Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Mí Eanáir do pháistí ar Cúla4

19.12.19

Tá rogha na gclár ar fáil do pháistí, tuismitheoirí agus múinteoirí an Eanáir seo gach lá ar Cúla4.  Is féidir teacht ar na cláir freisin ar aip Cúla4 agus ar an seinnteoir Cúla4.com

 

PJ MASKS NUA Luan – Aoine 3:20pm 

PJ Masks ceann de na cláir is deise le páistí réamhscoile. Féach ar PJ Masks gach lá as Gaeilge ar Cúla 4.
Is sraith faoi laochas é seo. Sárlaochas. Ach tá rud amháin difriúil faoin tsraith seo – is gasúir iad na sárloachra. I rith an lae téann Connor, Amaya agus Greg chuig an scoil cosúil le gach gasúr eile, ach san oíche téann na gasúir ar mhisin chun an chathair a choinneáil slán. Caithfidh siad fanacht go mbeidh sé dorcha sa chaoi agus nach n-aithneofar iad. Is sárlaochra anois iad Catboy, Owlette agus Gekko – na PJ Masks!

Blaisín:

 
 

Curious George – Luan – Aoine 9:00am

Beochan é Curious George bunaithe ar leabhair Margret agus H.A. Rey. Will Ferrell an príomhaisteoir sa scannán seo faoi stiúir Matthew O’Callaghan. Is fear uasal é an fear a mbíonn an hata buí air a thugann aire dá pheata beag – moncaí – peata fiosrach agus aoibhinn a ligeann dá dhíograis an ceann is fearr a fháil air!

 
 

An Siopa Ealaíne – Gach Céadaoin 3:30pm / Dé Sathairn 9:50am

Foirfe do laethanta báistí tar éis na scoile!
Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne ar bhealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Tagann a cairde ar cuairt gach lá agus iad ag lorg comhairle ealaíne uirthi. Beidh neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa. Fáilte isteach!

 
 

Cúla4 do Pháistí Níos Sine

Clarence – Luan – Aoine 4:26pm

Beidh aithne ag páistí ar Clarence ón Cartoon Network. Tá sé le feiceáil ar Cúla4 as Gaeilge.
Is buachaill lách, spraíúil é Clarence nach bhfuil urchóid ar bith ann agus a cheapann nach bhfuil dochar in aon duine. Sumo agus Jeff na cairde is fearr aige. Tá samhlaíocht ar leith aige agus is minic a tharraingíonn sin trioblóid air!

 
 

Adventure Time – Dé Máirt & Dé Céadaoin 5:20pm

Buachaill dhá bhliain déag é Finn a bhíonn ag comhrac an oilc i dTír Ooo. Níl sé gan cúnamh mar go bhfuil a mhadra Jake aige, madra a bhfuil draíocht aige. Is minic gurb é an Rí Seaca, atá ag cuardach bean le pósadh, a bhíonn le cloí ag Finn agus Jake. Tá sé socraithe anois ag an Rí an Banphrionsa Bubblegum a phósadh in aghaidh a tola. Caithfidh Finn, Jake agus a gcairde an banphrionsa a choinneáil slán uaidh!

 
 

C.L.U.B – Déardaoin 5:05pm

Seó spraíúil, bríomhar faoi chumann CLG ar fud na tíre agus an spraoi a bhíonn ag na daoine a bhíonn páirteach iontu. Cárthach Bán Breathnach a chuirfidh C.L.U.B. i láthair. Tabharfaidh sé aghaidh ar chumainn éagsúla CLG ó Ghaoth Dobhair go Corcaigh, as Conamara go Baile Átha Cliath chun bualadh le himreoirí na gcumann. Rachaidh imreoirí óga chun páirce chun scileanna nua a chleachtadh agus beidh siad sa stiúideo chun cluichí a imirt. Agus ag deireadh gach cláir, gheobhaidh imreoir amháin an deis an cóitséalaí is géire sa chumann a thumadh sa Dunk Tank! Díoltas ar ndóigh as an méid rith a bhíonn le déanamh ag traenáil!
 

Is féidir féachaint ar chláir Cúla4 am ar bith ag cula4.com