, ag fiosrú ceann de na mistéir is mó i stair na hÉireann nár réitíodh riamh, chomh maith leis an gceangal atá ag a chlann féin leis na siombail ríoga de riail na Breataine in Éirinn.

 

Fáilte 2020, Oíche Chinn Bliana 11:20pm 
Cuirfidh Hector Ó hEochagáin agus Eibhlín Ní Chonghaile tús spleodrach leis an mbliain nua beo ó Tigh Pheacocke i gcroílár Chonamara. Beidh Sharon Shannon agus a banna, Frankie Gavin agus Carl Hession, Steve Cooney agus Nan Tom Teaimín, Johnny Óg Connolly agus MC Muipéid i mbun an cheoil, chomh maith le scoth na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí agus go leor eile beo ó chroílár na Gaeltachta agus muid ag cur tús le Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa ar TG4.

 

Fear Darb Ainm Harris, Lá Caille 9:30pm

Clár faisnéise nua faoin aisteoir mór le rá Richard Harris as Luimneach. Má bhí cáil ar Harris de bharr a chuid aisteoireachta i scannáin mhóra Hollywood bhí cáil freisin air de bharr a chuid óil agus ragairne. Fear é a bhí an-bhródúil as a thír dhúchais agus ba mhinic a labhair sé faoi Éirinn agus Luimneach. Déanfar cur síos sa chlár faisnéise seo ar shaol Harris – sna scannáin agus ar stáitse agus ar a shaol pearsanta. I measc na bpearsana mór le rá a bheidh páirteach sa chlár beidh Clint Eastwood, Daniel Radcliffe, Ridley Scott, Jim Sheridan agus Stephen Rea.

 

Oireachtas 2019, 2ú Eanáir 7:30pm
Clár ina ndéantar ceiliúradh ar Oireachtas na Samhna, príomhfhéile na nGael. Cé go bhfuil an tOireachtas á reáchtáil le os cionn céad bliain, níl aidhm na féile athraithe ón mbliain 1897 – is é sin ardán a thabhairt do chultúr na nGael. Sa tsraith seo tugtar tús áite d’iomaitheoirí an Oireachtais agus iad ag ullmhú le tabhairt faoin stáitse. Ní bhíonn acu ach cúpla nóiméad ar an ardán agus ní fheiceann an lucht féachana ach an taispeántas poiblí seo. Buailfimid leis na hiomaitheoirí ag ullmhú agus ag coiriú, iad páirteach i gceiliúradh mór Gaelach na bliana, Oireachtas na Samhna 2019.

 
 

Deis eile féachaint orthu seo: 

 

 
 

Iomramh an Chamino, Lá Nollag 3:10pm
Tabharfaidh na ceoltóirí Glen Hansard, Breandán Ó Beaglaoich, an t-ealaíontóir Liam Holden chomh maith leis an saor cloiche Breandán Ó Muircheartaigh agus an file Domhnaill Mac Síthigh (1951 -2017) aghaidh ar thuras an Camino – turas farraige 2,500KM as Éirinn go Tuaisceart na Spáinne.

 

A Jar with Brendan Behan, 27ú Nollaig 8:30pm
Seó aonair ó na 70í ina bhfuil Niall Tóibín i bpáirt Brendan Behan. Ba í Birgitta Pierre a bhí i mbun stiúrtha agus Godfrey Graham a léirigh an clár. Bhásaigh Niall le gairid. Ar dheis Dé go raibh a anam.

 

Seó Man – Niall Tóibín, 30ú Nollaig 7:30pm
Aisteoir, scéalaí, aorthóir agus fear a raibh bua na cainte aige ab ea Niall Tóibín. Clár ar leith é seo ó New Decade ina dtabharfar léargas de chineál eile dúinn ar shaol agus ar shaothar Tóibín. I measc na rannpháirtithe beidh Eoghan Harris, Gabriel Byrne, David Kelly, Noel Pearson agus Brian Mac Lochlainn. Bhásaigh Niall le gairid. Ar dheis Dé go raibh a anam.

 

De Valera i Meiriceá – Lá le Stiofáin & 27ú Nollaig, 7:30pm
Sraith faisnéise dhá chlár ina ndéantar cur síos den chéad uair ar an turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919. Tharraing an turas céanna achrann agus deighilt i measc Gael-Mheiriceánach cúpla mí sular tharla scoilt sa mbaile in Éirinn faoin gConradh Angla-Éireannach. Déanfar cur síos ar mar a d’éalaigh Éamon de Valera ar bhád go Meiriceá i 1919 agus gur fhógair sé i bhforhalla an óstáin ba rachmasaí ar domhan gurb é “An Chéad Uachtarán ar Éirinn” é.

 

Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige, Lá le Stiofáin 9:30pm
Is áit ann féin é Toraigh, ceann de na hoileáin is iargúlta in Éirinn agus a bhfuil cónaí ar phobal Gaeltachta de chúpla céad duine ann. Mothaíonn lucht an oileáin go bhfuil siad scoite agus stoite agus i bhfad ar an imeall ó na daoine a dhéanann na cinntí i mBaile Átha Cliath. Cén chaoi ar féidir leis an bpobal seo, atá ar imeall na hÉireann agus na hEorpa, an saol atá acu a chaomhnú?

 

Gradam Ceoil 2019, Oíche Chinn Bliana 9:05pm
Gradam Ceoil TG4 2019 as Halla an Waterfront i mBéal Feirste. Tiocfaidh plúr na gceoltóirí ó gach cearn den domhan le chéile don ócáid speisialta seo. Ina measc Tríona Ní Dhomhnaill, Catherine McEvoy, Conor Connolly, Brendan Mulkere, Nicky agus Anne McAuliffe, Four Men and a Dog, Thomas McCarthy agus go leor eile. Á chur i láthair ag Dónal O’Connor agus Doireann Ní Ghlacáin.

 

Song of Granite, 2ú Eanáir 9:30pm
Scannán, a thuill moladh na léirmheastóirí, faoi stiúir Pat Collins a thabharfaidh léargas ar shaol Joe Éinniú as Carna, Co. na Gaillimhe, duine na hamhránaithe ab fhearr riamh i dtraidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós in Éirinn. Is mór an tionchar a bhí ag na hamhráin, na miotais agus na finscéalta air, agus é ag éirí aníos in iarthar na hÉireann i dtús an 20ú céad. Tabharfar cuntas ar Joe Éinniú agus an turas a rinne sé as Conamara go Glaschú ar dtús agus ansin go Nua-Eabhrac agus an tionchar a bhí aige ar a shaol pearsanta.

 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086-1453527

Cuir aithne orainn: